![](https://leighleat.com/rails/active_storage/representations/redirect/eyJfcmFpbHMiOnsibWVzc2FnZSI6IkJBaHBBbFFDIiwiZXhwIjpudWxsLCJwdXIiOiJibG9iX2lkIn19--2ef66331eced5632156dc06b14d0d2aa89383537/eyJfcmFpbHMiOnsibWVzc2FnZSI6IkJBaDdCem9MWm05eWJXRjBTU0lJY0c1bkJqb0dSVlE2RkhKbGMybDZaVjkwYjE5c2FXMXBkRnNIYVFJVUJXa0NGQVU9IiwiZXhwIjpudWxsLCJwdXIiOiJ2YXJpYXRpb24ifX0=--75ded2f74b85e036e2f40a678093f74fb1781e2a/an%20luch%20tuaithe%20png.png)
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
An Luch Tuaithe agus an Luch Baile
Bhí aithne ag luch tuaithe agus luch baile ar a chéile, uair amháin,
agus thug an luch tuaithe cuireadh don luch baile teacht chun é a fheiceáil
ina bhaile féin sna páirceanna.
Tháinig an luch baile agus shuigh siad síos don dinnéar de fhréamhacha agus eorna,
a raibh blas an chré uathu. Níor thaitin an bia ró-mhór leis an aoi agus sa deireadh dúirt sé:
“Mo chara bocht, ní mhaireann tú anseo níos fearr ná na seangáin.
Ba chóir duit teacht abhaile liomsa agus féachaint ar an rogha bia a bhíonn agamsa gach lá.
Geallaim duit rogha gach bia agus togha gach di.”