‘Is áit é do dhaoine atá marbh agus fós nach mbeidh marbh go
deo. Na daoine go léir a scríobh i Leabhar na Mallachtaí.’

Bhí Alex ag smaoineamh go tréan.

‘An bhfuil tú ag caint ar leabhar draíochta?’ ar sé leis an bhfear. ‘Leabhar a thugann do mhian
duit, ach ar bhealach aisteach, cruálach.’
‘Cuireann an leabhar mallacht ort.’

D’fháisc an fear a dhorn.

‘Drochlá a bhí ann, an lá a fuair mé an leabhar sin.’

‘Cén mhian a bhí agat?’ a d’fhiafraigh Alex.

‘Cad a cheapann tú? Ór, cad eile? Mo mhian ná go ndéanfaí ór de gach rud ar chuir mé mo lámh air. Bhí mé saibhir go luath; bhí torthaí órga agam, cathaoireacha órga, asal órga, gach rud déanta d’ór. Ach cleas a bhí ann. Nuair a chuir mé bia agus deoch i mo bhéal, rinneadh ór de. Ní raibh mé ábalta ithe ná ól. Fuair mé bás den tart agus tháinig mé anseo. Is taibhse mé i Leabhar na Mallachtaí, ceann de na mílte taibhse mallaithe san áit seo.’

‘Tuigim. Ach nach raibh do mhian beagán amaideach?’
Chroith Alex a cheann.
‘Ag iarraidh go ndéanfaí ór de gach rud ar chuir tú do mhéar air?’

37
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 37

Scéalta