Thóg Alex amach a pheann dubh agus rinne sé pictiúr de dhamhán alla, a raibh fiacla gránna aige. Bhí nimh ag sileadh ó na fiacla gránna sin. Thóg sé amach a pheann dearg agus rinne sé pictiúr de ghaiste, chun breith ar ainmhí nó ar dhuine.

Bhí spící géara ag bun an ghaiste. Ansin thóg sé amach a pheann glas agus scríobh sé i litreacha móra:

'TÁ CONSÓL CLUICHÍ UAIM. CEANN BREÁ NUA.'
Cheap sé gur chuala sé gáire - sclogaíl gháire a bhí beagán scanrúil.
Tháinig am lóin. Ní raibh cead ag Alex Zwick an scoil a fhágáil, ach shiúil sé amach go dtí an siopa chun criospaí a cheannach. Nuair a bhí na criospaí ite, chaith sé an mála ar an talamh. Ní raibh sin ceadaithe ach oiread, ach ní raibh bosca bruscair in aice leis. Bhí sé sásta leis féin agus é ag siúl ar ais ar scoil.

An chéad rud eile, tháinig leoraí mór torannach síos an bóthar. Bhí an leoraí ag dul ar luas mire agus ní raibh sé ábalta stopadh. Tháinig gluaisteán beag ón treo eile. Sciorr an leoraí ar dheis. De phléasc uafásach, bhuail sé fuinneog siopa, a bhris ina smidiríní.

De phlab mór, bhuail an gluaisteán faoin leoraí.

6
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 6

Scéalta