‘Ní bheidh, go raibh maith agaibh. Seo linn, a Emily, rachaimid amach ag súgradh sa ghairdín.’

‘Fan ort nóiméad, a Alex,’ arsa a mham. ‘Nach bhfuil tú sásta go bhfuilimid sa bhaile?’

‘Is dócha é,’ arsa Alex go mall, agus iontas air
faoina fhreagra féin.

‘Sea, táim sásta.’

‘Is deas sin.’ Thug a mham barróg dó agus rinne a dhaid miongháire beag.

‘Anois téigí amach ag súgradh. Agus bígí go maith, nach mbeidh?’

‘Ní bheidh,’ arsa Alex Zwick go tapa.

Ach dáiríre, ní raibh Alex Zwick riamh chomh dána dalba is a bhíodh cheana.
D’éirigh sé féin agus Emily an-chairdiúil agus bhíodh siad ag súgradh le chéile beagnach gach seachtain.

B’fhéidir go bhfuair Emily beagán dá mian, mar sin féin.
Nó b’'fhéidir gur fhoghlaim Alex rud éigin ón am a chaith sé istigh i Leabhar na Mallachtaí.

49
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 49

Scéalta