Mí Aibreáin
Luan 1
Máirt
2
Céadaoin
3
Déardaoin 4
Aoine
5
Satharn
6
Domhnach
7
Luan 8
Máirt 9
Céadaoin 10
Déardaoin 11
Aoine 12
Satharn 13
Domhnach 14
Luan 15
Máirt 16
Céadaoin 17
Déardaoin 18
Aoine 19
Satharn 20
Domhnach 21
Luan 22
Máirt 23
Céadaoin 24
Déardaoin 25
Aoine 26
Satharn 27
Domhnach 28
Luan 29
Máirt 30
2 Mí Aibreáin
Domhnach na Pailme
Is í Seachtain na Páise nó an tSeachtain Mhór, an tseachtain roimh Dhomhnach na Cásca.
Is seachtain fhíorthábhachtach í i gcreideamh na Críostaíochta.
Bíonn go leor deasghnátha ar siúl i séipéil ar fud an domhain le linn na seachtaine chun na laethanta seo a cheiliúradh agus chun scéal bháis Íosa a insint.
Seo iad na laethanta tábhachtacha den tseachtain seo agus na scéalta a bhaineann leo:
Domhnach na Pailme
Céadaoin an Bhraith
Déardaoin Beannaithe
Aoine Chéasta
Domhnach Cásca
Bhí Íosa ar a bhealach ar ais go hIarúsailéim chun féile na Cásca a cheiliúradh.
Sular shroich sé an baile féin, dúirt sé le beirt dá dheisceabal (leantóirí Íosa) asal a fháil dó. Rinne siad amhlaidh.
Shuigh Íosa ar dhroim an asail, agus lean sé ar aghaidh i dtreo Iarúsailéim.
Bhí daoine ag ullmhú do Cháisc na nGiúdach ag an am agus bhí na sluaite i mbaile Iarúsailéim.
Bhí gean ag daoine ar Íosa toisc gur duine ceannasach carasmatach ab ea é.
Dar ndóigh, bhí eolas go forleathan faoi na míorúiltí a bhí déanta aige agus faoi na seanmóirí iontacha a bhí tugtha aige. Dá bhrí sin, tháinig na sluaite amach chun fáilte is fiche a chur roimh Íosa nuair a chualathas go raibh sé ag teacht.
Leag siad a gclócaí agus craobhacha pailme roimhe ar an talamh in onóir dó.
Chan siad ‘Hosanna sna harda’ agus d’umhlaigh siad in ómós dó.
Bhí ardsagairt na nGiúdach (Sanheidrin) ag faire ar na heachtraí seo ar fad agus cheap siad go raibh cúrsaí maidir le hÍosa imithe ó smacht. Theastaigh uathu fáil réidh leis ach bhí orthu é a ghabháil i dtús.
5 Mí Aibreáin
Céadaoin an Bhraith
I ndiaidh Domhnach na Pailme, bhailigh seanóirí reiligiúnacha (ardsagairt) na nGiúdach (Sanhedrin) le chéile chun labhairt faoi Íosa agus a thionchar ar dhaoine. Ní mó ná sásta a bhí siad leis an bhfáilte a cuireadh roimhe ar Domhnach na Pailme nuair a tugadh urraim dó. Theastaigh uathu fáil réidh leis toisc go raibh sé carasmatach agus go raibh na sluaite á leanúint.
Ar Chéadaoin an Bhraith, bhí Íosa i mBéatáine, áit taobh amuigh d’Iarúsailéim lena dheisceabail.
Bhí a fhios ag Iúdás Isceiriót, duine den dáréag aspal, go raibh an Sanhedrin ar a thóir agus go bhféadfadh sé airgead a fháil dá ndéanfadh sé scéala ar Íosa leis na hardsagairt.
D’imigh sé leis agus rinne sé an beart gránna ar thríocha píosa d’airgead geal.
Rinneadh an cinneadh go ngabhfaí Íosa an lá dár gcionn, an Déardaoin, i ndiaidh bhéile Cháisc na nGiúdach.
6 Mí Aibreáin
Déardaoin Beannaithe
Tharla go leor rudaí fíorthábhachtacha ar an nDéardaoin Beannaithe agus déantar tagairt dóibh le linn na searmanas a bhaineann leis an lá seo a cheiliúrtar ar fud an domhain.
1. Íosa ag ní cos na ndeisceabal
2. An Suipéar Déanach (An Chéad Chomaoineach )
3. Gairdín Geitséamainí
4. Teach an ardsagairt /Peadar ag séanadh Íosa
5. Pálás an Ghobharnóra / Tugadh Íosa os comhair Pontias Pioláit
B’fhéile speisialta é Cáisc na nGiúdach i bhféilire na nGiúdach.
Bhí daoine gnóthach ag ullmhú do bhéile na hoíche sin.
D’iarr Íosa ar na deisceabail seomra a lorg in Iarúsailéim go mbeidís in ann teacht le chéile agus Cáisc na nGiúdach a cheiliúradh.
Bhailigh Íosa agus a dheisceabail chun béile a bheith acu le chéile an oíche sin. Sular shuigh siad chun boird, fuair Íosa éadach glan agus báisín uisce. Chrom sé ar a gcosa a ní, duine ar dhuine. Toisc gur chaith daoine cuaráin i gcónaí agus iad ag siúl na mbóithre salacha, deannachúla, bhíodh sé de nós ag daoine a gcosa a ní tar éis teacht isteach dóibh. Bhí alltacht ar na deisceabail go raibh Íosa ag ní a gcos agus d’airíodar míshuaimhneach faoi. De ghnáth ba ar shearbhónta a cuireadh a leithéid de chúram. Ach leis an ngníomh seo bhí Íosa ag léiriú a ghrá dá dheisceabail agus a ghrá dúinne freisin.
Agus Cáisc na nGiúdach á cheiliúradh ag na Giúdaigh, bhí sé de nós acu arán gan giosta a ithe. Is é an giosta an comhábhar a ardaíonn arán agus dá bhrí sin, bhí an t-arán ar fad gan laibhín.
Nuair a bhíodar réidh, shuíodar ar fad le chéile chun boird.
Bhí a fhios ag Íosa gurb é seo an béile deireanach aige leis na deisceabail agus ba ghearr go mbeadh rudaí ag teacht chun críche mar a bhí leagtha amach dó.
Labhair Íosa leis na deisceabail agus cuma an-bhrónach air. D’inis sé dóibh go raibh duine díobh tar éis sceitheadh air. Shéanadar ar fad go ndéanfaidís a leithéid ach chrom Iúdas a cheann le náire agus bhailigh sé leis.
Le linn an bhéile, thóg Íosa an t-arán gan laibhín agus ghabh sé buíochas le Dia as agus roinn sé ar na deisceabail é agus dúirt sé:
“Glacaigí agus ithigí an t-arán seo. Is é seo mo chorp a thabharfar ar bhur son. Déanaigí é seo i gcuimhne ormsa’.
D’ith siad an t-arán.
Ansin thóg sé an fíon agus dúirt sé:
‘Glacaigí agus ólaigí an fíon seo. Is é seo mo chuid fola a dhoirtfear ar bhur son.
Déanaigí é seo i gcuimhne ormsa’.
Ba é seo an Chéad Chomaoineach riamh.
Ceiliúrtar an deasghnáth seo i gcuimhne ar Íosa ag gach Aifreann.
Tar éis dóibh an béile a chríochnú, bhí fonn ar Íosa guí.
Bhí faitíos air roimh cad a bhí le teacht agus theastaigh uaidh cabhair a lorg ó Dhia.
Shiúil siad go dtí Gairdín Geitséamainí, ar Chnoc na nOlóg taobh amuigh d’Iarúsailéim. Is ansin a dúirt Íosa leis na deisceabail go dtréigfeadh gach duine díobh é roimh dheireadh na hoíche. Ní mó ná sásta a bhí siad leis an ráiteas seo agus shéan siad go dtarlódh sé.
Gheall Peadar nach dtréigfeadh sé Íosa go deo. D’fhreagair Íosa é, á rá ‘ Sula bhfógraíonn an coileach an lá, séanfaidh tú mé trí huaire’.
D’iarr sé ar na deisceabail fanacht ina ndúiseacht chun faire amach dó. Bhí a fhios aige go dtiocfadh na saighdiúirí chun breith air.
Bhí Íosa cráite agus chuaigh sé ar a ghlúine agus d’impigh sé ar Dhia é a shábháil ón mbás.
Le linn a thréimhse sa ghairdín, d’éirigh Íosa faoi dhó, ag féachaint ar na deisceabail chun a chinntiú go raibh siad ag faire amach do na saighdiúirí ach gach uair bhíodar ina gcodladh.
Agus Íosa ag fiosrú faoina dheisceabail den tríú huair, bhí saighdiúirí mar aon le Iúdas ag geata an ghairdín ag fanacht ar Íosa.
Chuaigh Iúdas anonn chuige agus le póg ar a leiceann, rinne sé feall air.
Ghabh na saighdiúirí é agus thóg siad go teach an ardsagairt é.
Theith na deisceabail toisc go raibh eagla orthu go ngabhfaí iad freisin.
Tháinig Peadar, duine de na deisceabail, go clós an ardsagairt agus é faoi cheilt. Bhí sé ag lorg nuachta faoi Íosa ach bhí eagla air go ngabhfaí é mar a tharla do Íosa.
Agus é ina sheasamh ansin, chonaic cailín aimsire é. Chuaigh sí anall chuige agus chuir sí ina leith go raibh sé in éineacht le hÍosa. Shéan Peadar é agus imní air. Tharraing sí aird na ndaoine eile ar Pheadar ag rá leo gur duine de lucht leanúna Íosa é ach gheall Peadar den dara huair nach raibh aithne aige ar Íosa. Tar éis tamaill d’aithin daoine eile canúint Ghailíleach ar ghlóir Pheadair. Bhí siad cinnte anois go raibh aithne ag Peadar ar Íosa. Den tríú huair, mhionnaigh sé nár chas sé le hÍosa riamh. Ag an nóiméad sin, d’fhógair an coileach an lá. Chuimhnigh Peadar ar an rud a dúirt Íosa leis agus le teann náire rith sé leis an geata amach agus chaoin sé go cráite, croíbhriste.
Toisc go raibh an Sanhedrin ag iarraidh fáil réidh le hÍosa chuir siad ina leith go raibh sé diamhaslach.
Thug siad breith an bháis ar Íosa. Ach bhí orthu cead a fháil ó ghobharnóir na Rómhánach chun é a chur chun báis. Thug siad Íosa go Pálás an Ghobharnóra go moch ar maidin.
Ba é Pontias Pioláit gobharnóir na Rómhánach in Iúdáia ag an am.
Tugadh Íosa os comhair Phontias Pioláit chun na líomhaintí seo a fhreagairt.
Cheistigh Pontias Pioláit Íosa ‘An tú Rí na nGiúdach?’
D’fhreagair Íosa ‘Is tusa atá á rá.’
Níor chreid Pontias Pioláit go raibh Íosa ciontach agus níor theastaigh uaidh é a dhaoradh chun báis.
Bhí nós ann ag Cáisc na nGiúdach príosúnach a scaoileadh saor.
Bhí dúnmharfóir sa phríosún darbh ainm Barabas.Bhí slua bailithe i gclós an ghobharnóra. Labhair Pontias Pioláit leo. Thug sé rogha dóibh. Dúirt sé leis an slua go bhféadfaidís rogha a dhéanamh idir Barabas nó Íosa a scaoileadh saor.
Labhair Pontias Pioláit ag rá ‘I mo thuairim níl Íosa ciontach.’
Ach scread an slua “Céastar ar an gcros é, Céastar ar an gcros é.’
Ghéill Pontias Pioláit dóibh.
Daoradh Íosa chun báis in ainneoin nach raibh aon chóir déanta aige agus scaoileadh Barabas saor.
Ansin d’fhág Pioláit cúram Íosa ag a shaighdiúirí chun é a ullmhú don chéasadh. Rinne na saighdiúirí ceap magaidh de Íosa.
Thug siad léasadh dó.
Chaith siad uaidh a chuid éadaigh féin agus chuir siad róba corcra air.
Rinne siad coróin dheilgneach dó agus chuir siad ar a cheann é.
Ghlaoigh siad ‘Rí na nGiúdach’ air agus chaith siad seile leis.
7 Mí Aibreáin
Aoine an Chéasta
Thóg na saighdiúirí Íosa leo chun é a chur chun báis.
Ba chéasadh ar chros an bás a thug na Rómhánaigh do choirpigh ag an am sin.
Bac éifeachtach a bhí ann a thug le fios do chách cad a bheadh in ann d’aon duine a bhris dlíthe na Rómhánach.
Tugadh cros adhmad d’ Íosa agus bhí air í a iompar tuairim is 600m go dtí áit darbh ainm, Calvaire.
Ar an mbealach thit Íosa faoi mheáchan na croise. Bhí sé rólag chun leanúint ar aghaidh á hiompar. D’ordaigh na saighdiúirí do dhuine den slua, Síomón Cuiréanach, cabhrú le hÍosa an chros a iompar.
Nuair a shroich sé Calvaire, bhain na saighdiúirí an róba corcra de hÍosa. Cheangail siad Íosa den chros le tairní trína lámha agus a chosa. Chroch siad fógra os a chionn. ‘Íosa, Rí na nGiúdach’ a bhí scríofa air.
Bhí beirt ghadaí á gcéasadh ar an lá céanna, duine ar gach taobh d’ Íosa.
Bhí an chéad ghadaí ag magadh faoi Íosa ach labhair an gadaí eile le hÍosa ag lorg maithiúnais as a raibh déanta aige.
Gheall Íosa don ghadaí seo go mbeadh sé in éineacht leis ar neamh.
Fágadh Íosa ar crochadh ar an gcros ar feadh sé uair a chloig.
Agus Íosa ag saothrú an bháis d’éirigh an spéir dorcha.
Ghlaoigh Íosa amach os ord ‘Tá sé críochnaithe’ agus fuair sé bás.
Sháigh saighdiúir amháin a chlaíomh i gcliathán Íosa chun a chinntiú go raibh sé marbh.
Bhí Muire, máthair Íosa, Máire Mhaigdiléana agus na mná a lean Íosa ag bun na croise ar feadh an ama.
Tar éis a bháis, baineadh Íosa den gcros.
Thóg Níocodaemas agus Iósaef ó Aramatáia a chorp. Chlúdaigh siad Íosa in éadach línéadaigh agus chuir siad i dtuama é. Cuireadh cloch mhór le béal an tuama chun é a dhúnadh go daingean. An Aoine a bhí ann agus bhí an tSabóid ag druidim leo. Thug na mná aird ar leith ar an áit ar cuireadh Íosa. Chuaigh siad abhaile chun spíosraí agus olaí cumhra a ullmhú le cur ar an gcorp nuair a bheadh an tSabóid thart.
Inniu Déardaoin 21
Réamhaisnéis na haimsire
Cuach
Grianghraf:
Cur Síos
Tagann an chuach ar cuairt ón Afraic gach samhradh. Tá a sciatháin biorach. Tá a corp liath agus tá barraí dorcha ar chlúmh a brollaigh. Tá cosa buí ag an gcuach. Itheann an chuach feithidí agus ciaróga. Ní thógann sí a nead féin. Beireann an chearc a huibheacha i neadacha éan eile. Nuair a thagann an sicín cuaiche amach, caitheann sí na huibheacha eile amach as an nead. Tugann na tuismitheoirí nua aire don sicín cuaiche. Ní fheiceann an sicín cuaiche a tuismitheoirí féin riamh. Imíonn an chuach óg go dtí an Afraic i Mí Iúil agus Lúnasa.Rúcach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an rúcach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is préachán é an rúcach. Tá sé dubh le himir den chorcra. Tá a ghob caol agus liath. Tá an rúcach fireann agus baineann an-chosúil lena chéile.Réim Bhia
Itheann an rúcach ciaróga, damháin alla, péisteanna, mamaigh agus éin bheaga agus a n-uibheacha. I gceantair uirbeacha, itheann sé dramhaíl bhia agus i gceantair thuaithe itheann sé prátaí agus gránach.Nead/Gnáthóg
Déanann rúcaigh neadacha toirtiúla i mbarr chrainn ar a nglaoitear garráin phréachán.Ruán Beag
Grianghraf:
Dáileadh
Tá teacht ar an ruán beag go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid é an ruán beag. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Bíonn an ruán beag dearg oráiste le marcanna dubha air. Tá spotaí gorma timpeall imill na sciathán. Tá réise sciathán suas le 55mm aige. Déanann sé codladh geimhridh san fhómhar, i dtithe, seideanna, agus rosáin dhlúth. Tá bolb an ruáin bhig dubh le línte gealbhuí ar thaobh an choirp. Beathaíonn sé ar an neantóg.Gnáthóg
Tá teacht ar an ruán beag i ngairdíní, fálta sceach agus coillearnacha.Bithéagsúlacht
Is pailneoir maith é an ruán beag agus feictear go minic é ag dul ó bhláth go bláth ag ól neachtar. Caisearbháin, feochadáin agus fraoch is rogha leis. Beathaíonn na boilb ar neantóga ag cur srian le fás an phlanda seo. Is foinse mhaith bhia iad na boilb d’éin agus d’fheithidí go príomha ach beathaíonn mamaigh bheaga orthu chomh maith.Scréachóg Choille
Grianghraf:
Dáileadh
Cónaíonn an scréachóg i bhforaoisí leathanduilleacha ar fud na hÉireann.Cur Síos
Is í an scréachóg choille an préachán is daite de na préacháin ar fad. Tá dath pincdhonn ar a clúmh. Tá smig bhán agus croiméal dubh aici. Tá barraí gorma agus dubha agus paiste bán ar a sciatháin. Tá sé deacair an t-éan fireann agus baineann a aithint ó chéile ag breathnú orthu.Réim Bhia
Itheann an scréachóg choille síolta agus feithidí. San fhómhar, stórálann sí cnónna (dearcáin agus collchnónna) le hithe i rith an gheimhridh. Is féidir léi na cnónna seo a aimsiú gan stró.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an scréachóg choille i gcoillearnach leathanduilleach den chuid is mó. Is éan cúthail í an scréachóg choille agus is annamh a fheictear i ngairdíní bruachbhailteacha í.Spioróg
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an spioróg coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan creiche ī an spioróg. Tá a sciatháin leathan, cruinn agus tá eireaball fada, caol aici. Tá an spioróg fhireann beag le droim liathghorm. Tá a chodanna íochtaracha bán le stríoca dearg-oráisteacha. Tá an spioróg bhaineann níos mó le clúmh níos doinne ar uachtar agus stríoca liatha ar íochtar.Réim Bhia
Creachann an spioróg éin bheaga agus beireann sí orthu agus iad ina suí ar fhara nó i mbun eitilte. Ionsaíonn sí lena cosa iad.Nead/Gnáthóg
Feictear an spioróg go forleathan i gcoillearnacha, ar talamh feirme le coillte, i bpáirceanna móra agus i ngairdíní. Tógfaidh sí seans dul isteach i ngairdíní uirbeacha chun breith ar éin bheaga ag an mbord éan. Déanann sí nead i gcrainn, go minic go domhain i ndúiche choillteach, cé go bhfeictear í ag neadú i bpáirceanna, i ngairdíní móra agus i gcoillte beaga. Bíonn an nead míshlachtmhar agus déanta as cipíní.Dair Ghaelach
Ainm Laidine: Quercus petraea
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an dair ghaelach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dair Ghaelach i gcoillearnacha, i bpáirceanna agus ar thalamh bocht.Fíricí
Is í an dair Ghaelach crann náisiúnta oifigiúil na hÉireann. Is féidir leis an dair maireachtáil go ceann timpeall is 500 bliain agus fásann sí idir 20 agus 40 m ar airde. Tá coróin leathan ag an dair le craobhacha láidre, garbha. Is crann daingean crua-adhmad í an dair. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh.Duilleoga
Tá an duilleog glasbhuí, dronuilleogach agus corrach le cúig nó sé mhaothán ar gach taobh. Tá gas fada aici. Tá an duilleog timpeall 14cm ar fad agus 4-8cm ar leithead. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí, dearg agus donn sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an dair. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Is caitíní glasa iad na bláthanna fireanna. Tá na bláthanna baineanna cosúil le bachlóga dearga. Aibíonn siad ina síolta móra, glasa, snasta i gcupaí carracha adhmaid ar a nglaoitear dearcáin. Fásann dearcáin na darach Gaelaí ina dtriopaill. Níl gas ar bith orthu agus bíonn na cupaí nasctha leis na craobhóga.Leas don Fhiabheatha
Is tairbhí iad don fhiadhúlra an dair Ghaelach agus an dair ghallda ná aon chrann eile nádúrtha in Éirinn. Tugann siad áit gur féidir le fiadhúlra dul ar foscadh, beathú agus pórú. Is gnáthóg í do os cionn 250 cineál feithidí. Is foinse bhia na feithidí seo do go leor éan agus mamaigh bheaga. Déanann éin neadacha i gcuasa agus ar chraobhacha na darach. Tugann na bláthanna pailin do bheacha agus bia d’ioraí agus do bhoilb. Itheann mamaigh ar nós fianna, broic agus ioraí na dearcáin. Itheann an scréachóg na dearcáin freisin. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Coinnle Corra
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear coinnle corra go príomha i gceantair choillearnaí ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Tá dlúthcheangal idir coinnle corra agus ceantair choillearnaí. Is sna suíomhanna seo faoi chrainn agus ar bhruacha féarmhara go hiondúil, a fheictear coinnle corra ina mílte.Cur Síos
Bíonn duilleoga na gcoinnle corra caol, lonrach agus fada le barra bioracha orthu. Bíonn dath corcairghorm dorcha ar na bláthanna cloigínchruthacha seo. Bíonn sé pheiteal ag gach bláth agus iad casta suas ag an mbarr. Cromann na bláthanna ar thaobh amháin den ghas lárnach. Bíonn suas le fiche bláth ar ghas amháin. Bíonn dath bán ar roinnt coinnle corra. Bíonn boladh cumhra ar na bláthanna seo.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn coinnle corra faoi bhláth ó Aibreán go Bealtaine.Leas don Fhiabheatha
Baineann an-chuid feithidí leas as na coinnle corra, féileacáin, beacha agus beacha ghabhair san áireamh, toisc go mbláthaíonn siad níos luaithe ná plandaí eile. Priocann beacha poll i mbun an bhlátha chun an neachtar a fháil as.Coinnle Corra
Grianghraf:
Cur Síos
Fásann coinnle corra ina mílte faoi chrainn ar thalamh coille ar fud na hÉireann. Tá na duilleoga fada agus caol. Tá dath corcairghorm dorcha ar na bláthanna atá cosúil le cloigíní. Tá sé pheiteal ag gach bláth agus iad casta suas ag an mbarr. Cromann na bláthanna ar thaobh amháin den ghas lárnach. Tá suas le fiche bláth ar ghas amháin. Tá boladh cumhra ar na bláthanna seo a bhíonn faoi bhláth ó Aibreán go Bealtaine. Priocann beacha poll i mbun an bhlátha chun an neachtar a fháil as.Seamair Bhán
Grianghraf:
Dáileadh
Is planda nádúrtha agus forleathan in Éirinn í an tSeamair Bhán. Is í an tseamair is coitianta de na seamra ar fad.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an tseamair bhán i mbeagnach aon ghnáthóg fhéarmhar.Cur Síos
Is fíor a rá gur Seamair Bhán í an tSeamróg. Tagann an focal Seamróg ón nGaeilge “Seamair Óg”. Tá gnáth chruth seimre ar na duilleoga - trí dhuillín cruinne le marcanna geala orthu go minic. Is grúpaí de bhláthanna beaga dlútha ubhchruthacha iad na bláthchinn. Bíonn na bláthchinn 8-13 mm ar leithead. Bíonn dath bánbhuí ar na bláthanna agus boladh cumhra uathu.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn an tseamair bhán faoi bhláth ó Mheitheamh go Meán Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Is foinse neachtair ríthábhachtach í na bláthanna do chineálacha éagsúla bumbóg. Is foinse bhia í an tseamair bhán don ghormán coiteann.Coinín
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an coinín coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tháinig an coinín go hÉirinn den chéad uair leis na Normannaigh sa 12ú haois. Glaoitear coinicéir ar an gcóras poill faoi thalamh ina maireann coiníní. Is iad na coiníní baineanna amháin a thochlaíonn na poill coinín.Réim Bhia
Is luibhiteoir é an coinín (ainmhí a itheann fásra amháin). Beathaíonn sé ar fhéar go príomha ach itheann sé barra ar nós gránach, meacain agus crainn óga.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an coinín faoi thalamh i gcóras poill choinín. Maireann sé i bhféar gearr gar d’fhálta sceach, do dhumhcha agus ar imeall coillearnacha duillsilteacha. Seachnaíonn sé coillearnacha buaircíneacha agus áiteanna taise.Madra Rua / Sionnach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an sionnach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Baineann an sionnach úsáid as réimse fuaimeanna chun cumarsáid a dhéanamh. Tá snámh maith aige agus is féidir leis crainn a dhreapadh. Tá radharc na súl an-mhaith aige, go háirithe san oíche.Réim Bhia
Is feoiliteoir é an sionnach (ainmhí a itheann feoil). Itheann sé réimse leathan de chineálacha éagsúla bhia a bhraitheann go mór ar an séasúr agus an áit ina gcónaíonn sé. Is ainmhí oíche é (gníomhach san oíche). Creachann sé coiníní, giorriacha óga, francaigh, lucha, gráinneoga, colúir agus éin a neadaíonn ar an talamh. Nuair a bhíonn ganntanas creiche ann itheann sé péisteanna talún, ciaróga, criogair agus larbhaí feithidí. Anois is arís itheann sé úlla agus sméara dubha. I gceantair uirbeacha bíonn sé ag ransú trí bhoscaí bruscar agus dramhaíl tí.Nead/Gnáthóg
Is féidir leis an sionnach maireachtáil in aon sórt áite. Cónaíonn sé i gcoillearnacha agus amuigh faoin tuath ach is féidir teacht air in ísealchríocha, i gceantair shléibhtiúla, feadh an chósta, ar thalamh feirme agus le déanaí i gceantair uirbeacha. Cónaíonn an sionnach i bpluais faoi thalamh ar a nglaoitear leaba dhearg. Tochlaíonn sé a leaba dhearg féin ach is minic a mhéadaíonn sé sean choinicéar nó brocach. Ní úsáidtear aon easair sa leaba dhearg agus bíonn roinnt bealaí isteach. Baineann an sionnach úsáid as áiteanna foscúla faoi fhoirgnimh nó i scoilteanna carraigeacha chomh maith.Broc
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an broc coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is ainmhí oíche é an broc. Is féidir leis suas le 200 péist talún a ithe in aon oíche amháin. Is tochaltóir láidir é. Tá nasc idir an broc agus scaipeadh an ghalair, eitinn bhólachta, in eallaí. (galar tógálach baictéarach) Tá an broc an-ghar i ngaol leis an dobharchú, leis an gcat crainn agus leis an minc.Réim Bhia
Is uiliteoir é an broc (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) Itheann sé péisteanna talún go príomha agus ciaróga, drúchtíní, seilidí, francaigh, lucha agus coiníní chomh maith.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an broc i bhfálta, i scrobarnach agus i gcoillearnach. Tugtar brocach ar bhaile an bhroic (gréasán tollán casta faoi thalamh).Bumbóg Earrbhán
Grianghraf:
Dáileadh
Tá teacht ar an mbumbóg earrbhán go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an bhumbóg earrbhán. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Tá a corp clúmhach le stríoca dubha agus líomóidbhuí. Tá eireaball bán aici. Tá an bhumbóg earrbhán 2cm ar fad. Feictear í ag beathú ar bhláthanna ó thús an Earraigh go dtí mí na Samhna. Is beach shóisialta í a mhaireann i gcoilíneacht in éineacht le timpeall is 200 beach oibre. Déanann an chráinbheach codladh geimhridh ina haonar sa chré ar feadh an gheimhridh agus nuair a dhúisíonn sí san Earrach tosaíonn sí ag tógáil a neide. Is féidir neadacha a aimsiú sa talamh, i dtomóga féir, i mboscaí éan nó i seideanna. Beireann sí a huibheacha i dtulán céarach agus pailine. Is beacha oibre baineanna uile a thagann as na huibheacha seo. Bailíonn siad neachtar agus pailin ó bhláthanna chun na hóga a bheathú. Coimeádann siad an nead glan. Ní fhágann an chráinbheach an nead ach leanann sí uirthi ag breith uibheacha. Níos déanaí sa samhradh beirtear beacha nach oibrithe a thuilleadh iad. Is beacha baineanna (cráinbheacha nua) nó beacha fireanna iad seo. Fágann na beacha fireanna an nead agus cúplálann siad leis na cráinbheacha nua a bhíonn ag beathú gan stad ar phailin agus neachtar. Stórálann siad an bia ionas go mbeidh siad ábalta codladh geimhridh a dhéanamh. Faigheann an tseanchráinbheach, na hoibrithe agus na beacha fireanna go léir bás faoin Fhómhar. De na bumbóga ar fad is iad na cráinbheacha nua amháin a thagann slán.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an mbumbóg earrbhán i ngairdíní, páirceanna, talamh feirme agus áit ar bith ina bhfásann bláthanna.Bithéagsúlacht
Is pailneoir iontach é an bhumbóg earrbhán a chabhraíonn go mór le pailniú na mbarr a ithimid agus na bláthanna fiáine a fheicimid sa samhradh. Tá an bhumbóg earrbhán ríthábhachtach i saol phlandaí, feithidí, éin, mamaigh agus daoine. Tá an dúlra ag brath go mór ar na bumbóga agus an obair riachtanach a dhéanann siad.Seangán Capaill
Grianghraf:
Cur Síos
Is é an seangán capaill an seangán is coitianta in Éirinn. Is feithid é. Tá sé dubh nó donn le coim chaol aige i lár an choirp. Is feithid ghníomhach é ag caitheamh a chuid ama ag lorg bia. Itheann sé feithidí beo agus marbh, síolta agus bia milis ar nós neachtar. Maireann na mílte seangán i ngrúpaí ar a nglaoitear coilíneachtaí. Déanann siad nead i gcré thirim, i bhfaichí, i gceapacha bláthanna, ag bun ballaí nó faoi chlocha cothroma. Feictear iad ag leanúint a chéile ag lorg bia. Is pailneoirí maithe iad na seangáin chapaill ag scaipeadh pailine ó bhláth go bláth. Déanann siad tollán tríd an talamh ag bogadh méideanna móra cré agus dá bharr sin bíonn sé níos éasca ar phlandaí fréamhacha a chur.Naomh Pádraig
Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann
Tugtar Carraig Phádraig ar Charraig Chaisil.De réir an tseanchais tháinig Pádraig go Caiseal sa bhliain 432 AD.
Tá dhá fhinscéal a cheanglaíonn Pádraig le Carraig Phádraig.
1. Is cnoc mór é an Bearnán Éile i gContae Thiobraid Árann.
Tá bearna le feiceáil go soiléir sa chnoc gar don mhullach.
Tá an cnoc timpeall is 30km ó Charraig Phádraig.
De réir an tseanchais bhain an diabhal plaic as an gcnoc agus chaith sé amach na carraigeacha le Pádraig.
Thit na carraigeacha ar Chaiseal agus cruthaíodh Carraig Phádraig dá bharr.
2. Ba ag an láthair seo, Carraig Phádraig, a thug Pádraig Rí na Mumhan chun na Críostaíochta.
Is iomaí cuairteoir a thagann chuig Carraig Phádraig go dtí an lá atá inniu ann. Is suíomh é is mó cuairte in Éirinn.
Ardeaglais Naoimh Pádraig, Ard Mhacha, Contae Ard Mhacha
Sa bhliain 445 AD, tháinig Pádraig go dtí ceantar darbh ainm Ard Mhacha.Ba mhian leis séipéal mór cloiche a thógáil ar an mullach is airde ar sean suíomh págánta.
Dhiúltaigh an taoiseach áitiúil d’iarratas Phádraig ar dtús ach ghéill sé dó sa deireadh agus lig sé do Phádraig a shéipéal a thógáil ar Chnoc Ard Mhacha.
Tá an séipéal ann i gcónaí ar an láthair chéanna inar sheas an chéad séipéal mór cloiche.
Is timpeall ar an gcéad séipéal sin úd a d’fhás cathair Ard Mhacha.
Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo
Éiríonn Cruach Phádraig 764 méadar ar airde agus áirítear í ar an sliabh is beannaithe in Éirinn.Sa bhliain 441 AD, chuaigh Pádraig ar oilithreacht go dtí an sliabh seo roimh an gCáisc. Níor ith sé aon bhia ar feadh 40 lá agus 40 oíche. De réir an tseanchais, bhí deamhain agus déithe págánta ag cur cathú air ach chuir sé an ruaig orthu.
Seo bunús an scéil gur ruaig Pádraig na nathracha ó thalamh na hÉireann.
Thángthas ar fhothrach séipéil beag ar an mullach nuair a bhí tochailt seandálaíochta ar siúl sna 1990idí. Creidtear gur tógadh an séipéal le linn tréimhse Phádraig.
Ón tráth sin i leith bhí séipéal i gcónaí ar mhullach Chruach Phádraig. Glaoitear Teampall Phádraig ar an séipéal seo.
Is ionad oilithreachta é do go leor daoine. Ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil, Domhnach na Cruaiche a thugtar air, déanann na mílte daoine an dreapadh crua go mullach Chruach Phádraig ag leanúint coiscéimeanna Phádraig.
Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí
Sa bhliain 433 AD, de réir an tseanchais, chuaigh Naomh Pádraig go dtí Mullach Bhaile Shláine.Tharla sé go raibh Pádraig san áit seo agus féile phágánach na Bealtaine faoi lánseol.
B’fhéile mhór í féile na Bealtaine a cheiliúrtaí ar an 1ú Bealtaine.
Ba í Bealtaine tús an tsamhraidh. Múchadh na tinte ar fad ar fud na tíre Oíche Bhealtaine ag tabhairt le fios go raibh deireadh an gheimhridh tagtha.
Ba chroílár cumhachta Ard Rí na hÉireann é Teamhair agus ar an láthair seo ceiliúradh cruinnithe tábhachta mar fhéilte reiligiúnacha.
Lasadh Ard Rí na hÉireann tine ar Teamhair ag éirí na gréine ar Fhéile na Bealtaine ag fógairt do chách go raibh an bhliain nua ag tosú.
Timpeall is 16km ó Teamhair, las Pádraig tine ag an am céanna. Bhí an tine ag soilsiú go geal ar feadh na hoíche agus chonaic an tArd Rí i dTeamhair í.
Mar gheall ar an ngníomh seo, ghabh saighdiúirí an Rí Pádraig agus tugadh go Teamhair é chun dul os comhair an Ard Rí.
Is ag an gcruinniú seo leis an Ard Rí a d’inis Pádraig dó faoin gCríostaíocht. D’úsáid sé trí dhuillín na seamróige chun an Tríonóid Ró-Naofa a mhíniú dó; go bhfuil trí dhuine i nDia.
Cé gur fhan sé ina phágánach, lig an tArd Rí do Phádraig leanúint lena obair mhisinéireachta.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Mhullach Bhaile Shláine agus Teamhair. Is álainn na suíomhanna iad agus an-chuid staire ag baint leo.
Sabhall Pádraig, Co. an Dúin
Tar éis staidéar a dhéanamh ar feadh roinnt mhaith blianta, d’fhill Pádraig ar Éirinn sa bhliain 432 AD agus é ina easpag.Tháinig sé chun an Chríostaíocht a roinnt le muintir na hÉireann. Ba phágánaigh iad na hÉireannaigh ag an am sin.
Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn thug sé aghaidh ar an mbaile darbh ainm Sabhall.
Lig an taoiseach áitiúil, Dichu, do Phádraig cur faoi i scioból agus faoi dheireadh bhunaigh sé a chéad mhainistir san áit seo.
Is mar gheall ar seo go n-aithnítear Sabhall go forleathan mar thobar na Críostaíochta in Éirinn.
Is féidir fothrach na mainistreach a fheiceáil ar an láthair seo go dtí an lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1932 tógadh eaglais chloiche, eaglais Shabhaill, chun an suíomh a mharcáil agus tá dealbh ollmhór de Naomh Pádraig ar bharr cnoic Phádraig gar don eaglais i Sabhall.
Fuair sé bás in AD 461, i Sabhall Phádraig, Contae an Dúin.
Ar an 17ú Márta gach bliain osclaítear eaglais Shabhaill do chách den chreideamh Críostaí chun ómós a thabhairt do Phádraig.
Ardeaglais an Dúin, Dún Pádraig, Co. an Dúin
Fuair Naomh Pádraig bás i Sabhall ar an 17ú Márta 461 AD.Deirtear, áfach, gur adhlacadh é ar thalamh Ardeaglaise an Dúin, a sheasann ar Chnoc an Dúin, Dún Pádraig.
Deirtear go bhfuil corp Bhríde agus corp Choilm Cille curtha ar an láthair chéanna chomh maith.
Sliabh Mis, Co. Aontroma
Go luath sna 400dí ghabh foghlaithe mara Pádraig agus tugadh go hÉirinn é.Bhí sé 16 bhliana d’aois ag an am.
Díoladh ina sclábhaí é le feirmeoir caorach darbh ainm Milchu é.
Choimeád Milchu a chaoirigh ar Shliabh Mis agus chaith Pádraig an chéad sé bliana eile dá shaol ina aoire ag faire ar chaoirigh ar an sliabh seo.
Bhí Pádraig ina aonar gan comhluadar ar bith aige ach na caoirigh.
I rith an ama seo ar an sliabh a neartaíodh a chreideamh i nDia agus deirtear gur ghuigh sé suas le 100 uaire gach lá agus oíche.
D’iarr sé ar Dhia go sábhálfaí é.
Ar deireadh, dúradh leis i mbrionglóid go raibh long ann a thabharfadh abhaile chun na Breataine Bige é.
Is ionad tábhachtach oilithreachta é Sliabh Mis agus ar an 17ú Márta tugann oilithrigh a n-aghaidh ar mhullach Shliabh Mis in ómós do Naomh Pádraig.