![](https://leighleat.com/rails/active_storage/representations/redirect/eyJfcmFpbHMiOnsibWVzc2FnZSI6IkJBaHBBa2NCIiwiZXhwIjpudWxsLCJwdXIiOiJibG9iX2lkIn19--9f27e30bee646548b567c7b80619544537990d34/eyJfcmFpbHMiOnsibWVzc2FnZSI6IkJBaDdCem9MWm05eWJXRjBTU0lJYW5CbkJqb0dSVlE2RkhKbGMybDZaVjkwYjE5c2FXMXBkRnNIYVFJVUJXa0NGQVU9IiwiZXhwIjpudWxsLCJwdXIiOiJ2YXJpYXRpb24ifX0=--8e3dd8dfbf86412e9a30147ef76c803436538336/Giorria.jpg)
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
An Giorria agus a Chairde
Bhí giorria ann, uair amháin, agus bhí an méid sin cairde aige sa choill agus sna páirceanna gur cheap sé go raibh níos mó grá dó ná mar a bhí d'aon ainmhí eile.
Lá amháin, chuala sé na cúnna ag druidim leis agus dúirt sé leis féin:
“Cén fáth an mbeadh ar ainmhí chomh geanúil liomsa dul ag teitheadh gach uair a chloisim na cúnna ag teacht?”
Mar sin, chuaigh sé chuig an gcapall agus d'iarr sé air é a iompar ar a dhroim chun éalú ó na madraí.
“Ba bhreá liom é sin a dhéanamh,” arsa an capall, “ach faraor, tá gnó práinneach le déanamh práinneach le déanamh agam anois do mo mháistir.”