D’fhág sé slán léi agus lean sé ag siúl.
Nuair a bhí sé leathbhealach go dtí an pálás bán, chonaic sé ainmhí brónach ina luí ar an ngaineamh.
Síota a bhí ann, ainmhí a bhíonn contúirteach de ghnáth. D’fhéach Alex air go neirbhíseach. Bhí iontas air nuair a labhair an síota leis.
‘Heileo, a bhuachaillín.’
‘Is féidir leat labhairt?’ arsa Alex leis an ainmhí.
‘Is féidir,’ arsa an síota go brónach. ‘Fear ab ea mé fadó.’
‘Cad a tharla?’ arsa Alex.

‘Scríobh mé mo mhian i leabhar draíochta: go rithfinn níos tapúla ná aon duine eile. Agus féach cad a tharla dom.’

‘Tuigim,’ arsa Alex.

Ní dúirt an síota aon fhocal eile, ach
chuir sé síos a cheann ar a chrúba go brónach.

Lean Alex ag siúl ar an gcosán.

Faoi dheireadh, tháinig sé go dtí an pálás
ollmhór.
Shiúil sé isteach idir clocha arda bána.
Istigh sa phálás, bhí halla mór millteach, agus i lár an halla,
bhí ríchathaoir ann.
Bhí fear an-mhór ina shuí ar an gcathaoir – fathach a raibh dhá aghaidh air.
Bhí gáire gránna ar aghaidh amháin, agus grainc fheargach ar an aghaidh eile.

39
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 39

Scéalta