‘Imigh leat tú féin! Bhí mise anseo ar dtús.’ Bhí an buachaill misniúil, ach amaideach.

Thóg Alex dhá leabhar mór crua den tseilf. Bhí eagla ag teacht ar an mbuachaill.
Shiúil Alex ina threo go mall agus é ag faire go géar ar an mbuachaill.
Bhí sé chun an dá leabhar a bhualadh go tréan ar a chluasa.

‘Bhí mé ag imeacht ar aon nós,’ arsa an buachaill. D’fhág sé a leabhar ar an urlár agus é ag deifriú amach.

Chuir Alex an doras faoi ghlas. Ansin chrom sé síos ar an urlár agus tharraing sé amach an leabhar draíochta. Bhí a chroí ag preabadh, agus creatháin eagla ag rith ar a chraiceann. Mar sin féin, d’oscail sé an clúdach mór dearg.

Aisteach go leor, gach rud a scríobh sé cheana bhí sé imithe. Na pictiúir a rinne sé bhí siad imithe. Bhí gach leathanach bán, folamh. Bhí grainc chrosta ar Alex agus é ag scríobh lena pheann glas.

TABHAIR AR AIS MO MHAMÓ!

An uair seo chuala sé an gáire go hard, soiléir. Ón leabhar a tháinig sé.
Dhún Alex an clúdach mór leathair de phlab. Bhí olc air. Bhí an leabhar ag pleidhcíocht agus ag méiseáil leis anois, an raibh? Ach ní raibh cead ag aon duine sin a dhéanamh ar Alex Zwick.
Bhí lánchead ag an leabhar a bheith ag gáire, ach bhí Alex chun a mhianta a fháil.

Fuair Alex an rud a bhí uaidh i gcónaí.

13
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 13

Scéalta