‘Hé, a Dhaid.’

‘Hé, a Alex.’

‘Cén fáth ar tháinig sibh abhaile?’ a d’fhiafraigh Alex.

‘Bhí do mham buartha nuair a ghlaoigh tú orainn. Ar aon nós, bhí sé tamall ó chonaiceamar tú.
Is féidir linn obair ón mbaile anois ar feadh bliana nó dhó.’

‘Ó.’ Bhí Alex ag smaoineamh go tréan.

‘An raibh sibh thuas in bhur seomra?’ arsa Alex ansin.

‘Bhí. Cén fáth?’ Labhair a dhaid go hamhrasach. ‘An raibh tú ag súgradh inár seomra?’

‘Ní raibh. Ach chuir mé damhán alla mór uafásach faoi ghlas ann.’

‘A leithéid de rud,’ arsa a dhaid. ‘Ach níl sé ann anois.’

‘Is maith sin,’ arsa Alex, cé go raibh beagán díomá ina ghuth.

‘An mbeidh rud éigin le hithe agaibh?’

Tháinig Mamó Tóibín agus mam Alex isteach sa seomra.
Thosaigh a dhaid ag féachaint ar an teilifís arís.

48
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 48

Scéalta