‘Tá sí go breá. Cúpla ceann eile, le do thoil.’ Shín Alex a mhéar i dtreo na stéigeacha.

‘Ceart go leor. Cuairteoirí agaibh don dinnéar, is dócha?’

‘Agus deich ngríscín, fiche slisne bágúin, an uaineoil sin ar fad, gach píosa sicín atá agat, agus, ó, píosa maith liamháis freisin.’

Bhí a bhéal ar leathadh ag an mbúistéir ach ní dúirt sé focal. Líon sé dhá mhála leis an bhfeoil go léir a d’ordaigh Alex.

Shiúil Alex abhaile le Mamó Tóibín. Bhí seisean ag smaoineamh go tréan agus bhí a mhamó ag cogaint go sásta ar ghríscín uaineola.

‘Hé, a Alex. Hé, a Bhean Tóibín.’
Emily Madden a bhí ann.
Bhí sí ina suí ar an mballa ag teach a haintín.
‘Hé, a Emily.’

Ní raibh mórán cairde ag Alex, ach thaitin Emily leis ceart go leor. Bhí sí cosúil leis féin, ag tabhairt aire di féin mar go mbíodh a mam agus a daid as baile go minic.

‘Cén fáth a bhfuil do mhamó ag féachaint orm mar sin?’

Dhreap Emily anuas den bhalla agus chúlaigh sí beagán.

24
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 24

Scéalta