![](https://leighleat.com/rails/active_storage/representations/redirect/eyJfcmFpbHMiOnsibWVzc2FnZSI6IkJBaHBlUT09IiwiZXhwIjpudWxsLCJwdXIiOiJibG9iX2lkIn19--ace5f9f411efa35a0b0b9f8c9ed279eb2d99bde4/eyJfcmFpbHMiOnsibWVzc2FnZSI6IkJBaDdCem9MWm05eWJXRjBTU0lJY0c1bkJqb0dSVlE2RkhKbGMybDZaVjkwYjE5c2FXMXBkRnNIYVFJVUJXa0NGQVU9IiwiZXhwIjpudWxsLCJwdXIiOiJ2YXJpYXRpb24ifX0=--75ded2f74b85e036e2f40a678093f74fb1781e2a/Chicken%20lth%201%20png.png)
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
An Cailín Bleánaí agus an Feadhnach
Go luath maidin amháin, bhí cailín bleánaí ar a bealach chuig an margadh ag iompar feadhnach bainne ar bharr a cinn. Fad is a shiúil sí ar aghaidh thosaigh sí ag smaoineamh ina ceann céard a dhéanfadh sí leis an airgead a gheobhadh sí ón mbainne.
“Ceannóidh mé cearca ó chomharsa,” a dúirt sí léi féin, “agus béarfaidh siadsan uibheacha gach lá. Nuair a ghorann na huibheacha beidh sicíní agam agus díolfaidh mé iadsan ag an margadh. Leis an airgead a gheobhaidh mé ó na sicíní ceannóidh mé gúna nua dom féin a chaithfidh mé ag an aonach. Agus beidh meas ag na fir óga go léir orm agus beidh suim acu mé a phósadh.Ligfidh mé orm nach bhfeicim iad agus nuair a leanfaidh siad orthu dom' chrá croithfidh mé mo cheann le dímheas, mar seo.”