Caibidil 5: Mianta a bhí Caillte le Fada

Bhí Alex agus Emily ag féachaint ar pháirc imeartha na scoile.

Bhí roinnt páistí móra ag imirt peile sa phuiteach.

‘Iontach. Beidh na seomraí gléasta ar oscailt. Seo linn,’ arsa Alex agus é ag deifriú i dtreo na scoile.

Bhfuil cead againn?’

Bhí Emily ag rith i ndiaidh Alex.

‘Níl.’

‘A dhiabhail, a Alex, tá tú go dona ar fad.’

Ní fhaca aon duine iad ag dul sna seomraí gléasta agus as sin isteach sa scoil.

Bhí sé aisteach a bheith sa scoil agus í folamh. Bhí ciúnas sna seomraí ranga a bhí cosúil le cogarnaíl taibhsí.
De ghnáth, bhíodh torann agus guthanna páistí ag clagarnaíl ar fud na háite.

Bhí sé aisteach freisin, arsa Alex leis féin, a bheith sa scoil gan éide scoile air.
Aisteach deas.
Seo an saol ba mhaith leis, ag déanamh a rogha rudaí, gan rialacha ar bith.

‘An treo seo,’ arsa Alex.

29
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 29

Scéalta