Chas siad na leathanaigh arís eile. Chuir siad a méara orthu.
Bhraith siad na mianta go léir a scríobh daoine síos fadó fadó.

‘An bhfuil tú chun mian nua a iarraidh?’

Bhí siad leathbhealach tríd an leabhar nuair a chuir Emily an cheist ar Alex.

‘Táim. Imreoidh an leabhar cleas orm, ach tá smaoineamh agam.’

Theastaigh ó Alex labhairt go díreach leis an leabhar, ach bhí eagla air go mbeadh Emily ag gáire faoi. Ansin d’fhéach sé uirthi agus chonaic sé go raibh sí an-dáiríre.

D’fhéach sé ar ais ar an leabhar, a ghuth crosta, fíochmhar.

‘Éist liom anois, a leabhair,’ ar sé.
‘Tá mé chun mian a iarraidh. Agus má imríonn tú cleas orm, stróicfidh mé amach cúpla leathanach, an dtuigeann tú, díreach mar seo?’

Tharraing Alex go tréan, fíochmhar ar chúinne leathanaigh agus é ag iarraidh é a stróiceadh. Ach níor tharla aon rud. Bhí an páipéar cosúil le plaisteach. Ní raibh Alex ábalta é a stróiceadh. Chuala siad sclogaíl gháire sa seomra.
Bhraith siad go raibh an áit dubh dorcha.

‘Ar chuala tú sin?’ arsa Emily, agus uafás uirthi.
Sin an gáire gránna atá aige.’

Bhí misneach fós ag Alex, mar sin féin. Thóg sé bosca cipíní amach.

33
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 33

Scéalta