‘Cad a tharla?’ Bhí Alex ag féachaint ar Emily le hiontas.

‘D’iarr mé ar an leabhar go mbeifeása go deas, béasach,’ arsa Emily.

‘Á, tuigim,’ arsa Alex, agus miongháire ag teacht air.
‘Bhraith mé go raibh rud éigin ag tarraingt agus ag tarraingt orm. Ach d’fhan mé mar a bhí, in áit casadh i mo bhuachaill deas béasach.’

Bhí Alex ag smaoineamh go tréan.

‘Mian an-chliste a d’iarr tú – mian nach féidir a fháil. Mian nach raibh an leabhar ábalta a thabhairt duit.’

‘Go raibh maith agat.’

Tháinig grainc ar Alex go tobann.

‘Ar ndóigh, ní féidir liom mian ar bith eile a fháil anois, an féidir?’
‘A leithéid, a Alex!’ Chroith Emily a ceann leis. ‘Tá tú go huafásach ar fad. Ba cheart duit a bheith sásta gur éalaigh tú.’
‘Tá a fhios agam,’ arsa Alex. ‘Ach sin mar atáim.’

‘Cad a tharla do na daoine eile sa leabhar, dar leat?
Ar éalaigh siadsan freisin?’

‘Measaim é,’ a d’fhreagair Alex. ‘Thit gach rud as a chéile agus caitheadh suas sa spéir sinn. Nuair a thuirling mise, bhí mé anseo sa leabharlann. Is dócha gur thuirling na daoine eile go léir san áit ina raibh siad ar dtús.’

45
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 45

Scéalta