Shiúil Alex amach an doras go mall.
Thit an cosán faoina chosa.
Thit Alex isteach i ngaiste. Agus thíos faoi, bhí spící géara déanta as adhmad.
Bhí an t-ádh ar Alex gur shiúil sé go mall.
Níor thit sé síos go bun an ghaiste.
Bhí sé ábalta breith ar an dá thaobh lena lámha.
Ach bhí na spící géara sin thíos faoi.
Ansin chuala sé guthanna beaga arda.

‘Hurá! Tá sé againn, a bhuachaillí.’ ‘Seo linn!’

Hataí beaga dearga a chonaic Alex.
An chéad nóiméad eile, bhí cealga ina mhéara.
Bhí na feairíní á ghortú lena slata iascaireachta! Bhí pian uafásach i méara Alex.
Bhí rogha aige idir an phian ina mhéara agus bás a fháil ar na spící thíos ag bun an ghaiste.

‘A Mhamó! Cabhraigh liom!’
‘Bricfeasta?’ Chuala sé guth a mhamó taobh thiar de.
‘Sea, bricfeasta. Ith suas iad!’
‘Rithimís, a bhuachaillí!’

Thug a mhamó lámh d’Alex chun é a tharraingt amach as an ngaiste.
Bhí an-áthas a bheith slán, cé go raibh lámha mamo comh fuar leis an mbás.

22
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 22

Scéalta