‘Is buachaill dána tú! Ná labhair liomsa mar sin!
Rí ab ea mé, rí iontach cumhachtach.
Chuirfinn sa phríosún tú as labhairt liom mar sin.

Ach ní raibh an seanfhear crosta rófhada.

‘Tá an ceart agat, ar ndóigh. Mian amaideach a bhí ann.’

Lean Alex ag siúl.
Tar éis tamaill, chonaic sé bean a bhí chomh beag le leanbh.
Bhí a craiceann roicneach, cosúil le seanchnó a bhí ina luí ar an talamh leis na blianta.

‘Heileo,’ arsa Alex. ‘Cén fáth a bhfuil tusa anseo?’

‘Á.’

D’fhéach an bhean air agus deora ina súile.
‘Tá mallacht orm. Bhí mian agam fadó gan bás a fháil. Dhá mhíle bliain ó shin a bhí an mhian sin agam. Drochmhian a bhí ann.’

‘Is dócha gur scríobh tú do mhian i leabhar?’ a d’fhiafraigh Alex.

‘Tá an ceart agat. Drochleabhar gránna a bhí ann.
Ag an am sin bhí eagla orm bás a fháil ach anois is é mian mo chroí é.'

‘Tuigim,’ arsa Alex go ciúin.
Bhí trua aige di agus í chomh sean, roicneach.

38
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 38

Scéalta