D’oscail Alex an leabhar agus chonaic sé na litreacha móra arís eile.

‘CAD É DO MHIAN?’

‘Cá bhfuil na mianta a scríobh tú?’ a d’fhiafraigh Emily.
‘Agus na pictiúir a rinne tú?’

‘Imíonn siad as radharc.’

D’fhéach Emily go géar ar an leathanach. Ansin chas sí go dtí an chéad cheann eile.

‘Is féidir liom scríobh a fheiceáil, ach ar éigean.’

Bhí rian na bhfocal le feiceáil, cosúil le taibhsí nó scáileanna boga. Agus de réir mar a d’fhéach siad ar gach leathanach, bhraith Alex agus Emily go raibh na céadta mílte mian faoina méara, b’'fhéidir na milliúin mian a bhí caillte le fada.

Gach sórt mianta: ór agus seoda; cáil agus moladh; grá buan álainn; mianta dul go dtí an ghealach agus dul siar san am; mianta a bheith dathúil agus a bheith láidir.
Gach mian a bhí ag aon duine riamh, bhí sé anseo sa leabhar.

‘A leithéid. Creidim anois gur fíorleabhar draíochta é,’ arsa Emily de chogar iontais.

‘Ceart agat.’

32
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 32

Scéalta