Mí an Mheithimh
Satharn
1
Domhnach 2
Luan 3
Máirt 4
Céadaoin 5
Déardaoin 6
Aoine 7
Satharn 8
Domhnach 9
Luan 10
Máirt 11
Céadaoin 12
Déardaoin 13
Aoine 14
Satharn 15
Domhnach 16
Luan 17
Máirt
18
Céadaoin 19
Déardaoin 20
Aoine 21
Satharn 22
Domhnach 23
Luan 24
Máirt 25
Céadaoin 26
Déardaoin 27
Aoine 28
Satharn 29
Domhnach 30
18 Mí an Mheithimh
Lá na nAithreacha
Níl an traidisiún céanna ag baint le Lá na nAithreacha is atá le Lá na Máithreacha agus ceiliúrtar aithreacha ag amanna difriúla ar fud an domhain.
De réir scéalta, tháinig an smaoineamh chun cinn i dtús sna Stáit Aontaithe i ndiaidh go bhfuair na céadta fir bás go tragóideach i dtimpiste mhianadóireachta i West Virginia. Ach ní comóradh bliantúil a bhí ann ag an am. Tháinig an smaoineamh chun cinn arís i 1910 ag bean darbh ainm di Sonora Dodd i Washington agus de réir a chéile tugadh aitheantas oifigiúil don chomóradh sna Stáit Aontaithe i 1966. Titeann an ceiliúradh ar an tríú Domhnach de Mhí an Mheithimh ansin, agus in Éirinn freisin.
Ach i dtíortha san Eoraip, mar shampla sa Spáinn, sa Phortaingéil agus san Iodáil, is ceiliúradh ársa é, lá na nAithreacha. Tá an comóradh ceangailte le Naomh Iósaf, athair dlíthiúil Íosa agus naomhphátrún aithreacha. Chomórtaí aithreacha ar lá féile Iósaf, ar an 19ú Márta sna tíortha sin.
Pé lá go mbíonn an ceiliúradh ann is lá é chun aithreacha a chomóradh as ucht an méid a dhéanann siad dá gclanna.
Cuardach Focal
Inniu Satharn 21
Réamhaisnéis na haimsire
Gabhlán Gainimh
Grianghraf:
Is cuairteoir coitianta go hÉirinn é an gabhlán gainimh.
Déanann sé imirce ón Afraic fho-Shahárach san earrach.
Bailíonn sé leis ar ais chuig an Afraic le linn an fhómhair.
Tá an gabhlán gainimh suas le 12cms ar fad.
Tá cloigeann, droim, eireaball agus sciatháin an ghabhláin donn dorcha agus a íochtar bán seachas banda leathan donn timpeall a chliabhraigh.
Beathaíonn sé ar fheithidí agus é ar eiteog.
Tochlaíonn sé in oitreacha ghainimh tirime ar aillte chósta agus ar bhruacha aibhneacha..
Is annamh a fheictear iad i gceantair uirbeacha.
Is cuairteoir coitianta go hÉirinn é an gabhlán gainimh.
Déanann sé imirce ón Afraic fho-Shahárach san earrach.
Bailíonn sé leis ar ais chuig an Afraic le linn an fhómhair.
Tá an gabhlán gainimh suas le 12cms ar fad.
Tá cloigeann, droim, eireaball agus sciatháin an ghabhláin donn dorcha agus a íochtar bán seachas banda leathan donn timpeall a chliabhraigh.
Beathaíonn sé ar fheithidí agus é ar eiteog.
Tochlaíonn sé in oitreacha ghainimh tirime ar aillte chósta agus ar bhruacha aibhneacha..
Is annamh a fheictear iad i gceantair uirbeacha.
Faoileán Scadán
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an faoileán scadán coitianta go leor in Éirinn.Cur Síos
Is faoileán mór, torannach é an faoileán scadán. Tá dath liath éadrom ar a dhroim agus tá dath bán ar an gcuid eile den chlúmh. Tá rinn a sciatháin dubh. Tá a ghob buí le spota oráiste. Sa samhradh bíonn dath fíorbhán ar a chloigeann agus sa gheimhreadh bíonn stríoca sa bhán. Tá dath bándearg ar a chosa.Réim Bhia
Itheann an faoileán scadán réimse leathan bia, ó éisc go bruscar bhia, i lár cathracha agus i láithreáin líonadh talún.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an bhfaoileán scadán go forleathan ar an gcósta agus istigh faoin tír. Tá an choilíneacht is mó díobh ar Reachrainn amach ó chósta Bhaile Átha Cliath. Déanann sé nead ar fhoirgnimh i gceantair uirbeacha.Roilleach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an roilleach coitianta in Éirinn, ach go háirithe sa gheimhreadh.Cur Síos
Is lapaire mór, sainiúil é an roilleach. Tá a cheann dubh agus a bhrollach bán. Tá gob fada, oráiste aige. Tá a chosa bán dearg. Breathnaíonn an roilleach fireann agus baineann mar a chéile.Réim Bhia
Beathaíonn an roilleach é féin le diúilicíní agus ruacain atá ar fáil ar chóstaí gainmheacha. Uaireanta, itheann sé larbhaí agus péisteanna talún ar talamh féaraigh.Nead/Gnáthóg
Feictear an roilleach forleathan feadh an chósta, ag déanamh a nead ar nó gar do thránna scaineagáin, ar dhumhcha, ar riasca goirt agus ar chladaí creagacha timpeall an chósta.Crotach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an crotach go forleathan in Éirinn.Cur Síos
Is é an crotach an lapaire is mó in Éirinn. Tréith ar leith a bhaineann leis an gcrotach ná na cosa fada atá aige. Tá corp téagartha, muineál fada agus gob fada, cuartha aige. Tá clúmh stríocach aige atá liathdhonn agus nuair a bhíonn sé ag eitilt feictear a thóin bhán.Réim Bhia
Itheann an crotach ragaí, portáin agus moilisc (seilidí, drúchtíní agus diúilicíní).Nead/Gnáthóg
Déanann an crotach a nead ar an talamh i bhféarach garbh, móinéir agus fraoch. Is féidir teacht air go forleathan sa tír. Tá laghdú suntasach tagtha ar líon síolraithe dúchasach an chrotaigh. Le déanaí, aithnítear go forleathan go bhfuil sé tábhachtach ceantair neadaireachta an chrotaigh a chosaint ó fhoraoisiú agus ó chleachtais dian talmhaíochta.Muiríneach
Grianghraf:
Plandaí agus féara an chladaigh
Is áiteanna móra fairsinge iad tránna agus is beag foscadh a bhíonn iontu. Séideann gaotha laidre ón bhfarraige go minic. Is amhlaidh go mbíonn na gaotha sin lán le salann sáile. Bíonn an chré do na plandaí gainmheach agus tirim. Ní mór do na plandaí agus féara a fhásann feadh cladaigh a bheith righin agus crua chun maireachtáil i dtimpeallacht mhuirí atá fiáin, neamhthrócaireach.Muiríneach
Feictear an mhuiríneach go forleathan feadh dumhcha an chósta. Is féar righin deilgneach í a fhásann ina dtoim. Tá fréamhacha dlútha, doimhne, casta ag an muiríneach. Cabhraíonn na fréamhacha le daingniú na ndumhcha. Fásann an mhuiríneach go 1m ar airde. Fásann dias blátha órga uirthi i mí Iúil agus Lúnasa. Tugann sí clúdach agus foscadh a ligeann do phlandaí eile fás.Cíb Ghainimh
Grianghraf:
Plandaí agus féara an chladaigh
Is áiteanna móra fairsinge iad tránna agus is beag foscadh a bhíonn iontu. Séideann gaotha laidre ón bhfarraige go minic. Is amhlaidh go mbíonn na gaotha sin lán le salann sáile. Bíonn an chré do na plandaí gainmheach agus tirim. Ní mór do na plandaí agus féara a fhásann feadh cladaigh a bheith righin agus crua chun maireachtáil i dtimpeallacht mhuirí atá fiáin, neamhthrócaireach.Cíb Ghainimh
Is planda tábhachtach é an chíb ghainimh a fháisceann gaineamh scaoilte i ndumhcha. Is féar reatha é le gais a leathann faoi dhromchla an ghainimh i línte díreacha. Tagann duilleoga guaireacha uirthi i ndosanna os cionn talaimh agus feictear iad ag fás i línte trasna an ghainimh. Fásann sí go 35cm ar airde agus bíonn bláthchinn spíceacha donnbhuí uirthi ó mhí na Bealtaine go mí Iúil. Tagann an chíb ghainimh slán ar ghaotha arda, triomach agus cáitheadh goirt na farraige.Cluas Chait
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear cluas chait go forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an mbláth seo ar thalamh féaraigh, cois bóthair agus i ndumhcha.Cur Síos
Tá cluas chait gealbhuí cosúil leis an gcaisearbhán agus bláthanna buí eile. Is planda ard é ag fás timpeall 50cm ar airde. Fásann na duilleoga i ngrúpaí ag bun an ghais. Tá dath glasliath orthu le himill dhroimníneacha. Tá ribí fíneálta ar dhromchla uachtarach na duilleoige agus tá an dromchla íochtarach mín. Ní fhásann aon duilleoga ar an ngas ard, lom. Ar chúl na mbláthcheann gealbhuí feictear duillíní bioracha atá cosúil le gainní. Bíonn dhá nó trí bhláth ar an ngas gabhlach. Tá na síolta bán agus clúmhach agus scaiptear ar an ngaoth iad cosúil le síolta an chaisearbháin.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn cluas chait ó Mheitheamh go Deireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Is bláth é a mheallann pailneoirí ar nós bumbóga, beacha aonaracha agus beacha meala.Rabhán
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an rabhán forleathan feadh ceantair cois cósta.Gnáthóg
Feictear an rabhán go príomha, feadh ceantar cois cósta, ar aillte, ar bhallaí farraige, i riasca goirte ach is féidir teacht air ag fás go hard ar laftáin sléibhte.Cur Síos
Tugtar caoróg mhara nó lus liath na mara ar an rabhán. Is planda crua é a bhfuil fréamhacha doimhne air atá ábalta drochaimsir feadh an chósta a sheasamh. Is féidir leis an rabhán fás i gcré thirim, ghainmheach. Tá na duilleoga an-chaol agus dath liathghlas orthu. Déanann na duilleoga tom cruinn, síorghlas a thugann dath, fiú amháin sa gheimhreadh. San Earrach agus sa samhradh bíonn bláthanna, ar nós páipéir, i gcruth pom-pom ar na gais. Tá réimse dathanna leathan idir bán dearg dorcha go bán le feiceáil ar na bláthanna. Tá cúig pheiteal ar gach bláth.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an rabhán ó mhí Aibreáin go mí Iúil.Leas don Fhiabheatha
Meallann an rabhán feithidí pailnithe, beacha, féileacáin agus leamhain san áireamh.Feamainn Bhoilgíneach
Grianghraf:
Feamainn nó algaí a ghlaoitear ar phlandaí sáile.
Fásann sí gar do dhromchla an uisce chun solas na gréine a fháil.
Tagann 50% d’ocsaigin an domhain ó fheamainn.
Tugann sí bia agus foscadh d’éisc agus do bheatha mhuirí.
Bíonn dath donn, dearg nó glas ar fheamainn.
Is feamainn dhonn í an fheamainn bhoilgíneach.
Bíonn bolgáin le feiceáil ar na duilleoga feamainne agus na craobhóga uile.
Cabhraíonn na bolgáin seo leis an bhfeamainn teacht go barr uisce i dtreo solas na gréine.
Is féidir feamainn bhoilgíneach a ithe.
Rón Glas
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear an rón glas feadh cósta na hÉireann in aon ghnáthóg atá oiriúnach ach is iondúil go bhfeictear é ar chósta theas agus thiar na tíre.Cur Síos
Tá dhá speiceas de rón le fáil in uiscí Éireannacha agus is é an rón glas an ceann is mó. Ar thalamh tirim, gluaiseann an rón glas go místuama ach nuair a bhíonn sé san uisce is snámhóir lúfar, aclaí é. Bíonn an rón glas níos glóraí ná rónta eile, ag drannadh, ag gnúsacht, ag siosarnach agus ag tafann. Nuair a bhíonn sé faoin uisce ligeann sé sraith fuaimeanna cliceáilte as nuair a bhíonn sé ag fiach.Réim Bhia
Is feoiliteoir é an rón glas a itheann éagsúlacht mhaith iasc.Nead/Gnáthóg
Is fearr leis an rón glas ceantair chósta carraigeacha sceirdiúla.Deilf Choiteann
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an deilf choiteann forleathan ar fud an domhain.Cur Síos
Is minic a fheictear an deilf choiteann i ráth deilfeanna, ag snámh le chéile i ngrúpa mór leis na céadta nó fiú na mílte deilf ann.Réim Bhia
Tá réim ilchineálach bhia ag an deilf choiteann. Itheann sí éisc den chuid is mó. Feictear í uaireanta cois cladaigh agus í ag snámh sa tóir ar ronnaigh agus saláin.Nead/Gnáthóg
Feictear an deilf choiteann go minic timpeall chósta na hÉireann, amach ón gcósta theas, ón gcósta thiar agus i Muir Éireann.Faocha ghliomaigh
Grianghraf:
Locháin Charraige
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan ar chladaí charraigeacha i gceantair chósta. Nuair a bhíonn an taoide lán clúdaíonn an fharraige na carraigeacha. Bíonn locháin uisce fágtha nuair a bhíonn taoide íseal ann. Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla. Maireann cuid díobh sna locháin agus fágtar an chuid eile díobh sáinnithe sna locháin ag casadh na taoide. Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.Faocha ghliomaigh
Bíonn an fhaocha ghliomaigh le feiceáil go coitianta i locháin charraige. Is cineál portáin í agus tá corp bog deargdhonn aici. Ní fhásann sí a blaosc féin ach úsáideann sí blaoscanna folmha cuachmaí agus gioradáin. Tá dhá chrúbóg fada tosaigh aici a fheictear ag gobadh amach as an mblaosc. Tá eireaball crúcach aici a choinníonn ceangailte leis an mblaosc í. De réir mar a fhásann sí bogann sí go blaosc níos mó. Itheann sí gach a n-aimsíonn sí.Crosóg Mhara Choiteann
Grianghraf:
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan nuair a bhíonn taoide íseal ann.
Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla.
Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.
Ceann de na hainmhí atá le feiceáil i locháin charraige ná an chrosóg mhara choiteann .
Tá cúig ghéag ag an gcrosóg mhara le súiteoirí beaga bídeacha orthu a chabhraíonn léi bogadh.
Tá dath oráiste ar a craiceann garbh le spíonta beaga air.
Fásann sí go idir 10 agus 30 cm.
Itheann sí diúilicíní ag úsáid a géaga chun na blaoscanna a oscailt.
Má chailleann an chrosóg mhara géag fásfaidh ceann nua ina háit.
Portán Glas
Grianghraf:
Locháin Charraige
Bíonn locháin charraige le feiceáil go forleathan ar chladaí charraigeacha i gceantair chósta. Nuair a bhíonn an taoide lán clúdaíonn an fharraige na carraigeacha. Bíonn locháin uisce fágtha nuair a bhíonn taoide íseal ann. Bíonn na locháin seo lán le hainmhithe agus éisc mhara suimiúla. Maireann cuid díobh sna locháin agus fágtar an chuid eile díobh sáinnithe sna locháin ag casadh na taoide. Nuair a bhíonn tú ag cuardach sna locháin ná déan dearmad a bheith ag faire ar an taoide ag líonadh arís.Portán Glas
Is é an portán glas an portán is coitianta a fheictear feadh cósta na hÉireann. Is féidir teacht air i locháin charraige, i gcuanta agus in uisce éadomhain i bhfolach faoi charraigeacha agus feamainn. Bíonn dath glas nó donn air. Bíonn imeall corrach ar an mblaosc agus í timpeall is 8cm ar leithead. Tá ocht gcos agus dhá chrúbóg aige. Is féidir niopóg phianmhar a fháil óna crúbóga céanna. Beathaíonn sé ar gach rud ó fheamainn go portáin níos lú ná é féin.Smugairle an chompáis
Grianghraf:
Smugairle Róin
Is ainmhí mara é an smugairle róin le corp atá cosúil le scáth báistí nó clog glóthánach. Faoin gclog bíonn braiteoga ar crochadh. Cé go maireann an smugairle róin san fharraige, ní iasc é. Is planctón é, gan inchinn, croí, fuil ná cnámha ann. Is le sruth nó ar an taoide a bhogann sé don chuid is mó. Ní bhíonn sé ag fiach go gníomhach le haghaidh bia. Cealgann sé rud ar bith a thagann gar dá bhraiteoga agus fágtar an chreach gan mhothú, gan neart. Tá 2000 cineál smugairle róin. Feictear cúig chineál díobh siúd go coitianta in uiscí na hÉireann.Smugairle an chompáis
Feictear smugairle an chompáis in uiscí na hÉireann idir Bealtaine agus Deireadh Fómhair. Tá smugairle an chompáis bánbhuí le patrún suaithinseach air. Is iad na marcanna donna feadh an imill agus línte i gcruth V ag leathadh amach ó lárphointe an chloig a chuireann compás i gcuimhne dúinn. Is mar gheall ar sin a thugtar an t-ainm ‘smugairle an chompáis’ air. Bíonn an clog suas le 30 cm ar leithead. Tá 24 bhraiteog aige atá fada agus tanaí. Tugann siad droch-chealg atá cosúil le loscadh neantóige. Beathaíonn sé ar phlanctón, éisc bheaga agus portáin. Is le sruth nó ar an taoide a bhogann an smugairle róin don chuid is mó agus is minic a thagann siad i dtír, caite ar an trá. Fiú má bhíonn cuma an bháis ar smugairle an chompáis agus é ar an trá is féidir cealg a fháil fós ó na braiteoga.Naomh Pádraig
Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann
Tugtar Carraig Phádraig ar Charraig Chaisil.De réir an tseanchais tháinig Pádraig go Caiseal sa bhliain 432 AD.
Tá dhá fhinscéal a cheanglaíonn Pádraig le Carraig Phádraig.
1. Is cnoc mór é an Bearnán Éile i gContae Thiobraid Árann.
Tá bearna le feiceáil go soiléir sa chnoc gar don mhullach.
Tá an cnoc timpeall is 30km ó Charraig Phádraig.
De réir an tseanchais bhain an diabhal plaic as an gcnoc agus chaith sé amach na carraigeacha le Pádraig.
Thit na carraigeacha ar Chaiseal agus cruthaíodh Carraig Phádraig dá bharr.
2. Ba ag an láthair seo, Carraig Phádraig, a thug Pádraig Rí na Mumhan chun na Críostaíochta.
Is iomaí cuairteoir a thagann chuig Carraig Phádraig go dtí an lá atá inniu ann. Is suíomh é is mó cuairte in Éirinn.
Ardeaglais Naoimh Pádraig, Ard Mhacha, Contae Ard Mhacha
Sa bhliain 445 AD, tháinig Pádraig go dtí ceantar darbh ainm Ard Mhacha.Ba mhian leis séipéal mór cloiche a thógáil ar an mullach is airde ar sean suíomh págánta.
Dhiúltaigh an taoiseach áitiúil d’iarratas Phádraig ar dtús ach ghéill sé dó sa deireadh agus lig sé do Phádraig a shéipéal a thógáil ar Chnoc Ard Mhacha.
Tá an séipéal ann i gcónaí ar an láthair chéanna inar sheas an chéad séipéal mór cloiche.
Is timpeall ar an gcéad séipéal sin úd a d’fhás cathair Ard Mhacha.
Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo
Éiríonn Cruach Phádraig 764 méadar ar airde agus áirítear í ar an sliabh is beannaithe in Éirinn.Sa bhliain 441 AD, chuaigh Pádraig ar oilithreacht go dtí an sliabh seo roimh an gCáisc. Níor ith sé aon bhia ar feadh 40 lá agus 40 oíche. De réir an tseanchais, bhí deamhain agus déithe págánta ag cur cathú air ach chuir sé an ruaig orthu.
Seo bunús an scéil gur ruaig Pádraig na nathracha ó thalamh na hÉireann.
Thángthas ar fhothrach séipéil beag ar an mullach nuair a bhí tochailt seandálaíochta ar siúl sna 1990idí. Creidtear gur tógadh an séipéal le linn tréimhse Phádraig.
Ón tráth sin i leith bhí séipéal i gcónaí ar mhullach Chruach Phádraig. Glaoitear Teampall Phádraig ar an séipéal seo.
Is ionad oilithreachta é do go leor daoine. Ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil, Domhnach na Cruaiche a thugtar air, déanann na mílte daoine an dreapadh crua go mullach Chruach Phádraig ag leanúint coiscéimeanna Phádraig.
Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí
Sa bhliain 433 AD, de réir an tseanchais, chuaigh Naomh Pádraig go dtí Mullach Bhaile Shláine.Tharla sé go raibh Pádraig san áit seo agus féile phágánach na Bealtaine faoi lánseol.
B’fhéile mhór í féile na Bealtaine a cheiliúrtaí ar an 1ú Bealtaine.
Ba í Bealtaine tús an tsamhraidh. Múchadh na tinte ar fad ar fud na tíre Oíche Bhealtaine ag tabhairt le fios go raibh deireadh an gheimhridh tagtha.
Ba chroílár cumhachta Ard Rí na hÉireann é Teamhair agus ar an láthair seo ceiliúradh cruinnithe tábhachta mar fhéilte reiligiúnacha.
Lasadh Ard Rí na hÉireann tine ar Teamhair ag éirí na gréine ar Fhéile na Bealtaine ag fógairt do chách go raibh an bhliain nua ag tosú.
Timpeall is 16km ó Teamhair, las Pádraig tine ag an am céanna. Bhí an tine ag soilsiú go geal ar feadh na hoíche agus chonaic an tArd Rí i dTeamhair í.
Mar gheall ar an ngníomh seo, ghabh saighdiúirí an Rí Pádraig agus tugadh go Teamhair é chun dul os comhair an Ard Rí.
Is ag an gcruinniú seo leis an Ard Rí a d’inis Pádraig dó faoin gCríostaíocht. D’úsáid sé trí dhuillín na seamróige chun an Tríonóid Ró-Naofa a mhíniú dó; go bhfuil trí dhuine i nDia.
Cé gur fhan sé ina phágánach, lig an tArd Rí do Phádraig leanúint lena obair mhisinéireachta.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Mhullach Bhaile Shláine agus Teamhair. Is álainn na suíomhanna iad agus an-chuid staire ag baint leo.
Sabhall Pádraig, Co. an Dúin
Tar éis staidéar a dhéanamh ar feadh roinnt mhaith blianta, d’fhill Pádraig ar Éirinn sa bhliain 432 AD agus é ina easpag.Tháinig sé chun an Chríostaíocht a roinnt le muintir na hÉireann. Ba phágánaigh iad na hÉireannaigh ag an am sin.
Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn thug sé aghaidh ar an mbaile darbh ainm Sabhall.
Lig an taoiseach áitiúil, Dichu, do Phádraig cur faoi i scioból agus faoi dheireadh bhunaigh sé a chéad mhainistir san áit seo.
Is mar gheall ar seo go n-aithnítear Sabhall go forleathan mar thobar na Críostaíochta in Éirinn.
Is féidir fothrach na mainistreach a fheiceáil ar an láthair seo go dtí an lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1932 tógadh eaglais chloiche, eaglais Shabhaill, chun an suíomh a mharcáil agus tá dealbh ollmhór de Naomh Pádraig ar bharr cnoic Phádraig gar don eaglais i Sabhall.
Fuair sé bás in AD 461, i Sabhall Phádraig, Contae an Dúin.
Ar an 17ú Márta gach bliain osclaítear eaglais Shabhaill do chách den chreideamh Críostaí chun ómós a thabhairt do Phádraig.
Ardeaglais an Dúin, Dún Pádraig, Co. an Dúin
Fuair Naomh Pádraig bás i Sabhall ar an 17ú Márta 461 AD.Deirtear, áfach, gur adhlacadh é ar thalamh Ardeaglaise an Dúin, a sheasann ar Chnoc an Dúin, Dún Pádraig.
Deirtear go bhfuil corp Bhríde agus corp Choilm Cille curtha ar an láthair chéanna chomh maith.
Sliabh Mis, Co. Aontroma
Go luath sna 400dí ghabh foghlaithe mara Pádraig agus tugadh go hÉirinn é.Bhí sé 16 bhliana d’aois ag an am.
Díoladh ina sclábhaí é le feirmeoir caorach darbh ainm Milchu é.
Choimeád Milchu a chaoirigh ar Shliabh Mis agus chaith Pádraig an chéad sé bliana eile dá shaol ina aoire ag faire ar chaoirigh ar an sliabh seo.
Bhí Pádraig ina aonar gan comhluadar ar bith aige ach na caoirigh.
I rith an ama seo ar an sliabh a neartaíodh a chreideamh i nDia agus deirtear gur ghuigh sé suas le 100 uaire gach lá agus oíche.
D’iarr sé ar Dhia go sábhálfaí é.
Ar deireadh, dúradh leis i mbrionglóid go raibh long ann a thabharfadh abhaile chun na Breataine Bige é.
Is ionad tábhachtach oilithreachta é Sliabh Mis agus ar an 17ú Márta tugann oilithrigh a n-aghaidh ar mhullach Shliabh Mis in ómós do Naomh Pádraig.