‘Tá sin suimiúil,’ arsa Alex agus Emily ag an am céanna. Chuir Alex a chos ar an gcosán go cúramach.
Níor thit an cosán faoina chosa. Ní raibh gaiste ná spící géara le feiceáil. Bhí gach rud i gceart.

‘A Alex! Cá raibh tú?’ Osclaíodh an doras agus tháinig mam agus daid Alex amach.

‘Conas atá tú, a Emily? Anois, abair liom, a Alex, cén fáth a ndúirt tú go raibh Mamó tinn?’

Níor fhan a mham le freagra ar a ceist féin.

‘Tá sí go breá ar fad.’

‘Dáiríre?’

Chonaic Alex a mhamó ag teacht go dtí an doras.
Bhí sí ag miongháire, díreach mar a bhíodh de ghnáth.
Sméid Alex agus Emily ar a chéile. Nuair a scrios siad an leabhar, chuir siad deireadh leis an mallacht.

‘Cúla-búla,’ arsa Emily de chogar. ‘Níl aon rud cearr le do mhamó anois.’

‘Ceart agat, arsa Alex.
‘Ach cad faoi mo chonsól cluichí? An bhfuil sé imithe freisin?’ar sé go crosta.

‘A Mham, a Mhamó, an bhfuil cead ag Emily súgradh liom tamall?’

‘Cinnte dearfa,’ arsa Mamó Tóibin go ceanúil.
‘Go dtí am tae,’ arsa a mham.

Istigh sa teach, bhí daid Alex ag féachaint ar chluiche peile ar an teilifís.
Ní raibh an consól cluichí le feiceáil.

47
Leabhar na Mallachtaí

Leathanach 47

Scéalta