Mí an Mhárta
Aoine
1
Satharn 2
Domhnach 3
Luan 4
Máirt 5
Céadaoin 6
Déardaoin 7
Aoine 8
Satharn 9
Domhnach 10
Luan 11
Máirt 12
Céadaoin 13
Déardaoin 14
Aoine 15
Satharn 16
Domhnach
17
Luan 18
Máirt
19
Céadaoin 20
Déardaoin 21
Aoine 22
Satharn 23
Domhnach 24
Luan 25
Máirt 26
Céadaoin 27
Déardaoin 28
Aoine 29
Satharn 30
Domhnach
31
19 Mí an Mhárta
Lá na Máithreacha
Leis na cianta, bhíodh féilte in onóir do mháithreacha.
Go minic, bhí na féilte ceangailte le máthairdhéithe, ar nós Cybele ag na Gréagaigh agus ag na Rómánaigh.
Sa Mheánaois, nuair a d’oibríodh páistí mar sheirbhísigh, thugtaí Domhnach saor dóibh i lár an Charghais le dul chun na heaglaise agus cuairt a thabhairt ar a máithreacha. Ba é an t-aon lá sa bhliain go mbeidís saor.
Sa séú haois déag i Sasana, tugadh an t-ainm Domhnach na Máithreacha ar an lá seo.
Dá réir sin, d’fhás agus d’fhorbair an traidisiún go mbíodh teacht le chéile clainne ar an lá sin agus cead ag páistí filleadh abhaile. Toisc gur thit an Domhnach seo le linn an Charghais cuireadh troscadh ar ceal don lá agus bhí cead cáca milis a ithe.
Ceiliúrtar Lá na Máithreacha in os cionn 50 tír.
Titeann an lá ag amanna difriúla ar fud an domhain ar an gceathrú Domhnach de Mhí an Mhárta, in Éirinn agus Sasana mar shampla agus ar an dara Domhnach de Mhí na Bealtaine, sa Fhrainc agus san Iodáil mar shampla.
Is lá é seo chun ár mbuíochais a ghabháil lenár máithreacha as ucht na rudaí a dhéanann siad dúinn gach uile lá.
Is féidir bláthanna agus seacláid a cheannach di.
Nó níos fearr fós is féidir do ghrá a léiriú trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh, mar shampla cupán tae a dhéanamh di, béile a ullmhú di, glanadh i ndiaidh an bhéile agus barróg mhór a thabhairt di le linn an lae!
17 Mí an Mhárta
Lá Fhéile Pádraig
Ba Chríostaí é Pádraig a chónaigh sa Bhreatain Bheag agus é ina bhuachaill óg.
Lá amháin, bhí sé amuigh ag spraoi lena chairde cois trá nuair a tháinig foghlaithe mara i dtír ó Éirinn.
Sciob siad Pádraig leo agus thóg siad ar ais go hÉirinn é chun é a dhíol mar sclábhaí.
Bhí feirmeoir darbh ainm dó Milchu a raibh caoirigh aige ar Shliabh Mis in Aontroim.
Cheannaigh Milchu Pádraig chun a bheith mar aoire aige dá chaoirigh.
Fágadh Pádraig ar Shliabh Mis de lá is d’oíche, sa bháisteach agus sa teas, gan comhluadar ar bith aige ach na caoirigh.
Ní raibh le hithe aige ach bia na n-ainmhithe agus bhí ocras an domhain air.
Bhí uaigneas air toisc nach raibh aon duine eile leis ach chaith sé a chuid ama ag labhairt le Dia.
Oíche amháin bhí brionglóid ag Pádraig faoi long a bhí ag fanacht air ag an gcuan chun é a thabhairt abhaile.
D’éalaigh sé ó Shliabh Mis agus nuair a shroich sé an cuan, bhí bád roimhe a bhí ag imeacht go dtí an Bhreatain Bheag. Thapaigh sé an deis dul ar bord agus bhain sé a bhaile amach.
Bhí an-chreideamh go deo ag Pádraig agus nuair a d’fhás sé aníos, rinneadh sagart de.
Chuaigh sé go dtí an Fhrainc agus tar éis roinnt de bhlianta, rinneadh easpag de.
Ach ní dhearna Pádraig dearmad riamh ar an am a chaith sé in Éirinn agus ghoill sé go mór air go raibh na hÉireannaigh mar phágánaigh, gan aithne acu ar Dhia.
Bheartaigh sé filleadh ar Éirinn athuair chun na Críostaíochta a roinnt le muintir na hÉireann.
D’oibrigh sé go crua ar feadh a shaoil ag taisteal ar fud na tíre ag scaipeadh an chreidimh agus ag baisteadh daoine.
Fuair sé bás in AD 461 i Sabhall Pádraig, Contae an Dúin áit ar thóg sé a chéad eaglais.
Ainmníodh mar naomhpátrún na hÉireann é agus bíonn ceiliúradh bliantúil ann dó ar 17ú Márta, an lá go bhfuair sé bás.
Tá baint mhór ag go leor áiteanna stairiúla ar fud na hÉireann le Naomh Pádraig. Nuair a smaoinímid ar Naomh Pádraig cuimhnímid ar na suíomhanna éagsúla stairiúla seo; Sliabh Mis i gContae Aontroma, Mullach Bhaile Shláine i gContae na Mí agus Carraig Phádraig i gContae Thiobraid Árann.
Crosfhocal
Cuardach Focal
Crosfhocal ar líne Pádraig
31 Mí an Mhárta
Domhnach na Pailme
Is í Seachtain na Páise nó an tSeachtain Mhór an tseachtain roimh Dhomhnach na Cásca.
Is seachtain fhíorthábhachtach í i gcreideamh na Críostaíochta.
Bíonn go leor deasghnátha ar siúl i séipéil ar fud an domhain le linn na seachtaine chun na laethanta seo a cheiliúradh agus chun scéal bháis Íosa a insint.
Seo iad na laethanta tábhachtacha den tseachtain seo agus na scéalta a bhaineann leo:
Domhnach na Pailme
Céadaoin an Bhraith
Déardaoin Beannaithe
Aoine Chéasta
Domhnach Cásca
Bhí Íosa ar a bhealach ar ais go hIarúsailéim chun féile na Cásca a cheiliúradh.
Sular shroich sé an baile féin, dúirt sé le beirt dá dheisceabal (leantóirí Íosa) asal a fháil dó. Rinne siad amhlaidh.
Shuigh Íosa ar dhroim an asail, agus lean sé ar aghaidh i dtreo Iarúsailéim.
Bhí daoine ag ullmhú do Cháisc na nGiúdach ag an am agus bhí na sluaite i mbaile Iarúsailéim.
Bhí gean ag daoine ar Íosa toisc gur duine ceannasach carasmatach ab ea é.
Dar ndóigh, bhí eolas go forleathan faoi na míorúiltí a bhí déanta aige agus faoi na seanmóirí iontacha a bhí tugtha aige. Dá bhrí sin, tháinig na sluaite amach chun fáilte is fiche a chur roimh Íosa nuair a chualathas go raibh sé ag teacht.
Leag siad a gclócaí agus craobhacha pailme roimhe ar an talamh in onóir dó.
Chan siad ‘Hosanna sna harda’ agus d’umhlaigh siad in ómós dó.
Bhí ardsagairt na nGiúdach (Sanheidrin) ag faire ar na heachtraí seo ar fad agus cheap siad go raibh cúrsaí maidir le hÍosa imithe ó smacht. Theastaigh uathu fáil réidh leis ach bhí orthu é a ghabháil i dtús
Domhnach Cásca
Ar an tríú lá tar éis bháis Íosa, chuaigh na mná ar ais chuig an tuama lena gcuid spríosraí agus olaí. Nuair a shroich siad an tuama chonaic siad go raibh an chloch mhór iompaithe siar ó bhéal an tuama. Bhí ionadh orthu faoi seo ach chuaigh siad isteach sa tuama ag lorg coirp Íosa ach ní raibh sé ann. Sheas siad ansin agus iad trína chéile nuair a thaispeáin aingeal é féin do na mná ag fógairt :
“Níl Íosa anseo. Tá sé éirithe óna mairbh. Imígí agus insígí an dea-scéala dá chairde”.
D’imigh na mná leo chun an dea-scéala a insint do dheisceabail Íosa.
Bhí na deisceabail ar fad bailithe le chéile chun sóláis a thabhairt dá chéile tar éis na tubaiste uafásach a tharla d’ Íosa. Bhuail na mná leo agus d’inis siad gach rud dóibh. Níor chreid siad iad agus mheas siad go raibh na mná as a meabhair le brón. Ach bhrostaigh Peadar agus Eoin chuig an tuama go bhfeicfidís lena súile féin é. Chonaic siad na héadaí a bhí ar chorp Íosa fágtha ansin agus chreid siad go raibh Íosa éirithe óna mairbh.
Sheas Máire Mhaighdiléana taobh amuigh den tuama ag caoineadh go cráite. Bhí fear ina aice an tuama agus labhair sé léi.
“Cén fáth a bhfuil tú ag gol?” a d’fhiafraigh sé.
Cheap Máire gur gharraíodóir a bhí ann. Níor aithin sí Íosa.
D’fhreagair sí, “má tá corp Íosa tógtha agat, inis dom cár chuir tú é.”
“A Mháire” a dúirt sé, agus d’aithin sí láithreach ansin gur Íosa a bhí ann. Bhí ríméad an domhain uirthi Íosa a fheiceáil. D’iarr Íosa uirthi dul chuig na deisceabail agus a insint dóibh go bhfaca sí é.
Bhí ionadh agus alltacht ar na deisceabail.
Tháinig Íosa ina measc ar ocáidí difriúla agus labhair sé leo. Mhínigh Íosa dóibh gur tharla gach rud mar a bhí leagtha amach ag Dia, a Athair; “Bhí orm fulaingt agus bás a fháil agus éirí óna mairbh. Tá maithiúnas ann dóibh siúd a chreideann i nDia agus a iarann beatha nua ar Dhia. Scaipigí an dea-scéala ar fud an domhain.”
Ghuigh siad le chéile ag tabhairt moladh do Dhia.
Tháinig misneach orthu tar éis teacht an Spiorad Naoimh.
Ní raibh eagla níos mó orthu agus amach leo i measc na sluaite ag roinnt an dea-scéala leo.
Inniu Satharn 21
Réamhaisnéis na haimsire
Snag Breac
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an snag breac an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is préachán é an snag breac. Tá clúmh dubh agus bán air. Tá a eireaball fada le himir ghlas air.Réim Bhia
Itheann sé péisteanna agus drúchtíní ach itheann sé aon rud nach mór.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an snag breac i gceantair thuaithe agus uirbeacha. Déanann sé a nead le cipíní agus le caonach go hard i gcrainn.Smólach Ceoil
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an smólach ceoil coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an smólach ceoil ar aon mhéid leis an lon dubh. Tá a chodanna uachtaracha donn. Tá dath béas ar a chodanna íochtaracha agus tá spotaí dubha i gcruth saighde i línte soiléire ar a bhrollach agus ar a thaobhanna. Breathnaíonn an smólach ceoil fireann agus baineann an-chosúil lena chéile. Feictear an smólach ceoil i mbun ceiliúradh ar fhara, ard, feiceálach. Tá ceiliúr an éin seo simplí. Canann sé míreanna arda, soiléire cosúil le fliúit, arís agus arís eile. Ní bhailíonn na smólaigh cheoil in ealtaí riamh. Ina n-aonar nó i bpéirí a fheictear iad go hiondúil.Réim Bhia
Itheann an smólach ceoil feithidí agus péisteanna talún. Is fearr leis seilidí ach go háirithe agus briseann sé na sliogáin ina smidiríní ar chlocha agus ar charraigeacha chun na seilidí a ithe. Is minic a fheictear é ag pocléim feadh an talaimh agus é sa tóir ar phéisteanna.Nead/Gnáthóg
Déanann an smólach ceoil a nead in áit faoi scáth i dtor nó i gcrann. Is iondúil a thógann an smólach ceoil baineann an nead. Tá an nead cuach-chruthach, déanta as féar, cipíní agus créafóg. Tá an líneáil déanta as láib agus tá sé mín ar an taobh istigh.Pocaire Gaoithe
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an pocaire gaoithe coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan creiche beag é an pocaire gaoithe. Is é an fabhcún is coitianta atá againn in Éirinn. Tá a eireaball agus a sciatháin fada, caol. Cabhraíonn an gob gearr, crúcach leis feoil a ithe. Tá uachtar a eireabill liathghorm le banda ag an deireadh. Tá stríoca míne liathghorma ar a chloigeann. Tá an pocaire gaoithe baineann donn agus tá sraith bandaí aici ar uachtar a heireabaill. Tá stríoca donna ar a cloigeann. Is é an pocaire gaoithe an t-aon éan creiche Éireannach a bhíonn ag faoileáil agus is minic a fheictear é ar foluain os cionn ciumhaiseanna féir cois bóthair ag lorg bia.Réim Bhia
Itheann an pocaire gaoithe mamaigh bheaga ach beireann sé ar fheithidí agus ar éin freisin, uaireanta.Nead/Gnáthóg
Is féidir teacht ar an bpocaire gaoithe i ngnáthóga oscailte éagsúla ar nós cóstaí, ar talamh feirme, ar chiumhaiseanna féir cois bóthair agus i bpáirceanna i mbailte. Déanann sé nead i gcrainn, i bhfoirgnimh nó i scoilteanna ar aillte. Uaireanta úsáidtear sean neadacha préacháin.Caorthann
Sorbus aucuparia
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach é an caorthann. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann an caorthann go fiáin faoin tuath agus i ngairdíní chomh maith. Ta na duilleoga déanta as 6-8 duillín ubhchruthacha, bhioracha le duillín deiridh amháin ag an mbarr. Iompaíonn na duilleoga buí agus dearg san fhómhar sula dtiteann siad. Fásann grúpaí de bhláthanna bánbhuí ar an gcrann go déanach san Earrach. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth. Meallann boladh cumhra na mbláthanna beacha agus feithidí pailnithe eile. I Meán Fómhair, aibíonn caora dúdhearga ar an gcaorthann. Bíonn ceithre shíol i ngach chaor. Itheann alán éin na caora. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Fuinseog
Fraxinus excelsior
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an fhuinseog. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Feictear an fhuinseog go minic i gcoillte. I ngach duilleog tá 9 go 13 dhuillín ar ghas. Tá siad ubhchruthach, biorach agus duillín amháin ar an mbarr. Tagann na bláthanna ar an bhfuinseog roimh na duilleoga idir Aibreán agus Bealtaine. Bíonn na bláthanna spíceach agus dath corcra dorcha orthu. Aibíonn na torthaí san fhómhar. Crochann siad ar nós cloigíní eochracha agus scaiptear ar an ngaoth iad i nDeireadh Fómhair. Meallann boladh na mbláthanna feithidí eitilte oíche atá tábhachtach d’ialtóga. Is maith le héin na síolta. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Dris
Rubus fructicosus
Grianghraf:
Cur Síos
Is tor í an dris. Tá tor cosúil le crann beag. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor. Fásann an dris i bhfálta sceach, ar imill bhóithre agus ar thalamh garbh. Is tor casta, righin, deilgneach í. Tá idir 3-5 dhuillín ubhchruthacha ar an duilleog. Le linn an tsamhraidh, feictear bláthanna bána nó bándearga ag fás. Tugann siad neachtar do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. San fhómhar, aibíonn caora dubha ar a dtugtar sméara dubha ar an dris. Is toradh milis é an sméar. Is féidir subh agus pióga torthaí a dhéanamh as sméara dubha nó iad a ithe láithreach. Itheann éin agus mamaigh na sméara dubha sa gheimhreadh. Tugann an dris suíomh neadaithe d’éin agus clúdach agus foscadh do mhamaigh bheaga ar nós luch agus gráinneog.Seamair Bhán
Grianghraf:
Dáileadh
Is planda nádúrtha agus forleathan in Éirinn í an tSeamair Bhán. Is í an tseamair is coitianta de na seamra ar fad.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an tseamair bhán i mbeagnach aon ghnáthóg fhéarmhar.Cur Síos
Is fíor a rá gur Seamair Bhán í an tSeamróg. Tagann an focal Seamróg ón nGaeilge “Seamair Óg”. Tá gnáth chruth seimre ar na duilleoga - trí dhuillín cruinne le marcanna geala orthu go minic. Is grúpaí de bhláthanna beaga dlútha ubhchruthacha iad na bláthchinn. Bíonn na bláthchinn 8-13 mm ar leithead. Bíonn dath bánbhuí ar na bláthanna agus boladh cumhra uathu.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn an tseamair bhán faoi bhláth ó Mheitheamh go Meán Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Is foinse neachtair ríthábhachtach í na bláthanna do chineálacha éagsúla bumbóg. Is foinse bhia í an tseamair bhán don ghormán coiteann.Giorria Sléibhe Éireannach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an giorria coitianta in Éirinn.Cur Síos
Glaoitear an giorria sléibhe ar an ngiorria chomh maith. Is ainmhí oíche é go príomha (gníomhach san oíche). Gluaiseann an giorria go gasta suas le 70km san uair chun é féin a chosaint ó chreachadóirí. Is é an t-ainmhí talún is tapúla in Éirinn. Tugtar patachán ar ghiorria óg.Réim Bhia
Is luibhiteoir é an giorria (ainmhí a itheann fásra amháin). I suímh arda itheann sé meascán de fhraoch óg agus d’fhéara agus sa gheimhreadh itheann sé aiteann agus saileach. Ar thalamh íseal itheann sé féara, caisearbháin agus luibheanna eile.Nead/Gnáthóg
Feictear an giorria i ngnáthóga oscailte idir ceantair shléibhe agus ceantair cois chósta. Ní thochlaíonn sé poll sa talamh mar a dhéanann an coinín ach cónaíonn sé i bpluais os cionn talún ar a nglaoitear leaba dhearg. Roghnaíonn sé suímh le fásra leacaithe faoi fhraoch nó faoi fhéar fada.Fearán Baicdhubh
Grianghraf:
Dáileadh
‘Sé an fearán baicdhubh an t-aon cholúr in Éirinn. Tá sé le feiceáil go forleathan ar fud na tíre.Cur Síos
Tá dath liath éadrom ar an bhfearán baicdhubh le cleití dorcha ar a sciatháin. Tá imeall bán ar chúl a mhuiníl ar nós coiléir. Breathnaíonn sé cosúil le colúr beag liath. Tá an chuma chéanna ar an bhfearán baicdhubh fireann agus baineann.Réim Bhia
Itheann an fearán baicdhubh, grán agus síolta den chuid is mó, ach uaireanta itheann sé feithidí.Nead/Gnáthóg
Feictear an fearán baicdhubh go hiondúil ina sheasamh ar shreanga teileafóin, ar aeróga teilifíse agus ar dhíonta. Déanann sé nead lag, sobhriste as cipíní i nduilliúr dlúth.Bóín Dé Sheachtbhallach
Grianghraf:
Cur Síos
Is feithid í an bhóín Dé sheachtbhallach agus is ciaróg í. Tá a sciatháin tosaigh dearg agus crua le seacht spota dhubha orthu. Cuireann dath geal na sciathán tosaigh in iúl dá creachadóirí go bhfuil blas gránna uirthi. Cosnaíonn na sciatháin chrua a sciatháin eitilte agus a corp bog. Tá sí 6-8mm ar fad. Tá cosa gearra aici a tharraingíonn sí suas fúithi nuair is gá. Tálann sí leacht bréan buí nuair a ionsaítear í. Déanann sí codladh geimhridh le bóíní Dé eile faoi dhuilleoga chun iad féin a choinneáil te. Is breá le garraíodóirí an bhóín Dé sheachtbhallach mar itheann sí aifidí a dhéanann damáiste do phlandaí sa ghairdín. Is féidir leis an mbóín Dé suas le 5,000 aifid a ithe in aghaidh na bliana.Damhán Tí
Grianghraf:
Cur Síos
Is araicnid é an damhán tí. Tá ocht gcos air agus níl aon aintéine aige. Feictear an damhán fireann san Fhómhair, go hiondúil. Tagann sé isteach sa teach trí fhuinneoga oscailte agus bearnaí eile agus feictear é san fholcadán nó ag brostú trasna an urláir. Tá sé mór. Tá dath cróndhonn air agus tá patrún cnámh scadáin ar a dhroim. Tógann sé líon chun breith ar fheithidí. Is líon buan é. Feictear na líonta i ngaráistí, i seideanna nó i siléir agus in áiteanna nach gcuirtear isteach orthu. Fanann an damhán tí i bhfolach i rith an lae agus tagann sé amach san oíche. Itheann sé go leor feithidí - cuileoga, seangáin agus gailseacha.Naomh Pádraig
Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann
Tugtar Carraig Phádraig ar Charraig Chaisil.De réir an tseanchais tháinig Pádraig go Caiseal sa bhliain 432 AD.
Tá dhá fhinscéal a cheanglaíonn Pádraig le Carraig Phádraig.
1. Is cnoc mór é an Bearnán Éile i gContae Thiobraid Árann.
Tá bearna le feiceáil go soiléir sa chnoc gar don mhullach.
Tá an cnoc timpeall is 30km ó Charraig Phádraig.
De réir an tseanchais bhain an diabhal plaic as an gcnoc agus chaith sé amach na carraigeacha le Pádraig.
Thit na carraigeacha ar Chaiseal agus cruthaíodh Carraig Phádraig dá bharr.
2. Ba ag an láthair seo, Carraig Phádraig, a thug Pádraig Rí na Mumhan chun na Críostaíochta.
Is iomaí cuairteoir a thagann chuig Carraig Phádraig go dtí an lá atá inniu ann. Is suíomh é is mó cuairte in Éirinn.
Ardeaglais Naoimh Pádraig, Ard Mhacha, Contae Ard Mhacha
Sa bhliain 445 AD, tháinig Pádraig go dtí ceantar darbh ainm Ard Mhacha.Ba mhian leis séipéal mór cloiche a thógáil ar an mullach is airde ar sean suíomh págánta.
Dhiúltaigh an taoiseach áitiúil d’iarratas Phádraig ar dtús ach ghéill sé dó sa deireadh agus lig sé do Phádraig a shéipéal a thógáil ar Chnoc Ard Mhacha.
Tá an séipéal ann i gcónaí ar an láthair chéanna inar sheas an chéad séipéal mór cloiche.
Is timpeall ar an gcéad séipéal sin úd a d’fhás cathair Ard Mhacha.
Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo
Éiríonn Cruach Phádraig 764 méadar ar airde agus áirítear í ar an sliabh is beannaithe in Éirinn.Sa bhliain 441 AD, chuaigh Pádraig ar oilithreacht go dtí an sliabh seo roimh an gCáisc. Níor ith sé aon bhia ar feadh 40 lá agus 40 oíche. De réir an tseanchais, bhí deamhain agus déithe págánta ag cur cathú air ach chuir sé an ruaig orthu.
Seo bunús an scéil gur ruaig Pádraig na nathracha ó thalamh na hÉireann.
Thángthas ar fhothrach séipéil beag ar an mullach nuair a bhí tochailt seandálaíochta ar siúl sna 1990idí. Creidtear gur tógadh an séipéal le linn tréimhse Phádraig.
Ón tráth sin i leith bhí séipéal i gcónaí ar mhullach Chruach Phádraig. Glaoitear Teampall Phádraig ar an séipéal seo.
Is ionad oilithreachta é do go leor daoine. Ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil, Domhnach na Cruaiche a thugtar air, déanann na mílte daoine an dreapadh crua go mullach Chruach Phádraig ag leanúint coiscéimeanna Phádraig.
Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí
Sa bhliain 433 AD, de réir an tseanchais, chuaigh Naomh Pádraig go dtí Mullach Bhaile Shláine.Tharla sé go raibh Pádraig san áit seo agus féile phágánach na Bealtaine faoi lánseol.
B’fhéile mhór í féile na Bealtaine a cheiliúrtaí ar an 1ú Bealtaine.
Ba í Bealtaine tús an tsamhraidh. Múchadh na tinte ar fad ar fud na tíre Oíche Bhealtaine ag tabhairt le fios go raibh deireadh an gheimhridh tagtha.
Ba chroílár cumhachta Ard Rí na hÉireann é Teamhair agus ar an láthair seo ceiliúradh cruinnithe tábhachta mar fhéilte reiligiúnacha.
Lasadh Ard Rí na hÉireann tine ar Teamhair ag éirí na gréine ar Fhéile na Bealtaine ag fógairt do chách go raibh an bhliain nua ag tosú.
Timpeall is 16km ó Teamhair, las Pádraig tine ag an am céanna. Bhí an tine ag soilsiú go geal ar feadh na hoíche agus chonaic an tArd Rí i dTeamhair í.
Mar gheall ar an ngníomh seo, ghabh saighdiúirí an Rí Pádraig agus tugadh go Teamhair é chun dul os comhair an Ard Rí.
Is ag an gcruinniú seo leis an Ard Rí a d’inis Pádraig dó faoin gCríostaíocht. D’úsáid sé trí dhuillín na seamróige chun an Tríonóid Ró-Naofa a mhíniú dó; go bhfuil trí dhuine i nDia.
Cé gur fhan sé ina phágánach, lig an tArd Rí do Phádraig leanúint lena obair mhisinéireachta.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Mhullach Bhaile Shláine agus Teamhair. Is álainn na suíomhanna iad agus an-chuid staire ag baint leo.
Sabhall Pádraig, Co. an Dúin
Tar éis staidéar a dhéanamh ar feadh roinnt mhaith blianta, d’fhill Pádraig ar Éirinn sa bhliain 432 AD agus é ina easpag.Tháinig sé chun an Chríostaíocht a roinnt le muintir na hÉireann. Ba phágánaigh iad na hÉireannaigh ag an am sin.
Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn thug sé aghaidh ar an mbaile darbh ainm Sabhall.
Lig an taoiseach áitiúil, Dichu, do Phádraig cur faoi i scioból agus faoi dheireadh bhunaigh sé a chéad mhainistir san áit seo.
Is mar gheall ar seo go n-aithnítear Sabhall go forleathan mar thobar na Críostaíochta in Éirinn.
Is féidir fothrach na mainistreach a fheiceáil ar an láthair seo go dtí an lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1932 tógadh eaglais chloiche, eaglais Shabhaill, chun an suíomh a mharcáil agus tá dealbh ollmhór de Naomh Pádraig ar bharr cnoic Phádraig gar don eaglais i Sabhall.
Fuair sé bás in AD 461, i Sabhall Phádraig, Contae an Dúin.
Ar an 17ú Márta gach bliain osclaítear eaglais Shabhaill do chách den chreideamh Críostaí chun ómós a thabhairt do Phádraig.
Ardeaglais an Dúin, Dún Pádraig, Co. an Dúin
Fuair Naomh Pádraig bás i Sabhall ar an 17ú Márta 461 AD.Deirtear, áfach, gur adhlacadh é ar thalamh Ardeaglaise an Dúin, a sheasann ar Chnoc an Dúin, Dún Pádraig.
Deirtear go bhfuil corp Bhríde agus corp Choilm Cille curtha ar an láthair chéanna chomh maith.
Sliabh Mis, Co. Aontroma
Go luath sna 400dí ghabh foghlaithe mara Pádraig agus tugadh go hÉirinn é.Bhí sé 16 bhliana d’aois ag an am.
Díoladh ina sclábhaí é le feirmeoir caorach darbh ainm Milchu é.
Choimeád Milchu a chaoirigh ar Shliabh Mis agus chaith Pádraig an chéad sé bliana eile dá shaol ina aoire ag faire ar chaoirigh ar an sliabh seo.
Bhí Pádraig ina aonar gan comhluadar ar bith aige ach na caoirigh.
I rith an ama seo ar an sliabh a neartaíodh a chreideamh i nDia agus deirtear gur ghuigh sé suas le 100 uaire gach lá agus oíche.
D’iarr sé ar Dhia go sábhálfaí é.
Ar deireadh, dúradh leis i mbrionglóid go raibh long ann a thabharfadh abhaile chun na Breataine Bige é.
Is ionad tábhachtach oilithreachta é Sliabh Mis agus ar an 17ú Márta tugann oilithrigh a n-aghaidh ar mhullach Shliabh Mis in ómós do Naomh Pádraig.