![](https://leighleat.com/rails/active_storage/representations/redirect/eyJfcmFpbHMiOnsibWVzc2FnZSI6IkJBaHBLZz09IiwiZXhwIjpudWxsLCJwdXIiOiJibG9iX2lkIn19--3eb4097096a70fbf4800091f4fab16e60c503c68/eyJfcmFpbHMiOnsibWVzc2FnZSI6IkJBaDdCem9MWm05eWJXRjBTU0lJYW5CbkJqb0dSVlE2RkhKbGMybDZaVjkwYjE5c2FXMXBkRnNIYVFJVUJXa0NGQVU9IiwiZXhwIjpudWxsLCJwdXIiOiJ2YXJpYXRpb24ifX0=--8e3dd8dfbf86412e9a30147ef76c803436538336/6_Zombie%20Granny.jpg)
![](/assets/Home-68162fc7cdb903df61529e1dd4ccd844fb348a742d4411ac085180fdbde18665.png)
![](/assets/next-9a02a9009c41cbe1fa264064a28f40517e885bc8a63334c7a8971441323849fa.png)
Chuaigh Alex abhaile go dtí a theach féin an tráthnóna sin. Ach ní raibh a mhamó ann. B’fhéidir nach raibh an leabhar ábalta duine a thabhairt ar ais ón mbás?
Réitigh sé pónairí ar arán tósta dó féin agus thosaigh sé ag féachaint ar an teilifís. Ba bheag nár dhearmad sé a mhian tar éis tamaill. Léim sé den tolg nuair a chuala sécnagadh tréan ar an doras.
Cnag… Cnag… ‘A Mhamó?’
D’oscail sé an doras.
A mhamó a bhí ann ceart go leor - ach bhí sí difriúil. Aisteach difriúil.
Shiúil sí isteach gan féachaint ar dheis ná ar chlé. Bhí a lámha sínte amach aici agus a cosa ag preabadh ar bhealach aisteach.
‘Bia.’ Bhí a guth íseal, piachánach.
‘A Mhamó. Ná féach orm mar sin. Tá tú ag cur as dom.’
![](/assets/prev-95273c208154e33601efad44d71020fddd8233811959c1ffb857b4da0e90333a.png)
Leathanach 14