Ach bhí an leabharlann leadránach freisin. An-leadránach. Ní raibh faic le déanamh aige. Ní raibh rialacha le briseadh. Ní raibh damháin alla le fáil. Ní raibh liathróid aige. Dá mbeadh liathróid aige, d’fhéadfadh sé peil a imirt in aghaidh na seilfeanna. Ní raibh faic aige, ná faic le déanamh.

Bhí uaigneas ag teacht air agus é ag smaoineamh ar a rang. Ach an chéad rud eile, d’imigh an solas as. Bhí an leabharlann dorcha ar feadh nóiméid. Thosaigh croí Alex ag preabadh. Agus ansin chonaic sé leabhar thíos i gcúinne an-dorcha den seomra.
Leabhar mór aisteach a bhí ann. Leabhar amaideach freisin, ar sé leis féin. Bhí peil agus cluichí ríomhaire i bhfad níos fearr ná leabhar ar bith. Ach bhí an leabhar seo an-mhór. Bhí dath an-dearg ar an gclúdach, a bhí déanta as leathar tiubh. Bhí an leabhar an-trom freisin, agus bhí sé deacair é a thógáil amach as an gcúinne. Bhí sé ina luí ansin le fada, is dócha, mar go raibh sé clúdaithe le deannach.

Shéid Alex an deannach den chlúdach. Aisteach go leor, ní raibh teideal ar an leabhar. Ach bhí pictiúr órga ar an gclúdach – pictiúr a thaispeáin dhá aghaidh, ceann amháin ag gáire agus an ceann eile ag gol. D’oscail Alex an clúdach trom go mall. Bhí na leathanaigh an-tiubh. Cheap sé go raibh siad beo agus iad ag bogadh faoina mhéara.

Ansin tháinig díomá air. Ní raibh faic scríofa sa leabhar. Gach leathanach folamh seachas an chéad cheann. Abairt amháin a bhí scríofa ansin, i litreacha móra órga:

4
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 4

Scéalta