Cabidil 3: Cnag…Cnag…

Bhí Alex Zwick dána, mar a thuig sé féin.
Ach bhí sé cliste freisin. An-chliste, dáiríre.

Thuig sé go raibh draíocht sa leabhar sin.
Thuig sé conas mar a fuair sé an consól. Shuigh sé sa rang san iarnóin agus é ag smaoineamh ar na mianta go léir a bhí aige.Mianta móra, ar ndóigh. Mianta deasa. Mianta iontacha.
An peileadóir is fearr ar domhan?
Sár-réalta i mbanna ceoil? Na marcanna is fearr sa rang?
Nó cístí milse a ithe an lá ar fad?

Roimh imeacht abhaile ón scoil, d’iarr Alex ar a mhúinteoir an leabharlann a oscailt dó. Bhí iontas ar Chlíona ach bhí sí sásta ag an am céanna.

‘'Cinnte, a Alex. Ar mhaith leat leabhar a fháil? Déan deifir, le do thoil.’'

‘'Cinnte, dearfa.’'
Dheifrigh sé go dtí an cúinne dorcha ina raibh an leabhar mór draíochta. Tharraing sé amach é agus scríobh sé ar an leathanach bán:
BA MHAITH LIOM A BHEITH SAIBHIR.
Thuas in airde, nó b’fhéidir thíos faoi? Chuala Alex duine éigin ag sclogaíl gháire.

8
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 8

Scéalta