Stop an gáire gránna chomh luath is a scríobh sí a mian.
Dúnadh an leabhar de phlab.
Thosaigh an leabhar ag casachtach.
Thosaigh na leathanaigh ag preabarnach.
Chuala Emily torann mór sa leabharlann– an torann a dhéanfadh seanchrann agus é ag titim go talamh.
Bhí gal ag doirteadh as an leabhar.

An chéad rud eile, las splanc iontach solais.
D’eitil na leathanaigh i ngach treo,ag scaipeadh mar a scaipeann duilleoga i stoirm.
Ar feadh nóiméid amháin, líon siad an leabharlann le solas geal.
Ansin d’imigh an solas i léig agus d’imigh na leathanaigh as radharc.

Thosaigh clúdach mór dearg an leabhairag éirí lofa. Agus cé a bhí ina sheasamh sa leabharlann, a chuid gruaige ina colgsheasamh ar a cheann, ach Alex Zwick?

‘A dhiabhail, a Alex, is mise atá sásta tú a fheiceáil!’

44
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 44

Scéalta