Caibidil 4: Mallacht na bPictiúr

Alex ina luí sa leaba ar maidin Shathairn.
Bhí sé buartha, ach ní raibh sé cinnte cén fáth.
Cúis amháin, b’fhéidir, ná go raibh zombaí sa teach leis.
Cúis eile ná go raibh an leabhar draíochta ag magadh faoi.
Bheadh daoine eile an-bhuartha faoin méid sin.
Ach rud eile a bhí ag cur creatháin eagla ar Alex – rud éigin sna drochbhrionglóidí a bhí aige.

Sheas sé sa seomra folctha, ag scuabadh a chuid fiacla.
Agus bhí an t-ádh air gur fhéach sé sa scáthán.
Chonaic sé go raibh scáil dhorcha taobh thiar de.
Stop sé ag scuabadh.

Bhí rud éigin mór, marfach sa seomra, gan fuaim ar bith as.
Bhí sé an-ghar d’Alex, ach thuas in airde ar an tsíleáil.
Ní raibhAlex cinnte cad a bhí ann, ach phreab sé féin amach as an seomra ar luas mire.

Ansin d’fhéach sé ar ais. Bhí an t-ádh dearg air gur éalaigh sé in am.

19
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 19

Scéalta