‘Tá rud éigin cearr le mamó. Chas sí ina zombaí.’

Mhínigh Alex arís conas mar a d’ith a mhamó feoil amh. Ach ní dúirt sé focal faoin leabhar draíochta. Rún a bhí ansin agus ní chreidfeadh a mham é, ar aon nós.

‘Feoil amh? Éist, cuir glaoch ar an dochtúir. Tá a uimhir sa tarraiceán. Déarfaidh seisean leat cad is fearr a dhéanamh.’

‘Ceart go leor,’ arsa Alex go míshásta. Ní chabhródh an dochtúir leis. Cén leigheas a
bhí ar zombaí? Seans go mbeadh Mamó Tóibín ag iarraidh croí an dochtúra a ithe.
‘Bí go maith, a Alex, nach mbeidh?’
‘Ní bheidh,’ arsa Alex, mar a deireadh sé i gcónaí.

Bhí a mhamó fós ag féachaint ar scannáin uafáis nuair a chuaigh sé ina luí.
Thuig sé anois go raibh an leabhar ag iarraidh praiseach a dhéanamh dá shaol. Ach ní chuirfeadh sin stop leis. Bhí Alex chun a mhianta a fháil ar aon nós. Trua go raibh mamó zombaí aige, ach sin mar a bhí.
Ní raibh le déanamh ach an cuisneoir a líonadh le feoil amh.
Thosaigh sé ag gáire agus é ag smaoineamh ar a mhamó.
Abair gur iarr sé ar an rang ar fad teacht abhaile leis – agus ansin gur lig sé a mhamó zombaí isteach sa seomra?

Rithfeadh na páistí ón teach ag béicíl agus rithfeadh Mamó Tóibín ina ndiaidh.
Nó abair gur tháinig Bean Uí Néill isteach sa teach – agus go bhfaca sí Mamó Tóibín ag ithe bagúin agus ispíní amha as an gcuisneoir? Scanrófaí an croí aisti! Leath gáire mór ar bhéal Alex. Sea, gheobhadh sé a mhianta, pé rud a dhéanfadh an leabhar.

17
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 17

Scéalta