An Sionnach agus an Préachán
Tháinig préachán ar phíosa cáise, lá, agus d'eitil sí suas ar ghéag crainn a bhí in aice léi chun í a ithe ar a suaimhneas. Ach leag sionnach súil uirthi agus smaoinigh sé ar an gcáis a fháil dó féin mar go raibh an-ocras air.
Mar sin, shuigh sé faoin gcrann agus thosaigh sé ag labhairt go bladarach leis an bpréachán.
“Conas tá tú, a phréacháin, a chara? Nach breá an chuma atá ort inniu. Féachann tú chomh láidir agus chomh huasal. Níor chuala mé ag canadh tú riamh ach táim cinnte go bhfuil do ghuth chomh hálainn leat féin.”