Seans nach bhfaca tú riamh damhán alla neirbhíseach?
An rud a tharlaíonn ná go luascann sé ó thaobh go taobh, a shúile ag lonradh le heagla.
Chúlaigh an ceann seo agus é ag faire ar Mhamó Tóibín.
Chúlaigh sé suas an staighre, a shúile lonracha ag faire go cúramach ar an zombaí aisteach a bhí ag spágáil ina threo.

‘Seo leat, a Mhamó! Seo leat!’
Bhí Alex ag damhsa agus ag léim taobh thiar dá mhamó. Bhí áthas an domhain air faoin méid a bhí ag tarlú.
Chúlaigh an damhán alla isteach sa seomra breise, an ceann ina gcodlaíodh tuismitheoirí Alex nuair a bhíodh siad sa bhaile. Léim Alex go dtí an doras go tapa. Dhún sé de phlab é agus chas sé an eochair go sásta.
‘Bricfeasta?’ arsa Mamó Tóibín go díomách.
‘Nóiméad amháin agus rachaimid go dtí an siopa búistéara. Tá béile maith tuillte agatsa go cinnte!

Ach nuair a d’oscail Alex an doras tosaigh, thuig sé eile go raibh rud éigin cearr. Bhí an lá go breá grianmhar agus bhí an damhán alla faoi ghlas sa seomra codlata. Ach fós, bhí rud éigin cearr.
D’fhéach Alex suas in airde go cúramach, ach ní fhaca sé aon scáil dhorcha.
D’fhéach sé ar an ngairdín, a bhí ciúin, socair. Bhí rud éigin aisteach ar siúl sa ghairdín, mar sin féin. Bhí an áit ciúin, socair, ach bhí na duilleoga ag corraí, dar leis.

Duilleog amháin agus ansin ceann eile. An raibh cat i bhfolach sna sceacha?

21
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 21

Scéalta