Bhí tuirse air ach thosaigh sé ag smaoineamh ar a chéad mhian eile.
Péire buataisí peile a scórálfadh cúl arís is arís eile?
Ach abair gur imir an leabhar cleas air.

An ngreamódh na buataisí ar a chosa go brách? Nó an scórálfadh sé gach cúl do fhoireann eile?
Bheadh air a mhianta a scríobh amach go han-chúramach, chun stop a chur leis na cleasa.

Thit sé ina chodladh agus é fós ag smaoineamh ar na buataisí draíochta.
Chuala sé cogarnaíl ina chuid brionglóidí.
Chuala sé báisteach ar an díon, agus tochailt amuigh sa ghairdín.

Ach ní raibh báisteach ag titim an oíche sin.
Bhí Alex ina luí sa leaba, ag casadh is ag corraí an oíche ar fad, agus a cheann lán de dhrochbhrionglóidí.

18
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 18

Scéalta