‘A Mhamó?’ Sheas Alex os a comhair.
Bhí iontas agus beagán eagla air.

Níor fhreagair Mamó Tóibín é. Chrom sí ar leataobh chun an teilifís a fheiceáil arís.
Chroith Alex a ghuaillí agus d’fhág sé an seomra. Bhí olc air leis an leabhar.
D’imir an leabhar cleas gránna air arís. Bhí mamó zombaí ag Alex anois agus is dócha go raibh an leabhar ag scige agus ag gáire faoi.

Cad a dhéanfaidh mé? ar sé leis féin.
Lig sé osna agus thóg sé an guthán.
Ghlaoigh sé ar uimhir an-fhada. Tar éis tamaill, d’fhreagair a dhaid é.

‘A Alex? Nach dtuigeann tú go bhfuil sé a ceathair a chlog ar maidin anseo?’
‘A Dhaid, is zombaí í Mamó.’

‘Ná habair gur ghlaoigh tú orm chun sin a rá liom? Seo, tuigim go maith.
Is zombaí í le fada, is minic a dúirt mé féin é.’

‘Ní thuigeann tú. Is zombaí í dáiríre. Tá a guth íseal agus d’ith sí pláta ispíní agus bagúin a bhí amh.’

‘Éist, tá do mham anseo. Mínigh di siúd é.’
Chuala Alex a dhaid ag gearán lena mham faoi dhúiseacht i lár na hoíche.

‘A Alex? Cad atá cearr?’ a d’fhiafraigh a mham.

16
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 16

Scéalta