‘Ba bhreá liom sin a bheith fíor,’ arsa Emily.

‘Agus mise.’

Thosaigh Emily ag miongháire. ‘B’fhéidir go bhfuair mé mo mhian, mar sin féin?’

‘Cad é?’

‘B’fhéidir gur buachaill deas tú anois, Alex Zwick.’

‘Ní hea,’ arsa Alex, díreach mar a deireadh sé i gcónaí.

‘Níl mé ag smaoineamh ar na daoine eile. Ba mhaith liom stop a chur leis an dia sin Janus, sin an méid. Má d’éalaigh na daoine eile, is drochscéal do Janus é.’

‘A dhiabhail, a Alex, tá tú go dona ar fad.’

‘Seo linn, b’fhearr dúinn imeacht as an scoil. Tá sé ag éirí dorcha lasmuigh.’

Labhair Alex ar nós cuma liom, ach rinne sé miongháire mór ceanúil le hEmily.

Nuair a shroich siad teach Alex, chonaic siad go raibh na feairíní go léir ina n-áit féin i ngairdín Bhean Uí Néill.

46
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 46

Scéalta