‘Rinne mé an leabhar agus is maith liom dul ar cuairt air anois is arís, go bhfeicfidh mé cad atá ar siúl ann.’
Rinne an dia sclogaíl gháire, díreach cosúil leis an ngáire a chuala Alex sa leabharlann.
‘Ní thuigim cén fáth a bhfuil tú ag gáire.’
Bhí fearg ar Alex.
‘D’imir tú cleas gránna ar gach duine atá anseo.’
Agus cad atá cearr le cleasanna gránna?’
Bhí guth uafásach Janus fós i gcluasa Alex nuair a stop an dia ag labhairt.

Cad a bhí cearr le cleasanna gránna?
Ní raibh freagra éasca ag Alex ar an gceist sin – an sórt céanna ceiste a chuireadh sé féin, nuair a deireadh daoine go raibh sé dána.

‘Chuir tú brón an domhain ar a lán daoine,’ arsa Alex faoi dheireadh.
‘Ach cén fáth a bhfuilimse anseo?’

‘Nach cuimhin leat an mhian a scríobh tú? Ba mhaith leat a fháil amach cad a tharla do na daoine eile a scríobh mianta sa leabhar, a dúirt tú.’

Rinne an dia gáire arís.

‘Beidh cead agat dul abhaile tar éis duit labhairt le gach duine anseo.
Ach an bhfuil a fhios agat cad é?’
‘Cad é?’ arsa Alex.
‘Tá daoine nua ag teacht anseo gach lá. Níl seans ar bith agat labhairt leo go léir.
Ní bheidh tú ábalta imeacht go deo. Há, há, há!’

41
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 41

Scéalta