Mí Dheireadh Fómhair
Máirt 1
Céadaoin
2
Déardaoin 3
Aoine 4
Satharn 5
Domhnach 6
Luan 7
Máirt 8
Céadaoin 9
Déardaoin 10
Aoine 11
Satharn 12
Domhnach 13
Luan 14
Máirt 15
Céadaoin 16
Déardaoin 17
Aoine 18
Satharn 19
Domhnach 20
Luan 21
Máirt 22
Céadaoin 23
Déardaoin 24
Aoine 25
Satharn
26
Domhnach 27
Luan 28
Máirt 29
Céadaoin 30
Déardaoin
31
31 Mí Dheireadh Fómhair
Oíche Shamhna
Tá tuairim ann go bhfuil cuid mhór d’imeachtaí na féile ar Oíche Shamhna tagtha chugainn ó Mheiriceá ;na puimcíní le coinnle lasta iontu, na pléascáin tine, an nós ‘Bob nó Bia’ agus an gléasadh suas i mbréigéide.
Ach is a mhalairt a tharla. B’Éireannaigh a chuaigh ar imirce le linn tréimhse an Ghorta Mhóir a thóg nósanna na féile leo go Meiriceá.
Bhí ceithre fhéile mhóra sa bhliain Cheilteach: Samhain, Imbolc, Bealtaine agus Lúnasa. Ba phríomhfhéile na gCeilteach í, an tSamhain agus bhí tábhacht ar leith leis an oíche roimh ré; Oíche Shamhna. Bhí dhá ghné leis an gcéiliúradh seo. Féile an Fhómhair a bhí inti mar aon le féile na bliana nua. Tagann nósanna agus deasghnátha ón bhféile seo atá le haithint ón gceiliúradh atá ann inniu.
Bhí deireadh leis an samhradh agus bhí aimsir an fhómhair thart.
Bhí na barra bainte agus sábháilte don gheimhreadh fada agus bhí seal ceiliúrtha tuillte ag na daoine.
Thosaíodh ceiliúradh na Samhna ag dul faoi na gréine ar an 31ú Deireadh Fómhair. Mhaireadh an comóradh ar feadh na hoíche agus an lá dár gcionn.
Toisc gur deireadh na bliana a bhí ann bhí sé tráthúil imeacht solais agus teas an tsamhraidh a cheiliúradh mar aon le teacht dorchadais agus cruatan an gheimhridh. Chreid na Ceiltigh go raibh an teorainn idir saol na mbeo agus saol na marbh an-tanaí ar Oíche Shamhna agus go bhféadfadh spioraid agus ainsprideanna filleadh agus siúil ina measc. Dá bhrí sin, bhíodh imní orthu roimh shíoga, an bhean sí agus taibhsí a bhí ag gabháil thart an oíche sin. Ba mhian leis na daoine urraim a thabhairt dá sinsir agus d'fháiltigh siad rompu abhaile ach bhí orthu ainsprideanna a sheachaint. Ullmhaíodh bia do chách idir beo agus marbh. D'fhágaidís bia faoin sceach gheal (crann sí) i dtreo is go mbeadh na síoga sona sásta leo. Is ón nós seo a thagann “Bob nó Bia” sa lá atá inniu ann nuair a théann páistí óga thart, agus iad gléasta suas, ag cnagadh ar dhoirse timpeall na comharsanachta ar lorg milseán agus seacláide.
Mheas na Ceiltigh go dtiocfaidís slán óna spioraid osnádúrtha dá mbeadh tinte ollmhóra lasta acu. Is as an nós seo a tháinig an traidisiún tine chnámh a lasadh Oíche Shamhna.
Ghléas na Ceiltigh suas i mbréigéide agus chaithidís aghaidheanna fidil chun an dallamullóg a chur ar na spioraid chéanna. Bhí siad ag súil nach n-aithneofaí iad agus nach mbeadh aon bhaol ann dóibh óna hainspridí a bhí mórthimpeall orthu. Is mar gheall ar an nós úd a ghléasann páistí suas i mbréigéide ar Oíche Shamhna sa lá atá inniu ann.
Ba sheantraidisiún é laindéir a dhéanamh as tornapaí nó prátaí ag aimsir na Samhna. “Séan na Gealaí” a thug daoine orthu.
Nuair a tháinig imircigh Éireannacha go Meiriceá sa naoú chéad déag thug siad an nós seo leo.
Is as Meiriceá Thuaidh do na puimcíní ó dhúchas
Baineadh úsáid as an bpuimcín in áit na dtornapaí agus mar gheall ar sin tháinig cuma nua ar an nós ársa Cheiltigh.
Bíonn dlúthbhaint ag na dathanna dubh agus oráiste le hOíche Shamhna. In aimsir na gCeilteach samhlaíodh an dath dubh le bás, le fuacht agus le dorchadas an gheimhridh agus an dath oráiste le dathanna an fhómhair agus le lasracha tine.
B’fhéile mhór Cheilteach í, Oíche Shamhna, atá fós á ceiliúradh sa lá atá inniu ann agus na nósanna ársa glactha chugainn féin le díograis agus fonn.
Inniu Déardaoin 7
Réamhaisnéis na haimsire
Scréachóg Reilige
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an scréachóg reilige neamhchoitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ulchabhán neamhchoitianta í an scréachóg reilige. Is éan creiche í. Tá a haghaidh bán, croíchruthach. Tá a cliabhrach agus a sciatháin íochtaracha chomh bán le sneachta. Tá a codanna uachtaracha donn le patrúin chasta ealaíonta orthu. Is éan oíche í. Tá súile beaga dubha aici. Déanann sí nead i gcrainn chuasacha, i sean fhoirgnimh feirme agus i dtúir eaglaise. Cloistear screadach ghéar ón scréachóg reilige agus í i mbun eitilte. Sin an chúis leis an ainm sa Ghaeilge.Réim Bhia
Is éan oíche í an scréachóg reilige. Bíonn sí amuigh san oíche ag fiach. Beireann sé ar mhamaigh bheaga ar nós lucha, francaigh agus froganna. Stróiceann sí an fheoil as a chéile lena gob.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an scréachóg reilige in oirthear na tíre, i gCo. Chill Choinnigh ach go háirithe agus i ndeisceart na tíre i gCo. Chorcaigh chomh maith. Déanann sí nead i gcrainn chuasacha, i sean fhoirgnimh feirme agus i dtúir eaglaise.Mallard
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an mallard an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is é an mallard an t-éan uisce is fearr aithne in Éirinn. Tá cloigeann glas lonrach ag an mbardal (an mallard fireann). Tá coiléar bán, brollach corcairdhonn agus gob buí aige. Tá clúmh an mhallaird bhaininn i bhfad níos simplí le cleití breac donn, stríoc ghorm ar na sciatháin agus dath bán ar thaobhanna an eireabaill.Réim Bhia
Itheann an mallard síolta, feithidí agus grán mar aon le héagsúlacht bhia a thugann daoine dó.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an mallard i ngnáthóga éagsúla ar fud na tíre, lochanna, aibhneacha, srutháin agus locháin bheaga san áireamh. Feictear an mallard i gceantair uirbeacha ar locháin i bpáirceanna agus ar chanálacha. Tá nead an mhallaird déanta as duilleoga agus as féar. De ghnáth bíonn an nead suite i measc fásra dlúth.Cadhan
Grianghraf:
Dáileadh
Tagann an cadhan ar cuairt go hÉirinn sa gheimhreadh. Bíonn an ghé seo ar imirce ó Cheanada agus ón nGraonlainn. Fanann an cadhan anseo in Éirinn ó Dheireadh Fómhair go hAibreán. Ansin filleann sé ar Cheanada.Cur Síos
Tá dath éadrom ar chodanna íochtaracha an chadhain agus dath níos dorcha ar na codanna uachtaracha. Tá paiste beag bán ar uachtar an mhuiníl aige.Réim Bhia
Itheann an cadhan féar trá. Miléarach is ainm don fhéar trá seo. Bíonn an cadhan ag ithe agus é ag siúl ar an trá ag barr an láin mhara nó trasna bhlár láibe.Nead/Gnáthóg
I nDeireadh Fómhair sroicheann an cadhan Loch Cuan, Contae an Dúin. Eitlíonn siad ó Loch Cuan go háiteanna éagsúla ar fud cósta na hÉireann i rith an gheimhridh. Filleann formhór na n-éan seo go Contaetha éagsúla, Aontroim, Dún na nGall, Sligeach, Doire, An Lú, Baile Átha Cliath, Loch Garman, Port Láirge agus Ciarraí.Tromán
Ainm Laidine: Sambucus nigra
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is tor é an tromán. Tá tor cosúil le crann beag. Ar thor, bíonn na gais nó craobhacha níos giorra ná mar a bhíonn ar chrann. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor.Gnáthóg
Is tor coitianta é an tromán a fheictear go forleathan i bhfálta sceach, ar bhóithríní, ar bhruacha aibhneacha agus i gcoillearnacha taise.Fíricí
Is tor duillsilteach é an tromán. Fásann sé suas le 10m ar airde. Úsáidtear bláthanna an tromáin chun coirdial a dhéanamh agus is féidir na caora a úsáid i gcócaireacht.Duilleoga
Bíonn dath dúghlas ar na duilleoga. Bíonn idir 5-7 nduillín ar dhuilleog an tromáin a fhásann feadh an ghais le duillín aonair ag an deireadh. Bíonn na duillíní ubhchruthach le barra bioracha.Bláthanna agus Síolta
Ag deireadh mhí na Bealtaine, tagann triopaill dhlútha bláthanna ar an bplanda. Bíonn dath bánbhuí ar na bláthanna. Meallann boladh cumhra na mbláthanna feithidí chucu. Aibíonn na caora corcra dorcha i mí Meán Fómhair. Ní féidir caora amha a ithe.Leas don Fhiabheatha
Is foinse neachtair iad bláthanna an tromáin do go leor feithidí. Is breá le smólaigh agus druideanna na caora. Itheann mamaigh bheaga na caora agus na bláthanna.Dair Ghaelach
Ainm Laidine: Quercus petraea
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an dair ghaelach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dair Ghaelach i gcoillearnacha, i bpáirceanna agus ar thalamh bocht.Fíricí
Is í an dair Ghaelach crann náisiúnta oifigiúil na hÉireann. Is féidir leis an dair maireachtáil go ceann timpeall is 500 bliain agus fásann sí idir 20 agus 40 m ar airde. Tá coróin leathan ag an dair le craobhacha láidre, garbha. Is crann daingean crua-adhmad í an dair. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh.Duilleoga
Tá an duilleog glasbhuí, dronuilleogach agus corrach le cúig nó sé mhaothán ar gach taobh. Tá gas fada aici. Tá an duilleog timpeall 14cm ar fad agus 4-8cm ar leithead. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí, dearg agus donn sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an dair. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Is caitíní glasa iad na bláthanna fireanna. Tá na bláthanna baineanna cosúil le bachlóga dearga. Aibíonn siad ina síolta móra, glasa, snasta i gcupaí carracha adhmaid ar a nglaoitear dearcáin. Fásann dearcáin na darach Gaelaí ina dtriopaill. Níl gas ar bith orthu agus bíonn na cupaí nasctha leis na craobhóga.Leas don Fhiabheatha
Is tairbhí iad don fhiadhúlra an dair Ghaelach agus an dair ghallda ná aon chrann eile nádúrtha in Éirinn. Tugann siad áit gur féidir le fiadhúlra dul ar foscadh, beathú agus pórú. Is gnáthóg í do os cionn 250 cineál feithidí. Is foinse bhia na feithidí seo do go leor éan agus mamaigh bheaga. Déanann éin neadacha i gcuasa agus ar chraobhacha na darach. Tugann na bláthanna pailin do bheacha agus bia d’ioraí agus do bhoilb. Itheann mamaigh ar nós fianna, broic agus ioraí na dearcáin. Itheann an scréachóg na dearcáin freisin. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Dair Ghaelach
Quercus petraea
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an dair ghaelach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann an dair Ghaelach i gcoillearnacha agus i páirceanna. Is í an dair ghaelach crann náisiúnta oifigiúil na hÉireann. Maireann an dair ghaelach suas le 500 bliain. Tá gas fada ar an duilleog atá dronuilleogach, corrach le cúig nó sé mhaothán ar gach taobh. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí, dearg agus donn sula dtiteann siad. Fásann caitíní ar an dair Ghaelach. Is bláthanna iad na caitíní atá fada agus tanaí. Aibíonn siad ina síolta móra, glasa, snasta i gcupaí. Tugtar dearcán mar ainm ar shíol na darach. Feictear iad greamaithe leis na craobhóga, i ngrúpaí. Maireann os cionn 250 cineál feithidí sa dair. Déanann éin neadacha ina craobhacha. Tugann na bláthanna pailin do bheacha agus bia d’ioraí agus do bhoilb. Itheann mamaigh ar nós fianna, broic agus ioraí na dearcáin, chomh maith leis an scréachóg. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Fearbán Féir
Grianghraf:
Dáileadh
Tá teacht ar an bhfearbán féir go forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Feictear an Fearbán Féir i móinéir agus féarach ach tá teacht air i bpáirceanna, gairdíní agus i ndíoga cois bóthair.Cur Síos
Is ceann amháin de 36 chineál éagsúla cham an ime é, an fearbán féir. Fásann sé suas le 1m amháin ar airde. Tá cruth triantánach ar na duilleoga. Fásann siad feadh an ghais a bhíonn an-ghruagach. Bíonn dath buí an ime ar na bláthanna. Bíonn an bláth 2cm ar leithead le cúig pheiteal lonracha.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an Fearbán Féir ó Aibreán go Deireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Beathaíonn feithidí ar an neachtar a fhaigheann siad i gcrotail bheaga atá cosúil le cupáin ag bun na bpeiteal.Eidhneán
Hedera helix
Grianghraf:
Cur Síos
Is féith nó dreapaire é an t-eidhneán. Is planda í an fhéith le craobhóga fada, crochta agus gais solúbtha. Fásann féith ón talamh le tacaíocht ó chrann nó balla. Fásann eidhneán ar chrainn agus ar bhallaí seanfhoirgnimh nó feadh an talaimh chomh maith. Is féith shíorghlas é an t-eidhneán. Nuair a dhreapann sé ar chrann (nó ar bhalla) greamaíonn sé den chrann le fréamhacha beaga feadh na ngas. Ní thógann na fréamhacha seo aon bhia ná uisce ón gcrann. Tá idir 3 agus 5 mhaothán ar na duilleoga dúghlasa le féitheacha éadroma tríothu. San fhómhar, tagann bláthanna geala buí i gcruth líreacáin ar an eidhneán. Tugann siad neachtar d’fheithidí pailnithe go déanach sa bhliain. Aibíonn na caora dubha i rith an gheimhridh agus itheann éin iad. Tugann an t-eidhneán clúdach agus foscadh d’éin agus do mhamaigh bheaga.Ialtóg Fheascrach
Dáileadh
Tá an ialtóg fheascrach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is í an ialtóg fheascrach an dara hialtóg is lú in Éirinn agus an ialtóg is mó seans a fheicfear. Is ainmhí oíche í (gníomhach san oíche). Is eitleoir gasta í agus tógann sí conair eitilte casta, neamhrialta agus í sa tóir ar bhia. Is féidir léi suas le 3,000 feithid a ithe in aon oíche.Réim Bhia
Eitlíonn sí i ndiaidh luí na gréine chun éin chreiche a sheachaint, pocairí gaoithe ach go háirithe. Beireann sí ar fheithidí beaga eitilte mar chuileoga, mhíoltóga agus leamhain. Itheann sí ar eiteog, ag breith ar a creach ina béal. Úsáideann sí a sciatháin nó a eireaball chun breith ar bhia sula gcuireann sí ina béal é. Tagann sí ar bhia i bhfálta sceach, i gcoillearnacha agus i ngairdíní bruachbhailteacha. Bíonn sí ag fiach os cionn uisce chomh maith.Nead/Gnáthóg
Glaoitear fara ar bhaile ialtóige. Is minic a aimsítear ialtóga feascracha ar fhara i dtithe agus i bhfoirgnimh gar do choillearnacha agus d’fhálta sceach i gceantair uirbeacha agus amuigh faoin tuath.Ialtóg Shopránach
Dáileadh
Is í an ialtóg shopránach an ialtóg is coitianta agus is líonmhara in Éirinn.Cur Síos
Is ceann de na hialtóga is lú atá againn in Éirinn í an ialtóg shopránanch. Tá sé beagnach dodhéanta an ialtóg shopránach agus an ialtóg fheascrach a aithint ó chéile. Tá an béal ag an ialtóg shopránach níos lú ná an béal atá ag an ialtóg fheasrach agus beireann sí ar chreach níos lú freisin. Ní dhéanann an ialtóg shopránach codladh geimhridh trom, sámh mar a dhéanann na hialtóga eile in Éirinn. Bíonn sí gníomhach go leor i rith tréimhse an gheimhridh má bhíonn an aimsir oiriúnach.Réim Bhia
Bíonn an ialtóg shopránach ag ithe i ngnáthóga le huisce oscailte nó feadh bruacha lochanna nó aibhneacha. Beireann sí ar fheithidí beaga eitilte ar nós míoltóga, muiscítí agus feithidí beaga uisceacha. Beireann sí ar eiteog ag gabháil a creiche ina béal. Úsáideann sí a sciatháin nó a heireaball chun bia a cheapadh sula gcuireann sí ina béal é.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an ialtóg shopránach i bhfoirgnimh agus in áiléir. Bíonn sí ag fiach i bpáirceanna agus gar do bhailte móra mar is féidir léi breith ar na feithidí meallta ag na soilse sráide geala bána. Caithfidh gnáthóga feadh bruacha lochanna a bheith ar fáil do na hialtóga seo mar go mbíonn feithidí beaga uisceacha á bhfiach acu.Gráinneog
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an ghráinneog coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí oíche í an ghráinneog (gníomhach san oíche). Tá radharc na súl go dona aici. Nuair a bhraitheann sí go bhfuil sí i mbaol, déanann sí meall di féin mar chosaint. Faraor ní oibríonn an teicníc seo ar thrácht bhóthair agus maraítear an-chuid gráinneoga ar an gcaoi sin.Réim Bhia
Beathaíonn sí ar phéisteanna talún, drúchtíní, ciaróga agus boilb ach itheann sí caora agus torthaí nuair a bhíonn siad ar fáil.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an ghráinneog i gcoillearnacha agus ar thalamh féaraigh suite i lár scrobarnaí. Tá teacht uirthi go minic i gceantair bhruachbhailteacha. Is annamh a fheictear í i gcoillte buaircíneacha, ar thalamh riascach nó ar mhóinteáin.Broc
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an broc coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí oíche é an broc. Is féidir leis suas le 200 péist talún a ithe in aon oíche amháin. Is tochaltóir láidir é. Tá nasc idir an broc agus scaipeadh an ghalair, eitinn bhólachta, in eallaí. (galar tógálach baictéarach) Tá an broc an-ghar i ngaol leis an dobharchú, leis an gcat crainn agus leis an minc.Réim Bhia
Is uiliteoir é an broc (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) Itheann sé péisteanna talún go príomha agus ciaróga, drúchtíní, seilidí, francaigh, lucha agus coiníní chomh maith.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an broc i bhfálta, i scrobarnach agus i gcoillearnach. Tugtar brocach ar bhaile an bhroic (gréasán tollán casta faoi thalamh).Gailseach Choiteann
Grianghraf:
Cur Síos
Is feithid shainiúil í an ghailseach choiteann. Tá dath dearg donn uirthi agus tá a corp fada. Tá ladhracha ag bun an choirp agus is féidir léi niopóg bheag a thabhairt do dhuine leo. Is feithid oíche í. Itheann sí ábhar plandúil nó ainmhíoch marbh. I rith an lae maireann sí in áiteanna taise, dorcha faoi chlocha, potaí plandaí, lomáin nó i scoilteanna agus cúinní. Is féidir teacht ar an ngailseach choiteann i ngach áit ar fud na hÉireann.Naomh Pádraig
Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann
Tugtar Carraig Phádraig ar Charraig Chaisil.De réir an tseanchais tháinig Pádraig go Caiseal sa bhliain 432 AD.
Tá dhá fhinscéal a cheanglaíonn Pádraig le Carraig Phádraig.
1. Is cnoc mór é an Bearnán Éile i gContae Thiobraid Árann.
Tá bearna le feiceáil go soiléir sa chnoc gar don mhullach.
Tá an cnoc timpeall is 30km ó Charraig Phádraig.
De réir an tseanchais bhain an diabhal plaic as an gcnoc agus chaith sé amach na carraigeacha le Pádraig.
Thit na carraigeacha ar Chaiseal agus cruthaíodh Carraig Phádraig dá bharr.
2. Ba ag an láthair seo, Carraig Phádraig, a thug Pádraig Rí na Mumhan chun na Críostaíochta.
Is iomaí cuairteoir a thagann chuig Carraig Phádraig go dtí an lá atá inniu ann. Is suíomh é is mó cuairte in Éirinn.
Ardeaglais Naoimh Pádraig, Ard Mhacha, Contae Ard Mhacha
Sa bhliain 445 AD, tháinig Pádraig go dtí ceantar darbh ainm Ard Mhacha.Ba mhian leis séipéal mór cloiche a thógáil ar an mullach is airde ar sean suíomh págánta.
Dhiúltaigh an taoiseach áitiúil d’iarratas Phádraig ar dtús ach ghéill sé dó sa deireadh agus lig sé do Phádraig a shéipéal a thógáil ar Chnoc Ard Mhacha.
Tá an séipéal ann i gcónaí ar an láthair chéanna inar sheas an chéad séipéal mór cloiche.
Is timpeall ar an gcéad séipéal sin úd a d’fhás cathair Ard Mhacha.
Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo
Éiríonn Cruach Phádraig 764 méadar ar airde agus áirítear í ar an sliabh is beannaithe in Éirinn.Sa bhliain 441 AD, chuaigh Pádraig ar oilithreacht go dtí an sliabh seo roimh an gCáisc. Níor ith sé aon bhia ar feadh 40 lá agus 40 oíche. De réir an tseanchais, bhí deamhain agus déithe págánta ag cur cathú air ach chuir sé an ruaig orthu.
Seo bunús an scéil gur ruaig Pádraig na nathracha ó thalamh na hÉireann.
Thángthas ar fhothrach séipéil beag ar an mullach nuair a bhí tochailt seandálaíochta ar siúl sna 1990idí. Creidtear gur tógadh an séipéal le linn tréimhse Phádraig.
Ón tráth sin i leith bhí séipéal i gcónaí ar mhullach Chruach Phádraig. Glaoitear Teampall Phádraig ar an séipéal seo.
Is ionad oilithreachta é do go leor daoine. Ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil, Domhnach na Cruaiche a thugtar air, déanann na mílte daoine an dreapadh crua go mullach Chruach Phádraig ag leanúint coiscéimeanna Phádraig.
Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí
Sa bhliain 433 AD, de réir an tseanchais, chuaigh Naomh Pádraig go dtí Mullach Bhaile Shláine.Tharla sé go raibh Pádraig san áit seo agus féile phágánach na Bealtaine faoi lánseol.
B’fhéile mhór í féile na Bealtaine a cheiliúrtaí ar an 1ú Bealtaine.
Ba í Bealtaine tús an tsamhraidh. Múchadh na tinte ar fad ar fud na tíre Oíche Bhealtaine ag tabhairt le fios go raibh deireadh an gheimhridh tagtha.
Ba chroílár cumhachta Ard Rí na hÉireann é Teamhair agus ar an láthair seo ceiliúradh cruinnithe tábhachta mar fhéilte reiligiúnacha.
Lasadh Ard Rí na hÉireann tine ar Teamhair ag éirí na gréine ar Fhéile na Bealtaine ag fógairt do chách go raibh an bhliain nua ag tosú.
Timpeall is 16km ó Teamhair, las Pádraig tine ag an am céanna. Bhí an tine ag soilsiú go geal ar feadh na hoíche agus chonaic an tArd Rí i dTeamhair í.
Mar gheall ar an ngníomh seo, ghabh saighdiúirí an Rí Pádraig agus tugadh go Teamhair é chun dul os comhair an Ard Rí.
Is ag an gcruinniú seo leis an Ard Rí a d’inis Pádraig dó faoin gCríostaíocht. D’úsáid sé trí dhuillín na seamróige chun an Tríonóid Ró-Naofa a mhíniú dó; go bhfuil trí dhuine i nDia.
Cé gur fhan sé ina phágánach, lig an tArd Rí do Phádraig leanúint lena obair mhisinéireachta.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Mhullach Bhaile Shláine agus Teamhair. Is álainn na suíomhanna iad agus an-chuid staire ag baint leo.
Sabhall Pádraig, Co. an Dúin
Tar éis staidéar a dhéanamh ar feadh roinnt mhaith blianta, d’fhill Pádraig ar Éirinn sa bhliain 432 AD agus é ina easpag.Tháinig sé chun an Chríostaíocht a roinnt le muintir na hÉireann. Ba phágánaigh iad na hÉireannaigh ag an am sin.
Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn thug sé aghaidh ar an mbaile darbh ainm Sabhall.
Lig an taoiseach áitiúil, Dichu, do Phádraig cur faoi i scioból agus faoi dheireadh bhunaigh sé a chéad mhainistir san áit seo.
Is mar gheall ar seo go n-aithnítear Sabhall go forleathan mar thobar na Críostaíochta in Éirinn.
Is féidir fothrach na mainistreach a fheiceáil ar an láthair seo go dtí an lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1932 tógadh eaglais chloiche, eaglais Shabhaill, chun an suíomh a mharcáil agus tá dealbh ollmhór de Naomh Pádraig ar bharr cnoic Phádraig gar don eaglais i Sabhall.
Fuair sé bás in AD 461, i Sabhall Phádraig, Contae an Dúin.
Ar an 17ú Márta gach bliain osclaítear eaglais Shabhaill do chách den chreideamh Críostaí chun ómós a thabhairt do Phádraig.
Ardeaglais an Dúin, Dún Pádraig, Co. an Dúin
Fuair Naomh Pádraig bás i Sabhall ar an 17ú Márta 461 AD.Deirtear, áfach, gur adhlacadh é ar thalamh Ardeaglaise an Dúin, a sheasann ar Chnoc an Dúin, Dún Pádraig.
Deirtear go bhfuil corp Bhríde agus corp Choilm Cille curtha ar an láthair chéanna chomh maith.
Sliabh Mis, Co. Aontroma
Go luath sna 400dí ghabh foghlaithe mara Pádraig agus tugadh go hÉirinn é.Bhí sé 16 bhliana d’aois ag an am.
Díoladh ina sclábhaí é le feirmeoir caorach darbh ainm Milchu é.
Choimeád Milchu a chaoirigh ar Shliabh Mis agus chaith Pádraig an chéad sé bliana eile dá shaol ina aoire ag faire ar chaoirigh ar an sliabh seo.
Bhí Pádraig ina aonar gan comhluadar ar bith aige ach na caoirigh.
I rith an ama seo ar an sliabh a neartaíodh a chreideamh i nDia agus deirtear gur ghuigh sé suas le 100 uaire gach lá agus oíche.
D’iarr sé ar Dhia go sábhálfaí é.
Ar deireadh, dúradh leis i mbrionglóid go raibh long ann a thabharfadh abhaile chun na Breataine Bige é.
Is ionad tábhachtach oilithreachta é Sliabh Mis agus ar an 17ú Márta tugann oilithrigh a n-aghaidh ar mhullach Shliabh Mis in ómós do Naomh Pádraig.