Thuig Alex go raibh an rud a dúirt sé léi fíor.
Bheadh sé an-scanrúil teacht isteach sa scoil leis féin.
Den chéad uair ina shaol, bhí sé sásta go raibh cara aige.

‘Ceart go leor. Ar aghaidh linn,’ arsa Emily go misniúil, agus rinne Alex miongháire léi.

Shiúil siad go mall, ciúin suas an seanstaighre go dtí an leabharlann.
Bhí solas gruama an gheimhridh ag teacht isteach na fuinneoga.
Stop Alex nuair a shroich siad doras mór. Miongháire neirbhíseach a rinne sé an uair seo.

Istigh sa leabharlann, bhí ciúnas trom san aer, díreach mar a bhí sna seomraí ranga.
Bhí an áit dorcha, ach níor las siad solas, ar eagla go bhfeicfeadh duine éigin amuigh sa pháirc é.
Shiúil Emily agus Alex idir na seilfeanna leabhar.
Bhí scáileanna dorcha i ngach cúinne.

‘Féach ansin,’ arsa Alex de chogar tobann.
Tá sé millteach mór,’ arsa Emily.

Chrom siad síos faoin tseilf agus tharraing siad amach an leabhar.
Leag siad ar an deasc é de phlab.
Chuir Emily a méar ar na pictiúir órga ar an gclúdach.

Cuireann sé preab i mo mhéara,’ ar sí.

31
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 31

Scéalta