Mí Mheán Fómhair
Domhnach 1
Luan 2
Máirt 3
Céadaoin
4
Déardaoin 5
Aoine 6
Satharn 7
Domhnach 8
Luan 9
Máirt 10
Céadaoin 11
Déardaoin 12
Aoine 13
Satharn 14
Domhnach 15
Luan 16
Máirt 17
Céadaoin 18
Déardaoin 19
Aoine 20
Satharn 21
Domhnach 22
Luan 23
Máirt 24
Céadaoin 25
Déardaoin 26
Aoine 27
Satharn 28
Domhnach 29
Luan 30
4 Mí Mheán Fómhair
Amuigh faoin Spéir: Seicliosta an Fhómhair
Saintréithe an Fhómhair
Tá ceithre shéasúr sa bhliain: an t-earrach, an samhradh, an fómhar agus an geimhreadh.
Tarlaíonn athrú na séasúr mar gheall ar chlaonadh an domhain ar a ais i dtreo na gréine nó iompaithe ón ngrian. Is í an ghrian an t-aon réalta amháin inár ngrianchóras.
Tugann an ghrian teas agus solas don domhan.
Nuair a chlaonann an domhain ón ngrian bíonn níos lú teasa agus solais ag an leathsféar sin den domhan. Ag an am céanna bíonn a mhalairt ag tarlú sa leathsféar eile atá claonta i dtreo na gréine.
Bíonn tionchar ag claonadh an domhain ar fad an lae agus ar an teocht.
Is seo a thugann saintréithe dona séasúir.
Roinntear an domhan i dhá leathsféar: an leathsféar thuaidh, an leathsféar theas.
Tá Éire sa leathsféar thuaidh.
Nuair a bhíonn an leathsféar thuaidh ag claonadh i dtreo na gréine bíonn an t-earrach agus an samhradh againn in Éirinn.
Nuair a chlaonann an domhan ón ngrian bíonn an fómhar agus an geimhreadh againn.
Fad is a bhíonn an leathsféar thuaidh claonta i dtreo na gréine bíonn an leathsféar theas iompaithe ón ngrian.
Is mar gheall ar seo go mbíonn malairt séasúr acu san Astráil, sa leathsféar theas, is a bhíonn againn in Éirinn. Nuair a bhíonn an geimhreadh acu san Astráil bíonn an samhradh againn in Éirinn. Agus nuair a bhíonn an samhradh acu san Astráil bíonn an geimhreadh ann in Éirinn. Sin an fáth gur féidir leis na hAstrálaigh dinnéar na Nollag a bheith acu ar an trá!
Is ceann de na ceithre shéasúr é an fómhar.
Sa séasúr seo bainimid pléisiúr agus taitneamh as taispeántas athrú datha an duilliúir. Iompaíonn na duilleoga timpeall orainn ó ghlas go dearg, buí, donn agus órga sula dtiteann siad go talamh.
Tagann an fómhar go dtí codanna éagsúla an domhain ag amanna difriúla.
In Éirinn, leanann míonna an fhómhair féilire ársa de chuid na gCeilteach agus tá ainmneacha cuid de na míonna tagtha chugainn ón bhféilire ársa sin, Lúnasa ach go háirithe.
In aois na gCeilteach ofráladh togha na mbarr agus na dtorthaí san fhómhar don dia Lugh. Is ón dia Lugh a thagann ainm na míosa, Lúnasa (Lughnasadh).
Is iad Lúnasa, Meán Fómhair agus Deireadh Fómhair míonna an fhómhair.
Tá go leor comhartha sa nádúr a thugann le fios dúinn go bhfuil an fómhar ann.
I rith an fhómhair bíonn na laethanta níos giorra.
Laghdaíonn uaireanta sholais an lae diaidh ar ndiaidh Ie linn míonna an fhómhair. I Lúnasa bíonn thart ar 15 uair de sholas lae againn ag laghdú go 11 uair an chloig i mí Dheireadh Fómhair.
Íslíonn na teochtaí, ag éirí níos fionnuaire de réir a chéile.
Bíonn aimsir athraitheach againn go hiondúil sa séasúr seo.
Go minic bíonn Lúnasa te go leor mar a bhíonn sa samhradh. Bíonn Deireadh Fómhair an-fhliuch, gaofar agus fuar mar a bhíonn sa gheimhreadh.
i) Duilleoga
San fhómhar, tosaíonn athrú ag teacht ar na crainn dhuillsilteacha (crainn a chailleann a nduilleoga sa gheimhreadh).
Tá substaint ar a nglaoitear clóraifill i nduilleoga glasa na gcrann.
Is í an chlóraifill a thugann a ndath glas do na duilleoga.
Tógann an chlóraifill fuinneamh isteach ó sholas na gréine a chabhraíonn le cruthú bia don chrann.
I rith míonna an fhómhair, ní chruthaíonn crainn dhuillsilteacha aon chlóraifill de bharr easpa solais gréine.
Agus an chlóraifill ag tréigean na nduilleog tosaíonn athrú datha ag teacht ar an duilliúr.
Feicimid dathanna mar dearg, buí, donn agus órga ag teacht ar na duilleoga, diaidh ar ndiaidh.
ii) Síolta
San fhómhar, tosaíonn na síolta ar na crainn ag aibiú agus titeann siad go talamh.
Is féidir dearcáin a aimsiú faoi chrainn daracha - dair ghallda, dair ghaelach.
Bailítear cnónna capaill ón gcrann cnó capaill.
Is féidir cnónna coill ón gcoll a ithe.
Scaiptear roinnt síolta ar an ngaoth.
Aibíonn torthaí na fuinseoige i mí Mheán Fómhair agus iad ar crochadh ar nós cloigíní eochracha.
Bíonn na síolta iontu agus scaiptear ar an ngaoth iad i nDeireadh Fómhair.
iii) Torthaí
I rith an fhómhair bíonn na fálta sceach lán le caora a bhí ag aibiú faoi sholas agus teas gréine an tsamhraidh. Feictear sméara dubha milse, súmhara ar na driseacha feadh imeall na bóithre.
Is féidir pióga agus subha a dhéanamh leis na sméara dubha.
Bíonn torthaí eile ag aibiú chomh maith.
Bíonn na hairní ar an draigheán cosúil le plumaí beaga, aibí agus bíonn blas searbh orthu.
Bíonn caora scarlóideacha le feiceáil ar an gcaorthann ach cé gur féidir iad a ithe, bíonn blas searbh orthu.
Aibíonn fia-úlla ar an gcrann fia-úll san fhómhar ach cé go mbíonn siad ró-shearbh le hithe, déantar subha agus glóthacha astu.
Itheann an lon dubh, smólach mór, smólach ceoil agus an spideog caora san fhómhar.
Itheann mamaigh, mar shampla, an madra rua, an luch agus an t-iora na caora freisin.
Beacha
De réir mar a éiríonn an aimsir níos fionnuaire feictear nach mbíonn na beacha meala chomh gníomhach is a bhí siad go dtí seo.
Caitear na ladrainn amach as an gcoirceog chun an choilíneacht a laghdú.
Faigheann na ladrainn bás ach leanann na beacha oibre ag cuardach bia atá ag éirí gann faoin am seo.
Bailíonn na beacha atá fágtha le chéile timpeall na cráinbheiche chun iad féin a choimeád te.
Foiche Coiteann
Is ag an am seo den séasúr a thugaimid faoi deara go mbíonn cuma ionsaitheach ar na foichí agus iad ag lorg ábhar milis.
Is mar gheall ar sin go mbíonn siad ina gcrá croí dúinne.
i) Éin a imíonn ó Éirinn le linn an fhómhair
De réir mar a éiríonn an aimsir níos fionnuaire tugann éin áirithe a n-aghaidh ó dheas, chuig aeráid níos teo, chun an geimhreadh a chaitheamh ann. Ullmhaíonn siad chun imeachta san fhómhair. Tosaíonn siad ar an turas go dtí an Afraic Theas ansin, áit a mbíonn sé breá te sa gheimhreadh agus neart bia le hithe inti.
Déanann éin, mar shampla an chuach, chomh maith leis an bhfáinleog, an gabhlán gaoithe agus an gabhlán gainimh an turas fada céanna go dtí an Afraic Theas. Filleann siad ar Éirinn arís san earrach.
ii) Éin a thagann ar ais go hÉirinn le linn an fhómhair
Tagann éin áirithe eile go hÉirinn san fhómhar ó thíortha atá níos fuaire chun geimhreadh níos séimhe a chaitheamh anseo.
Eitlíonn crotaigh anseo go hÉirinn ón Fhionlainn agus ón tSualainn.
I nDeireadh Fómhair sroicheann cadhain Loch Cuan, Contae an Dúin.
Eitlíonn siad ó Loch Cuan go háiteanna éagsúla ar fud cósta na hÉireann i rith an gheimhridh.
Filleann formhór na n-éan seo go Contaetha éagsúla, Aontroim, Dún na nGall, Sligeach, Doire, An Lú, Baile Átha Cliath, Loch Garman, Port Láirge agus Ciarraí.
Inniu Céadaoin 30
Réamhaisnéis na haimsire
Foiche Choiteann
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear an fhoiche choiteann go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an fhoiche choiteann. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Tá stríoca dubha agus buí ar a corp agus aghaidh shainiúil atá buí agus dubh aici. Tá sí suas le 2 cm ar fad agus bíonn an chealg ag bun an abdómain aici. Is feithidí sóisialta iad na foichí a maireann i ngrúpaí nó coilíneachtaí. Níl bealach ar bith ag foichí a gcuid bia a stóráil agus mar gheall ar sin cailltear na coilíneachtaí agus na foichí iontu i lár an fhómhair. Is iad na cráinfhoichí cúpláilte amháin a thagann slán tríd an gheimhreadh agus a dhéanann codladh geimhridh. San Earrach, tógann an chráinfhoiche an nead as adhmad coganta. Bíonn teacht ar neadacha i seideanna adhmaid, in áiléir thithe, agus i ndíonta. Bíonn an nead bheag i dtús mar go mbíonn ar an gcráinfhoiche oibrithe baineanna a thógáil. Críochnaíonn na foichí oibre an nead. I rith an tsamhraidh caitheann an chráinfhoiche a cuid ama ar fad ag breith uibheacha. Is féidir le cráinfhoiche amháin suas le 25,000 ubh a bhreith. Caitheann na foichí oibre baineanna a gcuid ama ag fiach le haghaidh feithidí chun larbhaí na bhfoichí (cruimheanna óga) a bheathú. Cognaíonn siad an chreach agus déanann siad meallóga bhia di le tabhairt do na larbhaí. Scaoileann na larbhaí sú milis a bheathaíonn na foichí oibre. Ag deireadh an tsamhraidh beireann an chráinfhoiche foichí fireanna amháin. Cúplálann na foichí fireanna leis na foichí móra baineanna (na cráinfhoichí nua). Ag druidim le deireadh an tsamhraidh ní bhíonn aon larbhaí fágtha le beathú agus mar sin ní bhíonn aon sú milis ar fáil do na foichí oibre. Is ag an am seo den séasúr a thugaimid faoi deara go mbíonn cuma ionsaitheach ar na foichí agus iad ag lorg ábhar milis. Is mar gheall ar sin go mbíonn siad ina gcrá croí dúinne.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an bhfoiche choiteann i ngach gnáthóg idir ceantair thuaithe agus uirbeacha.Bithéagsúlacht
Is cuid an-tábhachtach de bhithéagsúlacht an domhain iad na foichí coiteanna. Beathaíonn siad ar neachtar ó phlandaí agus tá siad chomh tábhachtach céanna leis na beacha ó thaobh pailniú de. Bíonn na foichí fíoréifeachtach ag coimeád srian ar lotnaidí agus bíonn siad gníomhach ag fiach feithidí ar nós boilb a dhéanann an-chuid damáiste do bharra. Is foinse bhia iad d’éin chomh maith.Beach Mheala
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an bheach mheala le feiceáil go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an bheach mheala. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Níl ach beach mheala amháin atá nádúrtha in Éirinn. Is feithid bheag í an bheach mheala i gcomparáid leis an mbumbóg. Tá ribí fíneálta gruaige ar a corp stríocach. Tá stríoca donna dorcha, beagnach dubh agus oráiste ar a corp. Tá cúig shúil aici. Is feithidí sóisialta iad na beacha meala. Comhoibríonn siad le chéile agus maireann siad i ngrúpaí, i neadacha nó i gcoirceoga atá suite i gcrainn, i ndíonta foirgneamh agus i mballaí. Istigh sa choirceog bíonn trí chineál beiche agus obair ar leith le déanamh acu. i) An chráinbheach ii) na hoibrithe ( na beacha baineanna) iii) na ladrainn Tá an chráinbheach dhá oiread níos faide ná na hoibrithe. Beireann sí na huibheacha a chruthaíonn an chéad ghlúin beach eile. Beireann sí suas le 2,500 ubh in aghaidh an lae. Tá na hoibrithe níos lú agus is iad seo na beacha a fheicimid go hiondúil. Tá an-chuid oibre le déanamh acu. Tógann siad na caidhnte sa choirceog as an gcéir a dhéanann siad. Déanann siad an bia i bhfoirm mheala ó neachtar bhláthanna a bhailíonn agus a stórálann siad sna caidhnte. Is bia do na larbhaí (cruimheanna óga) an mhil seo. Greadann siad a sciatháin chun an choirceog a choimeád glan agus aeraithe. Roinneann na hoibrithe eolas faoi fhoinse bhia sa chomharsanacht le chéile trí damhsa a dhéanamh. Cealgann na cráinbheacha agus na hoibrithe. Tá na ladrainn níos mó ná na hoibrithe agus bíonn siadsan i láthair i dtús an tsamhraidh ach caitear amach as an gcoirceog iad ag deireadh an tsamhraidh. Níl aon chealg ag na beacha seo. I rith an gheimhridh beathaíonn na beacha atá fágtha ar an mil stóráilte agus pailin go dtí an tEarrach. Bailíonn siad le chéile timpeall na cráinbheiche chun iad féin a choimeád te.Gnáthóg
Is féidir leis na beacha meala maireachtáil i dtimpeallacht nádúrtha nó bainistithe trí bheachaireacht. Eitlíonn siad i ngairdíní, i gcoillearnacha, in úlloird agus in áiteanna eile ina bhfuil flúirse bhláthanna.Bithéagsúlacht
Is pailneoirí maithe iad beacha meala, ag pailniú plandaí fiáine agus barra. Bíonn suas le 50,000 beach i ngnáthchoilíneacht agus is acmhainn thábhachtach iad mar phailneoirí bharra.Lon Dubh
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an lon dubh an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is smólach é an lon dubh. Tá cleití ciardhubha air. Lon dubh a thugtar ar an éan fireann. Céirseach a thugtar ar an éan baineann. Tá a ghob gealbhuí agus tá fáinní gealbhuí faoina shúile. Dath donn, breactha atá ar an gcéirseach. Canann an lon dubh go glórach binn.Réim Bhia
Is breá leis an lon dubh péisteanna. Itheann sé caora, úlla, síolta agus piseanna talún chomh maith.Nead/Gnáthóg
Déanann an lon dubh a nead i gcrann nó i sceach. Tá cruth cupáin ar an nead. Déantar an nead as féar, tuí agus cipíní. Bíonn líneáil taobh istigh den nead déanta as láib agus píosaí beaga féir.Liatráisc / Smólach Mór
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an smólach mór coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an smólach mór ar aon mhéid leis an lon dubh. Is léir go bhfuil an smólach mór i bhfad níos mó ná an smólach ceoil. Tá dath liathdhonn ar na codanna uachtaracha agus tá an-chuid spotaí ar na codanna íochtaracha bána. Tá an aghaidh bhán le roinnt marcanna dubha uirthi. Tá na cosa bán dearg.Réim Bhia
Itheann an smólach mór caora sa gheimhreadh den chuid is mó. Is maith leis caora dhrualusa ach go háirithe. Itheann sé feithidí agus péisteanna talún freisin.Nead/Gnáthóg
Caitheann an smólach mór formhór a chuid ama ar pháirceanna féarmhara gar do chrainn arda. Is fearr leis gnáthóga faoin tuath. Tá a nead téagartha agus tógann sé í i ladhar i gcraobhacha go hard i gcrainn.Spideog
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an spideog an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan ramhar í an spideog le brollach dearg oráisteach. Tá dath liathdhonn ar a codanna uachtaracha agus liathbhán ar a bolg agus ar a brollach íochtarach. Tá an spideog fhireann agus baineann an-chosúil lena chéile ach amháin go bhfuil dath níos gile ar an éan fireann.Réim Bhia
Itheann an spideog feithidí, péisteanna agus ciaróga, go príomha. Lorgaíonn sí bia piseanna talún agus síolta ag an mbord éan.Nead/Gnáthóg
Feictear an spideog go rialta i ngairdíní, i gcoillearnacha agus i bhfálta sceach. Bíonn a nead ceilte go maith i mbruacha, in eidhneán, i bpoill i gcrainn agus i mballaí ach déanfaidh sí a nead in áiteanna neamhghnácha ar nós bothán gairdín. Bíonn an spideog fhireann an-chosantach faoina fhearann. Bíonn sé réidh chun troda go bás chun a gheadán talún a chosaint, más gá.Smólach Ceoil
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an smólach ceoil coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an smólach ceoil ar aon mhéid leis an lon dubh. Tá a chodanna uachtaracha donn. Tá dath béas ar a chodanna íochtaracha agus tá spotaí dubha i gcruth saighde i línte soiléire ar a bhrollach agus ar a thaobhanna. Breathnaíonn an smólach ceoil fireann agus baineann an-chosúil lena chéile. Feictear an smólach ceoil i mbun ceiliúradh ar fhara, ard, feiceálach. Tá ceiliúr an éin seo simplí. Canann sé míreanna arda, soiléire cosúil le fliúit, arís agus arís eile. Ní bhailíonn na smólaigh cheoil in ealtaí riamh. Ina n-aonar nó i bpéirí a fheictear iad go hiondúil.Réim Bhia
Itheann an smólach ceoil feithidí agus péisteanna talún. Is fearr leis seilidí ach go háirithe agus briseann sé na sliogáin ina smidiríní ar chlocha agus ar charraigeacha chun na seilidí a ithe. Is minic a fheictear é ag pocléim feadh an talaimh agus é sa tóir ar phéisteanna.Nead/Gnáthóg
Déanann an smólach ceoil a nead in áit faoi scáth i dtor nó i gcrann. Is iondúil a thógann an smólach ceoil baineann an nead. Tá an nead cuach-chruthach, déanta as féar, cipíní agus créafóg. Tá an líneáil déanta as láib agus tá sé mín ar an taobh istigh.Luch Fhéir
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an luch fhéir an-choitianta.Cur Síos
Ceann de na mamaigh is coitianta in Éirinn is ea an luch fhéir. Is creimire í. Gluaiseann sí go tapa agus is féidir léi snámh agus dreapadh.Réim Bhia
Is uiliteoir í an luch fhéir (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) cé gur fearr léi síolta. Itheann sí torthaí, caora, bachlóga, cnónna, fréamhacha, gránach agus bleibíní. Beathaíonn sí ar phéisteanna talún, seilidí, agus feithidí. Is ainmhí oíche í den chuid is mó ach uaireanta feictear í i rith an lae.Nead/Gnáthóg
Tá an luch fhéir le feiceáil go forleathan i mbeagnach gach áit ach amháin in áiteanna leathbháite. Is féidir teacht uirthi i gcoillearnacha, i bhfálta sceach, i dtalamh féaraigh, i bportaigh, i bhféarach, i ndumhcha agus i ngairdíní.Iora Glas
Grianghraf:
Dáileadh
Is féidir teacht ar an iora glas i gcuid mhór de lár na tíre, sa deisceart, san oirthear agus i roinnt áiteanna sa tuaisceart cibé áit a mbíonn gnáthóga oiriúnacha faoi chrainn. Níl an t-iora glas coitianta san iarthar de bharr ganntanas gnáthóga oiriúnacha d’fhoraoisí leathanduilleacha measctha.Cur Síos
Ní ainmhí dúchasach an t-iora glas. Tugadh isteach é go dtí an tír seo ó Shasana den chéad uair ag tús an 20ú haois. Is creimire é an t-iora glas. Cónaíonn sé i nead iora. Déanann sé a nead i bpoill i gcrainn, i gcraobh ghabhlach nó in eidhneán tiubh. Tá a nead chruinn déanta le cipíní. Tá lár na neide líneáilte le féar agus duilleoga. Ní gnách leis an iora glas codladh geimhridh a dhéanamh ach nuair a bhíonn aimsir fhuar ann fanfaidh sé sa nead ar feadh cúpla lá in amanna.Réim Bhia
Is luibhiteoir é an t-iora glas (ainmhí a itheann fásra amháin) den chuid is mó. Itheann sé síolta, caora, torthaí, cnónna, fréamhacha agus gránach a fhaigheann sé sna coillte. Is fearr leis go mór, síolta crann leathanduilleacha ar nós dearcáin.Nead/Gnáthóg
Feictear an t-iora glas i gcoillearnacha leathanduilleacha toisc go bhfuil síolta na gcrann seo, príomhfhoinse a bhia, ar fáil. Feictear é i bpáirceanna agus i ngairdíní móra chomh maith. Ní oireann foraoisí buaircíneacha don iora glas toisc nach bhfuil dóthain bia ar fáil iontu dó.Madra Rua / Sionnach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an sionnach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Baineann an sionnach úsáid as réimse fuaimeanna chun cumarsáid a dhéanamh. Tá snámh maith aige agus is féidir leis crainn a dhreapadh. Tá radharc na súl an-mhaith aige, go háirithe san oíche.Réim Bhia
Is feoiliteoir é an sionnach (ainmhí a itheann feoil). Itheann sé réimse leathan de chineálacha éagsúla bhia a bhraitheann go mór ar an séasúr agus an áit ina gcónaíonn sé. Is ainmhí oíche é (gníomhach san oíche). Creachann sé coiníní, giorriacha óga, francaigh, lucha, gráinneoga, colúir agus éin a neadaíonn ar an talamh. Nuair a bhíonn ganntanas creiche ann itheann sé péisteanna talún, ciaróga, criogair agus larbhaí feithidí. Anois is arís itheann sé úlla agus sméara dubha. I gceantair uirbeacha bíonn sé ag ransú trí bhoscaí bruscar agus dramhaíl tí.Nead/Gnáthóg
Is féidir leis an sionnach maireachtáil in aon sórt áite. Cónaíonn sé i gcoillearnacha agus amuigh faoin tuath ach is féidir teacht air in ísealchríocha, i gceantair shléibhtiúla, feadh an chósta, ar thalamh feirme agus le déanaí i gceantair uirbeacha. Cónaíonn an sionnach i bpluais faoi thalamh ar a nglaoitear leaba dhearg. Tochlaíonn sé a leaba dhearg féin ach is minic a mhéadaíonn sé sean choinicéar nó brocach. Ní úsáidtear aon easair sa leaba dhearg agus bíonn roinnt bealaí isteach. Baineann an sionnach úsáid as áiteanna foscúla faoi fhoirgnimh nó i scoilteanna carraigeacha chomh maith.Fuinseog
Ainm Laidine: Fraxinus excelsior
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an fhuinseog. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is crann an-choitianta í an fhuinseog. Feictear í ag fás i bhfálta sceach agus i gcoillte.Fíricí
Fásann an fhuinseog chomh hard le 35m. Maireann sí ar feadh na gcéadta bliain. Bíonn dath éadrom ar adhmad na fuinseoige agus bíonn sé breá láidir. In Éirinn, úsáideadh adhmad na fuinseoige chun camáin a dhéanamh. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh agus mar bhrosna. Faraor géar, tá an fhuinseog i mbaol ó ghalar ar a dtugtar ‘ash dieback’. Fungas is cúis leis an ngalar seo.Duilleoga
Tá roinnt duillíní ubhchruthacha, bioracha in aon duilleog amháin agus iad suite ar aghaidh a chéile ar ghas le duillín amháin ar an mbarr. D’fhéadfadh idir 9 agus 13 dhuillín san iomlán a bheith ar an duilleog. I gcomparáid le crainn eile tagann duilleoga ar an bhfuinseog go déanach sa séasúr agus is í is luaithe a chailleann na duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga buí sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Tagann na bláthanna ar an bhfuinseog roimh na duilleoga idir Aibreán agus Bealtaine. Bíonn na bláthanna spíceach agus dath corcra dorcha orthu. Fásann siad i dtriopaill ag deireadh na gcraobhóg. Tá cruth mar a bheadh sciathán ann ar na torthaí agus bíonn siad timpeall 3cm ar fad. Aibíonn na torthaí i mí Mheán Fómhair agus iad ar crochadh ar nós cloigíní eochracha. Bíonn na síolta iontu agus scaiptear ar an ngaoth iad i nDeireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Meallann boladh na mbláthanna ar an bhfuinseog feithidí eitilte oíche agus is foinse thábhachtach bhia d’ialtóga na feithidí seo. Beathaíonn an corcrán coille, ach go háirithe, ar shíolta na fuinseoige. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Coll
Ainm Laidine: Corylus avellana
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach é an coll. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Tá teacht ar an gcoll go forleathan i gcoillearnacha agus feadh fálta sceach. Is planda crua é le cuma toir air seachas crann.Fíricí
Is crann nádúrtha in Éirinn é an coll. Fásann sé idir 5-12m ar airde. Is féidir leis maireachtáil suas le 80 bliain ach má ghearrtar siar go dian é leanann sé ag athfhás ar feadh na gcéadta bliain. Fásann craobhacha caola ar an gcoll. Tá adhmad an choill láidir agus solúbtha. Úsáidtear na craobhacha go minic chun sconsaí a thógáil. Ba nós traidisiúnta é an t-adhmad a úsáid chun ciseáin, sconsaí agus slata iascaigh a dhéanamh. Clúdaíonn coillearnacha coill cuid mhór den Bhoirinn, ceantar aolchloiche, i gContae an Chláir.Duilleoga
Tá duilleoga an choill rocach, ubhchruthach agus gruagach. Tá barra bioracha agus imill spiacánacha orthu. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an gcoll. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tá dath buí ar na caitíní fireanna agus breathnaíonn siad cosúil le heireabaill uain. Feictear iad i lár mhí Feabhra roimh na duilleoga. Tá na bláthanna baineanna beag, cosúil le bachlóga dearga a iompaíonn ina gcnónna san fhómhar le titim na nduilleog.Leas don Fhiabheatha
Is tacaíocht thábhachtach é an coll don fhiadhúlra. Is foinse luath phailine do bheacha iad na bláthanna ar an gcoll. Itheann an meantán, an colúr coille agus an scréachóg na cnónna. Beathaíonn an t-iora rua, an vól bruaigh agus an fia rua ar na cnónna freisin. Tugann an coll clúdach agus foscadh d’éin agus d’fheithidí. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Dair Ghaelach
Ainm Laidine: Quercus petraea
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an dair ghaelach. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dair Ghaelach i gcoillearnacha, i bpáirceanna agus ar thalamh bocht.Fíricí
Is í an dair Ghaelach crann náisiúnta oifigiúil na hÉireann. Is féidir leis an dair maireachtáil go ceann timpeall is 500 bliain agus fásann sí idir 20 agus 40 m ar airde. Tá coróin leathan ag an dair le craobhacha láidre, garbha. Is crann daingean crua-adhmad í an dair. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh.Duilleoga
Tá an duilleog glasbhuí, dronuilleogach agus corrach le cúig nó sé mhaothán ar gach taobh. Tá gas fada aici. Tá an duilleog timpeall 14cm ar fad agus 4-8cm ar leithead. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí, dearg agus donn sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an dair. Fásann caitíní fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Is caitíní glasa iad na bláthanna fireanna. Tá na bláthanna baineanna cosúil le bachlóga dearga. Aibíonn siad ina síolta móra, glasa, snasta i gcupaí carracha adhmaid ar a nglaoitear dearcáin. Fásann dearcáin na darach Gaelaí ina dtriopaill. Níl gas ar bith orthu agus bíonn na cupaí nasctha leis na craobhóga.Leas don Fhiabheatha
Is tairbhí iad don fhiadhúlra an dair Ghaelach agus an dair ghallda ná aon chrann eile nádúrtha in Éirinn. Tugann siad áit gur féidir le fiadhúlra dul ar foscadh, beathú agus pórú. Is gnáthóg í do os cionn 250 cineál feithidí. Is foinse bhia na feithidí seo do go leor éan agus mamaigh bheaga. Déanann éin neadacha i gcuasa agus ar chraobhacha na darach. Tugann na bláthanna pailin do bheacha agus bia d’ioraí agus do bhoilb. Itheann mamaigh ar nós fianna, broic agus ioraí na dearcáin. Itheann an scréachóg na dearcáin freisin. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Dair Ghallda
Ainm Laidine: Quercus robur
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach í an dair ghallda. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dair ghallda i gcoillearnacha ina bhfuil ithir throm. Fásann sí ar thalamh tais, bog in aice aibhneacha.Fíricí
Níl an dair ghallda chomh coitianta leis an dair Ghaelach. Is féidir leis an dair maireachtáil níos mó ná 500 bliain agus is féidir léi fás idir 20 agus 40m ar airde. Tá coróin leathan ag an dair le craobhacha láidre, garbha. Is crann daingean crua-adhmad an dair. Úsáidtear an t-adhmad chun troscán a dhéanamh aisti.Duilleoga
Tagann duilleoga ar an dair ghallda níos luaithe sa bhliain ná mar a thagann ar an dair Ghaelach. Tá gas an-bheag ar na duilleoga agus fásann siad ina dtriopaill. Tá an duilleog dronuilleogach agus corrach le ceithre nó cúig mhaothán ar gach taobh. Tá an duilleog 10cm ar fad. San fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí, dearg agus donn sula dtiteann siad.Bláthanna agus Síolta
Fásann caitíní (triopall fada tanaí de bhláthanna) ar an dair. Fásann bláthanna fireanna agus baineanna ar an gcrann céanna. Tagann na duilleoga glasbhuí agus na caitíní fireanna ar an gcrann ag an am céanna go luath i mí na Bealtaine. Fásann na bláthanna baineanna go gairid ina dhiaidh sin agus bíonn siadsan an-bheag agus neamhshuntasach. Aibíonn na dearcáin go déanach i mí Dheireadh Fómhair agus fásann siad i bpéirí go hiondúil. Bíonn cupaí na ndearcán nasctha le gas fada.Leas don Fhiabheatha
Is tairbhí iad don fhiadhúlra an dair ghaelach agus an dair ghallda ná aon chrann eile nádúrtha in Éirinn. Tá áit ann gur féidir le fiadhúlra dul ar foscadh, beathú agus pórú. Is gnáthóg í do os cionn 250 cineál feithidí. Is foinse bhia na feithidí seo do go leor éin agus mamaigh bheaga. Déanann éin neadacha i gcuasa agus ar chraobhacha na darach. Tugann na bláthanna pailin do bheacha agus bia d’ioraí agus do bhoilb. Itheann mamaigh ar nós fianna, broic agus ioraí na dearcáin. Itheann an scréachóg na dearcáin freisin. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Caorthann
Ainm Laidine: Sorbus aucuparia
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach é an caorthann. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go dathanna éagsúla - buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Fásann an caorthann go fiáin faoin tuath agus i ngairdíní chomh maith. Is crann crua é agus tá teacht air i dtalamh cnocach, carraigeach.Fíricí
Is crann deas, gleoite é an caorthann. Fásann sé timpeall is 15m ar airde. Maireann sé go ceann 200 bliain de ghnáth.Duilleoga
Bíonn 6-8 nduillíní ubhchruthacha, bioracha ar aghaidh a chéile ar an ngas le duillín deiridh amháin ag an mbarr. Tá imill spiacánacha ar na duillíní fada. Iompaíonn na duilleoga buí agus dearg san fhómhar agus titeann siad den chrann go déanach i mí na Samhna.Bláthanna agus Síolta
Tagann triopaill de bhláthanna bánbhuí ar an gcrann go déanach san earrach. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth. Tar éis pailnithe, aibíonn caora dúdhearga ar an gcaorthann san fhómhar. Bíonn ceithre shíol i ngach chaor. Itheann na héin na caora.Leas don Fhiabheatha
Meallann boladh cumhra na mbláthanna beacha agus feithidí pailnithe eile. Itheann go leor éan (an lon dubh, smólach mór agus smólach ceoil, mar shampla) na caora. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Crann Fia-úll
Ainm Laidine: Malus sylvestris
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is crann duillsilteach é an crann fia-úll. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann a chuid duilleog san fhómhar gach bliain. Le linn an fhómhair tagann athrú ar dhath na nduilleog sula dtiteann siad den chrann. Is féidir leo a bheith buí, oráiste, dearg nó donn. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh.Gnáthóg
Feictear an crann fia-úll i bhfálta sceach, ar thalamh feirme, ar imill choillearnacha agus i ngairdíní.Fíricí
Is crann beag é an crann fia-úll. Fásann sé timpeall is 10m ar airde. Tá cruth neamhrialta ag an gcrann le coróin leathan aige. Bíonn úlla an chrainn fia-úll an-bheag agus searbh. Ní féidir na húlla a ithe díreach ón gcrann toisc go bhfuil blas searbh orthu ach nuair a mheasctar siúcra leis na húlla is féidir glóthach fhia-úll a dhéanamh leo. Is féidir crainn fia-úll a fhás óna síolta sna húlla.Duilleoga
Is féidir le cruth na nduilleog ar an gcrann fia-úll a bheith ubhchruthach nó cruinn. Bíonn barra bioracha orthu. San fhómhar iompaíonn na duilleoga dearg nó buí-oráiste.Bláthanna agus Síolta
Tagann bláthanna ar an gcrann fia-úll go luath sa samhradh. Bíonn cúig pheiteal ar na bláthanna bándearga agus boladh cumhra orthu. Pailníonn beacha agus feithidí pailnithe eile na bláthanna chun úlla a fhás ar an gcrann. Bíonn na húlla 2-3 cm i méid. Bíonn siad glas ar dtús agus nuair a aibíonn siad bíonn dath buí le spotaí dearga orthu.Leas don Fhiabheatha
Is foinse luath phailine agus neachtair iad na bláthanna do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. Itheann éin agus mamaigh (lucha agus vóil, mar shampla) na húlla ón gcrann fia-úll. Ní hamháin go mbaineann an fiabheatha leas suntasach as na crainn seo mar ghnáthóg ach is ríthábhachtach an tairbhe don chine daonna iad freisin. Baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer. Stóráiltear carbón sna crainn agus sa chré. Scaoileann na crainn ocsaigin ar ais san atmaisféar. Is acmhainn luachmhar dúinn iad agus sinn ag iarraidh dul i ngleic le hathrú aeráide.Draighneán
Ainm Laidine: Prunus spinosa
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is tor é an draighneán. Tá tor cosúil le crann beag. Ar thor, bíonn na gais nó craobhacha níos giorra ná mar a bhíonn ar chrann. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor. Is tor coitianta é an draighneán a fheictear i bhfálta sceach, ar thalamh feirme, ar ithir charraigeach agus i gcoillearnacha.Gnáthóg
Is tor coitianta é an draighneán a fheictear i bhfálta sceach, ar thalamh feirme, ar ithir charraigeach agus i gcoillearnacha.Fíricí
Tá an draighneán duillsilteach. Is féidir leis fás ina chrann suas go 7m ar airde. Mar thor fásann sé timpeall is 3 m ar airde. Tá coirt dhorcha agus craobhacha righne, deilgneacha air. Ar thalamh feirme úsáidtear é mar chlaí nádúrtha a stopann eallaí ag dul ar strae. Is brosna maith é adhmad an draighneáin. Is féidir na gais dhíreacha a úsáid mar chosa uirlisí, maidí siúil agus bataí (uirlis troda ar a nglaoití maide draighin sa Ghaeilge nó 'shillelagh sa Bhéarla).Duilleoga
Tá duilleoga an draighneáin beag agus caol. Tá siad dúghlas agus ubhchruthach agus tá barra bioracha orthu. Fásann na duilleoga tar éis na mbláthanna.Bláthanna agus Síolta
Ag deireadh mhí an Mhárta tagann triopaill bhláthanna ar an draighneán sula bhfásann na duilleoga. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth. Bíonn bláthanna ar an draighneán go dtí mí an Mheithimh. San fhómhar agus sa gheimhreadh tagann caora cruinne, corcra dorcha, ar an draighneán. Glaoitear airní ar na caora seo. Bíonn síol nó cloch amháin i ngach airne. Tá blas searbh ar na hairní ach is féidir iad a úsáid chun subha agus pióga torthaí a dhéanamh.Leas don Fhiabheatha
Fásann an draighneán ina fhál sceach dhlúth, thiubh. Tá sé an-tábhachtach d’éagsúlacht fhiadhúlra. Cuireann sé áit shábháilte ar fáil d’éin atá ag neadú, ar nós glasán. Tugann an draighneán clúdach agus foscadh do mhamaigh bheaga, lucha agus gráinneoga, mar shampla. Is foinse luath pailine agus neachtair é do bheacha agus feithidí pailnithe eile. Is foinse mhaith bhia iad na hairní d’éin agus mamaigh sa gheimhreadh.Dris
Ainm Laidine: Rubus fructicosus
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is tor í an dris. Tá tor cosúil le crann beag. Ar thor, bíonn na gais nó craobhacha níos giorra ná mar a bhíonn ar chrann. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor.Gnáthóg
Fásann an dris i gcoillearnacha, i bhfálta sceach, ar imill bhóithre agus ar thalamh garbh.Fíricí
Is tor casta, righin, deilgneach í an dris a fhásann go timpeall is 3m ar airde. Glaoitear sméara dubha ar thorthaí na drise. Is toradh milis é. Is féidir subh a dhéanamh le sméara dubha nó is deas iad a ithe láithreach tar éis iad a phiocadh den dris.Duilleoga
Tá idir 3-5 dhuillín ubhchruthacha, spiacánacha ar dhuilleog na drise. Bíonn gais na nduilleog deilgneach.Bláthanna agus Síolta
Idir Bealtaine agus Meán Fómhair tagann bláthanna bána nó bándearga ar an dris. San fhómhar, iompaíonn na torthaí ó ghlas go dearg agus ar dheireadh thiar, go sméara dubha súmhara.Leas don Fhiabheatha
Fásann an dris ina fál sceach dhlúth, thiubh agus is gnáthóg í do go leor cineálacha feithidí. Is foinse shaibhir bhia í an dris d’éin a itheann feithidí. Cuireann an dris suíomh neadaithe ar fáil d’éin, spideoga, dreoilíní, smólaigh agus glasáin, mar shampla Tugann an dris clúdach agus foscadh do mhamaigh bheaga á gcoimeád faoi cheilt ó chreachadóirí. Is foinse luath pailine agus neachtair í do bheacha agus feithidí pailnithe eile. Itheann lonta dubha, smólaigh, druideanna agus spideoga na sméara dubha. Itheann mamaigh ar nós madraí rua agus lucha na torthaí seo freisin.Cadhan
Grianghraf:
Dáileadh
Tagann an cadhan ar cuairt go hÉirinn sa gheimhreadh. Bíonn an ghé seo ar imirce ó Cheanada agus ón nGraonlainn. Fanann an cadhan anseo in Éirinn ó Dheireadh Fómhair go hAibreán. Ansin filleann sé ar Cheanada.Cur Síos
Tá dath éadrom ar chodanna íochtaracha an chadhain agus dath níos dorcha ar na codanna uachtaracha. Tá paiste beag bán ar uachtar an mhuiníl aige.Réim Bhia
Itheann an cadhan féar trá. Miléarach is ainm don fhéar trá seo. Bíonn an cadhan ag ithe agus é ag siúl ar an trá ag barr an láin mhara nó trasna bhlár láibe.Nead/Gnáthóg
I nDeireadh Fómhair sroicheann an cadhan Loch Cuan, Contae an Dúin. Eitlíonn siad ó Loch Cuan go háiteanna éagsúla ar fud cósta na hÉireann i rith an gheimhridh. Filleann formhór na n-éan seo go Contaetha éagsúla, Aontroim, Dún na nGall, Sligeach, Doire, An Lú, Baile Átha Cliath, Loch Garman, Port Láirge agus Ciarraí.Cuach
Grianghraf:
Dáileadh
Tagann an chuach ar cuairt ón Afraic gach samhradh. Tá líon na gcuach ag laghdú.Cur Síos
Tá sciatháin bhioracha ag an gcuach agus tá dath bán ar bharr an eireabaill. Tá dath liath na luatha ar na codanna uachtaracha agus dath bán le barraí dorcha ar na codanna íochtaracha mar a chéile ar an gcuach fhireann agus baineann. Tá cosa buí ag an gcuach.Réim Bhia
Itheann an chuach feithidí, boilb agus ciaróga, ach go háirithe.Nead/Gnáthóg
Feictear an chuach i dtimpeallachtaí éagsúla. Ní thógann sí a nead féin. Beireann an chearc a huibheacha i neadacha éan eile. A luath is a thagann an sicín cuaiche amach, caitheann sí na huibheacha eile amach as an nead. Tugann na tuismitheoirí altrama aire don sicín cuaiche ag ceapadh go mbaineann sí leo. Bailíonn tuismitheoirí na cuaiche leo ar ais go dtí an Afraic ag tús an tsamhraidh. Ní fheiceann an sicín cuaiche a tuismitheoirí riamh. Imíonn an chuach óg go dtí an Afraic i Mí Iúil agus Lúnasa.Crotach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an crotach go forleathan in Éirinn.Cur Síos
Is é an crotach an lapaire is mó in Éirinn. Tréith ar leith a bhaineann leis an gcrotach ná na cosa fada atá aige. Tá corp téagartha, muineál fada agus gob fada, cuartha aige. Tá clúmh stríocach aige atá liathdhonn agus nuair a bhíonn sé ag eitilt feictear a thóin bhán.Réim Bhia
Itheann an crotach ragaí, portáin agus moilisc (seilidí, drúchtíní agus diúilicíní).Nead/Gnáthóg
Déanann an crotach a nead ar an talamh i bhféarach garbh, móinéir agus fraoch. Is féidir teacht air go forleathan sa tír. Tá laghdú suntasach tagtha ar líon síolraithe dúchasach an chrotaigh. Le déanaí, aithnítear go forleathan go bhfuil sé tábhachtach ceantair neadaireachta an chrotaigh a chosaint ó fhoraoisiú agus ó chleachtais dian talmhaíochta.Fáinleog
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an fháinleog coitianta in Éirinn mar chuairteoir samhraidh.Cur Síos
Aithnítear an fháinleog go héasca óna sciatháin dhubha, lonracha agus a heireaball fada, gabhlach. Tá a codanna íochtaracha bán. Tá paiste dearg ar a haghaidh agus banda caol, dubh ar a brollach.Réim Bhia
Beathaíonn an fháinleog ar fheithidí beaga (míoltóga agus cuileoga) agus í ar eiteog.Nead/Gnáthóg
Filleann na fáinleoga ar Éirinn ag deireadh Aibreáin ach tagann a bhformhór díobh i mBealtaine ón Afraic Theas. Filleann siad ar na suímh neadaireachta a bhí in úsáid acu cheana. Is éan lúfar í an fháinleog agus í ag eitilt. Is annamh a thuirlingíonn sí ar an talamh ach amháin chun láib agus féar a phiocadh suas le húsáid chun a nead a dhéanamh. Tógann sí nead i gcruth babhla as láib, i suímh oiriúnacha i sciobóil agus i bhfoirgnimh eile.Gabhlán Gaoithe
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an gabhlán gaoithe coitianta in Éirinn mar chuairteoir samhraidh.Cur Síos
Tá dath donn dorcha ar an ngabhlán gaoithe. Tá dath éadrom ar a scornach. Tá a sciatháin fada agus caol. Tá gabhal beag san eireaball aige ach ní mar a chéile leis an bhfáinleog é. Ní fheictear an gabhlán gaoithe ar fhara, ar fhálta nó ar shreanga toisc go bhfuil a chosa an-bheag agus is ar éigean gur féidir leis siúl. Caitheann sé formhór a shaoil nach mór, san aer gan tuirlingt. Teastaíonn airde mhaith ón ngabhlán gaoithe chun éirí i dtús eitilte. Dá bhrí sin níl foirgneamh aon stóir oiriúnach dá nead. Tá gáir chráite aige.Réim Bhia
Beathaíonn an gabhlán gaoithe ar fheithidí beaga agus é ar eiteog.Nead/Gnáthóg
Feictear an gabhlán gaoithe go minic i gceantair ina bhfuil go leor tógála déanta. Tógann sé nead i bpoill taobh istigh d’fhoirgnimh nó i bpoill faoi dhíonta. Is féidir teacht air i mbosca atá deartha go speisialta do ghabhlán gaoithe.Gabhlán Gainimh
Grianghraf:
Cur Síos
Is cuairteoir coitianta go hÉirinn é an gabhlán gainimh. Déanann sé imirce ón Afraic fho-Shahárach ó Mhárta ar aghaidh agus is é ceann de na héin imirce is luaithe a thagann go hÉirinn. Bailíonn sé leis ar ais chuig an Afraic le linn an Fhómhair. Tá an gabhlán gainimh níos lú ná an gabhlán gaoithe agus an fháinleog. Tá sé suas le 12cms ar fad. Tá cloigeann, droim, eireaball agus sciatháin an ghabhláin fásta donn dorcha. Tá íochtar an ghabhláin bán cé is móite de bhanda leathan timpeall a chliabhraigh. Beathaíonn an gabhlán gainimh ar fheithidí agus é ar eiteog.Gnáthóg/ Nead
Tochlaíonn an gabhlán gainimh in oitreacha ghainimh tirime ar aillte chósta agus ar bhruacha aibhneacha. Is annamh a fheictear iad i gceantair uirbeacha.Lasair Choille
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an lasair choille coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá aghaidh ghlédhearg ag an lasair choille. Tá marcanna bána ar a leicne agus dath dubh ar chúl a cinn. Dath dubh atá ar a heireaball le spotaí bána agus tá tóin bhán aici. Gob fada, tanaí atá aici.Réim Bhia
Itheann an lasair choille síolta. Is maith léi síolta agus feochadáin ach go háirithe.Nead/Gnáthóg
Feictear an lasair choille amuigh faoin tuath agus i bpáirceanna agus i ngairdíní. Déanann sí a nead go hard i bhfolach i bhfálta nó i gcrainn. Úsáideann sí caonach, gruaig agus cleití chun a nead a dhéanamh. Lorgaíonn sí bia ag an mbord éan.Fia Rua
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear an fia rua ins na contaethe seo: Dún na nGall, Fear Manach, Tír Eoghain, An Dún, Cill Mhantáin, an Mhí agus Ciarraí. Meastar nach bhfuil ach tréad dúchasach amháin in Éirinn agus is i gCill Áirne atá sé.Cur Síos
Is é an fia rua an luibhiteoir fiáin (ainmhí a itheann plandaí) is mó atá againn in Éirinn. Is é an t-aon fia dúchasach atá againn in Éirinn. Glaoitear carria nó poc ar an bhfia fireann. Tugtar eilit ar an bhfia baineann. Oisín nó lao eilite a thugtar ar an bhfia óg. Fásann an fia rua beanna. Brúnn agus buaileann na fianna rua faoina chéile leis na beanna seo agus iad in iomaíocht le chéile.Réim Bhia
Bíonn an fia rua ag iníor de lá agus d’oíche. Itheann sé fraoch, toir bheaga, eidhneán, cuileann, buinneoga crainn agus féara garbha. Má bhíonn drochaimsir an gheimhridh go dona, tagann an fia rua anuas chuig talamh feirme in aice leis chun barra feirme a ithe.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an fia rua i gceantair shléibhe oscailte, ar mhóinteáin agus i gcoillearnacha cúlráideacha.Beith Gheal
Betula pendula
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an bheith gheal. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann an bheith gheal i gcoillearnacha. Is crann fíneálta é le craobhacha tanaí, caola. Tá an choirt bán, ar nós páipéir. Tá na duilleoga beag, triantánach agus biorach. Tá imill na nduilleog spiacánach. Iompaíonn na duilleoga buí agus oráiste sula dtiteann siad san fhómhar. Fásann caitíní ar an mbeith gheal. Is bláthanna le peitil bheaga nó gan pheitil iad na caitíní atá fada agus tanaí. San fhómhar, tagann dath donn ar na caitíní agus scaoiltear síolta beaga bídeacha eiteacha ar an ngaoth. Is foinse bhia iad na síolta agus an choirt d’ainmhithe na foraoise ar nós coiníní, fianna agus éin. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Coll
Corylus avellana
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach é an coll. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann an coll i gcoillearnacha. Is planda crua é le cuma toir air seachas crann. Fásann craobhacha caola air agus tá an t-adhmad láidir agus solúbtha. Tá na duilleoga rocach, ubhchruthach agus gruagach. San Fhómhar, iompaíonn na duilleoga buí sula dtiteann siad. Fásann caitíní ar an gcoll. Is bláthanna iad na caitíní atá fada agus tanaí. Tá dath buí ar na caitíní agus breathnaíonn siad cosúil le heireabaill uain. Is foinse luath phailine do bheacha iad na bláthanna ar an gcoll. Iompaíonn siad ina gcnónna san fhómhar le titim na nduilleog. Itheann éin agus mamaigh na cnónna. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Fia Buí
Grianghraf:
Dáileadh
Is é an fia buí an fia is coitianta in Éirinn agus tá teacht air i ngach chontae sa tír, nach mór.Cur Síos
B’iad na Normannaigh a thug an fia buí den chéad uair go hÉirinn. Glaoitear poc ar an bhfia fireann. Glaoitear eilit ar an bhfia baineann. Glaoitear lao eilite nó oisín ar an bhfia óg. Sa samhradh, bíonn dath donn éadrom le spotaí bána ar an bhfia buí. Sa gheimhreadh, bíonn dath liathdhonn air. Saintréith den fhia buí fireann is ea na beanna leathana, leacaithe (palmatach) atá aige. Caitheann an fia buí na beanna de gach earrach ó Mhárta go Bealtaine. Tosaíonn beanna nua ag fás láithreach.Réim Bhia
Is luibhiteoir é an fia buí (ainmhí a itheann fásra amháin). Caitheann sé formhór a chuid ama ag iníor. Bíonn sé ag iníor i bhféarach oscailte ar feadh na bliana ar fad. Itheann sé luibheanna, duilleoga, fungais, dearcáin agus buinneoga óga duillsilteacha.Nead/Gnáthóg
Is maith leis an bhfia buí meascán de choillearnach agus féarach oscailte. Is féidir teacht air i gcoillearnacha duillsilteacha agus i gcoillearnacha measctha.Dris
Rubus fructicosus
Grianghraf:
Cur Síos
Is tor í an dris. Tá tor cosúil le crann beag. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor. Fásann an dris i bhfálta sceach, ar imill bhóithre agus ar thalamh garbh. Is tor casta, righin, deilgneach í. Tá idir 3-5 dhuillín ubhchruthacha ar an duilleog. Le linn an tsamhraidh, feictear bláthanna bána nó bándearga ag fás. Tugann siad neachtar do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. San fhómhar, aibíonn caora dubha ar a dtugtar sméara dubha ar an dris. Is toradh milis é an sméar. Is féidir subh agus pióga torthaí a dhéanamh as sméara dubha nó iad a ithe láithreach. Itheann éin agus mamaigh na sméara dubha sa gheimhreadh. Tugann an dris suíomh neadaithe d’éin agus clúdach agus foscadh do mhamaigh bheaga ar nós luch agus gráinneog.Galán
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear an galán go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid é an galán. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Is cuileog é an galán atá cosúil le muiscít le cosa fada ach níl aon dochar ann. Tá sé 25mm ar fad le réise sciathán 60mm ar leithead. Tá dath liathdhonn air. Tá a chosa fíneálta agus scoitear go héasca ón gcorp iad. Tá na sciatháin tréshoilseach. ‘Snáthaid an Phúca’ nó ‘Pilib an Gheataire’ a thugtar mar ainmneacha air go minic. Is feithid oíche é agus meallann soilse geala chucu iad sna tráthnónta dorcha. Ag deireadh an tsamhraidh agus i rith fhómhair is mó a fheictear iad. Tugtar cruimheanna na snáthaide móire ar larbhaí an ghaláin. Maireann siad sa chré agus beathaíonn siad ar fhréamhacha phlandaí, féara ach go háirithe. Ní maith le garraíodóirí cruimheanna na snáthaide móire toisc go ndéanann siad an-chuid damáiste do bharra. Is lotnaidí iad, dar leo.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an ngalán i móinéir, ar thalamh féaraigh agus i gcoillearnacha taise, caonaigh.Bithéagsúlacht
Cabhraíonn cruimheanna na snáthaide móire (larbhaí an ghaláin) le héiceachóras na cré a leasú mar athchúrsálann siad duilleoga agus fásra feoite. Is foinse bhia mhaith iad d’éin, snaganna breaca, préacháin, rúcaigh agus druideanna, ach go háirithe. Is foinse bhia mhaith an galán fásta d’éisc, damháin alla, froganna, éin agus mamaigh.Feochadán Colgach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an feochadán colgach coiteann forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Fásann an feochadán colgach ar thalamh féaraigh, i ndumhcha, cois bóthair agus i ngarraí.Cur Síos
Fásann an feochadán colgach suas le 1m ar airde. Tá gas righin deilgneach aige. Tá cuma chéiriúil ar na duilleoga. Tá dath liathghlas orthu agus tá siad deilgneach chomh maith. Tá an bláthcheann 20-30 mm ar leithead le bláthóga beaga boga atá bándearg-corcra. Tá an bláthcheann suite ar bharr meall spíonta a bhreathnaíonn cosúil le duilleoga deilgneacha. Taistealaíonn síolta an phlanda seo achar fada ar pharaisiúit ribí clúmhacha. Tugann gach bláthcheann suas le 100 síol.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an feochadán colgach ó Mhí Iúil go Mí Dheireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Meallann an feochadán colgach éin a itheann síolta ar nós lasracha choille. Is foinse mhaith bhia í do bhoilb an Áilleáin. Is foinse neachtair í na bláthanna d’fhéileacáin.Nóinín
Grianghraf:
Cur Síos
Is iad nóiníní na bláthanna fiáine is coitianta in Éirinn. Fásann na duilleoga i gciorcal gar don talamh. Fásann an bláthcheann ar ghas aonar. Tá peitil bheaga, tanaí, bána ag gach bláth le lár buí ciorclach ann. Fásann nóiníní i móinéir, i bpáirceanna agus i ngairdíní. Feictear an nóinín i rith na bliana ar fad. Tugann an nóinín neachtar agus pailin do chuileoga, féileacáin agus beacha aonaracha.Feileastram Dearg
Grianghraf:
Dáileadh
Is féidir teacht ar an bhfeileastram dearg feadh iarthair agus iardheisceart na hÉireann.Gnáthóg
Fásann an feileastram dearg i dtomóga cois bóthair, i bhfálta sceach, ar bhruacha lochanna agus aibhneacha agus in aice le coillte.Cur Síos
Is bláth fiáin suntasach é an feileastram dearg a thugann taispeántas iontach de bhláthanna dearg-oráiste geala agus an planda faoi bhláth. Tá na duilleoga cosúil le féar. Seasann na duilleoga suas díreach agus tá siad cothrom, caol agus sleáchruthach. Fásann siad mórthimpeall an phlanda. Fásann na bláthanna feadánacha feadh na ngas. Tá siad timpeall is 2.5cm ar fad. Tá sé pheiteal ag gach bláth. Cé go bhfuil cuma álainn ar an bhfeileastram dearg meastar gur speiceas ionrach é. Ní planda nádúrtha in Éirinn é.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn an feileastram dearg faoi bhláth ó mhí Iúil go Meán Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Meallann an feileastram dearg pailneoirí gairdín ar nós beacha.Luch Thí
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an luch thí coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is creimire í an luch thí. Is ceann de na mamaigh is coitianta in Éirinn í. Is annamh a fheictear í ag bogadh ó áit go háit i suímh oscailte. Is nós léi rith feadh bealaí clúdaithe nó gar do bhallaí. Is ainmhí oíche í an luch thí (gníomhach san oíche).Réim Bhia
Is uiliteoir í an luch thí (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí). Is fearr léi gránach a ithe ach beathaíonn sí ar bhia atá indíleáite agus éasca a fháil.Nead/Gnáthóg
Seachnaíonn an luch thí gnáthóga oscailte ach sa samhradh is féidir teacht uirthi i bpáirceanna nó i bhfálta sceach, gar d’fhoirgnimh. Cónaíonn sí laistigh i rith an gheimhridh, i bhfoirgnimh agus i dtrádstórais.Luch Fhéir
Cur Síos
Tá an luch fhéir le feiceáil go forleathan i mbeagnach gach áit in Éirinn. Is uiliteoir í an luch fhéir (ainmhí a itheann idir feoil agus plandaí) cé gur fearr léi síolta. Itheann sí torthaí, caora, bachlóga, cnónna, fréamhacha, gránach agus bleibíní. Beathaíonn sí ar phéisteanna talún, seilidí, agus feithidí chomh maith. Is creimire í. Is ainmhí oíche í den chuid is mó ach uaireanta feictear í i rith an lae. Gluaiseann sí go tapa agus is féidir léi snámh agus dreapadh. Tá nós aici léim go hard san aer nuair a bhaintear geit aisti.Foiche Choiteann
Grianghraf:
Cur Síos
Is feithid í an fhoiche choiteann. Tá stríoca dubha agus buí ar a corp agus tá cealg ag bun an abdómain aici. Is feithidí sóisialta iad na foichí. Maireann siad i ngrúpaí nó coilíneachtaí. Tá cráinfhoiche agus foichí oibre baineanna i ngach ghrúpa nó coilíneacht. San Earrach, tógann an chráinfhoiche an nead as adhmad coganta i seideanna adhmaid, in áiléir thithe, agus i ndíonta. I rith an tsamhraidh, beireann an chráinfhoiche suas le 25,000 ubh. Bíonn na foichí oibre baineanna ag fiach le haghaidh feithidí chun larbhaí na bhfoichí (cruimheanna óga) a bheathú. Scaoileann na larbhaí sú milis a bheathaíonn na foichí oibre. Ag deireadh an tsamhraidh, ní bhíonn aon larbhaí fágtha le beathú agus mar sin ní bhíonn aon sú milis ar fáil do na foichí oibre. Is mar gheall ar sin go mbíonn siad d’ár gcrá agus iad ag lorg ábhar milis. Ní féidir leis na foichí a gcuid bia a stóráil agus cailltear na coilíneachtaí agus na foichí iontu i lár an fhómhair. Tá foichí coiteanna an-tábhachtach dúinn mar bíonn siad gníomhach ag fiach feithidí i rith an tsamhraidh. Beathaíonn siad ar neachtar ó phlandaí agus tá siad chomh tábhachtach céanna leis na beacha ó thaobh pailniú de.Naomh Pádraig
Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann
Tugtar Carraig Phádraig ar Charraig Chaisil.De réir an tseanchais tháinig Pádraig go Caiseal sa bhliain 432 AD.
Tá dhá fhinscéal a cheanglaíonn Pádraig le Carraig Phádraig.
1. Is cnoc mór é an Bearnán Éile i gContae Thiobraid Árann.
Tá bearna le feiceáil go soiléir sa chnoc gar don mhullach.
Tá an cnoc timpeall is 30km ó Charraig Phádraig.
De réir an tseanchais bhain an diabhal plaic as an gcnoc agus chaith sé amach na carraigeacha le Pádraig.
Thit na carraigeacha ar Chaiseal agus cruthaíodh Carraig Phádraig dá bharr.
2. Ba ag an láthair seo, Carraig Phádraig, a thug Pádraig Rí na Mumhan chun na Críostaíochta.
Is iomaí cuairteoir a thagann chuig Carraig Phádraig go dtí an lá atá inniu ann. Is suíomh é is mó cuairte in Éirinn.
Ardeaglais Naoimh Pádraig, Ard Mhacha, Contae Ard Mhacha
Sa bhliain 445 AD, tháinig Pádraig go dtí ceantar darbh ainm Ard Mhacha.Ba mhian leis séipéal mór cloiche a thógáil ar an mullach is airde ar sean suíomh págánta.
Dhiúltaigh an taoiseach áitiúil d’iarratas Phádraig ar dtús ach ghéill sé dó sa deireadh agus lig sé do Phádraig a shéipéal a thógáil ar Chnoc Ard Mhacha.
Tá an séipéal ann i gcónaí ar an láthair chéanna inar sheas an chéad séipéal mór cloiche.
Is timpeall ar an gcéad séipéal sin úd a d’fhás cathair Ard Mhacha.
Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo
Éiríonn Cruach Phádraig 764 méadar ar airde agus áirítear í ar an sliabh is beannaithe in Éirinn.Sa bhliain 441 AD, chuaigh Pádraig ar oilithreacht go dtí an sliabh seo roimh an gCáisc. Níor ith sé aon bhia ar feadh 40 lá agus 40 oíche. De réir an tseanchais, bhí deamhain agus déithe págánta ag cur cathú air ach chuir sé an ruaig orthu.
Seo bunús an scéil gur ruaig Pádraig na nathracha ó thalamh na hÉireann.
Thángthas ar fhothrach séipéil beag ar an mullach nuair a bhí tochailt seandálaíochta ar siúl sna 1990idí. Creidtear gur tógadh an séipéal le linn tréimhse Phádraig.
Ón tráth sin i leith bhí séipéal i gcónaí ar mhullach Chruach Phádraig. Glaoitear Teampall Phádraig ar an séipéal seo.
Is ionad oilithreachta é do go leor daoine. Ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil, Domhnach na Cruaiche a thugtar air, déanann na mílte daoine an dreapadh crua go mullach Chruach Phádraig ag leanúint coiscéimeanna Phádraig.
Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí
Sa bhliain 433 AD, de réir an tseanchais, chuaigh Naomh Pádraig go dtí Mullach Bhaile Shláine.Tharla sé go raibh Pádraig san áit seo agus féile phágánach na Bealtaine faoi lánseol.
B’fhéile mhór í féile na Bealtaine a cheiliúrtaí ar an 1ú Bealtaine.
Ba í Bealtaine tús an tsamhraidh. Múchadh na tinte ar fad ar fud na tíre Oíche Bhealtaine ag tabhairt le fios go raibh deireadh an gheimhridh tagtha.
Ba chroílár cumhachta Ard Rí na hÉireann é Teamhair agus ar an láthair seo ceiliúradh cruinnithe tábhachta mar fhéilte reiligiúnacha.
Lasadh Ard Rí na hÉireann tine ar Teamhair ag éirí na gréine ar Fhéile na Bealtaine ag fógairt do chách go raibh an bhliain nua ag tosú.
Timpeall is 16km ó Teamhair, las Pádraig tine ag an am céanna. Bhí an tine ag soilsiú go geal ar feadh na hoíche agus chonaic an tArd Rí i dTeamhair í.
Mar gheall ar an ngníomh seo, ghabh saighdiúirí an Rí Pádraig agus tugadh go Teamhair é chun dul os comhair an Ard Rí.
Is ag an gcruinniú seo leis an Ard Rí a d’inis Pádraig dó faoin gCríostaíocht. D’úsáid sé trí dhuillín na seamróige chun an Tríonóid Ró-Naofa a mhíniú dó; go bhfuil trí dhuine i nDia.
Cé gur fhan sé ina phágánach, lig an tArd Rí do Phádraig leanúint lena obair mhisinéireachta.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Mhullach Bhaile Shláine agus Teamhair. Is álainn na suíomhanna iad agus an-chuid staire ag baint leo.
Sabhall Pádraig, Co. an Dúin
Tar éis staidéar a dhéanamh ar feadh roinnt mhaith blianta, d’fhill Pádraig ar Éirinn sa bhliain 432 AD agus é ina easpag.Tháinig sé chun an Chríostaíocht a roinnt le muintir na hÉireann. Ba phágánaigh iad na hÉireannaigh ag an am sin.
Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn thug sé aghaidh ar an mbaile darbh ainm Sabhall.
Lig an taoiseach áitiúil, Dichu, do Phádraig cur faoi i scioból agus faoi dheireadh bhunaigh sé a chéad mhainistir san áit seo.
Is mar gheall ar seo go n-aithnítear Sabhall go forleathan mar thobar na Críostaíochta in Éirinn.
Is féidir fothrach na mainistreach a fheiceáil ar an láthair seo go dtí an lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1932 tógadh eaglais chloiche, eaglais Shabhaill, chun an suíomh a mharcáil agus tá dealbh ollmhór de Naomh Pádraig ar bharr cnoic Phádraig gar don eaglais i Sabhall.
Fuair sé bás in AD 461, i Sabhall Phádraig, Contae an Dúin.
Ar an 17ú Márta gach bliain osclaítear eaglais Shabhaill do chách den chreideamh Críostaí chun ómós a thabhairt do Phádraig.
Ardeaglais an Dúin, Dún Pádraig, Co. an Dúin
Fuair Naomh Pádraig bás i Sabhall ar an 17ú Márta 461 AD.Deirtear, áfach, gur adhlacadh é ar thalamh Ardeaglaise an Dúin, a sheasann ar Chnoc an Dúin, Dún Pádraig.
Deirtear go bhfuil corp Bhríde agus corp Choilm Cille curtha ar an láthair chéanna chomh maith.
Sliabh Mis, Co. Aontroma
Go luath sna 400dí ghabh foghlaithe mara Pádraig agus tugadh go hÉirinn é.Bhí sé 16 bhliana d’aois ag an am.
Díoladh ina sclábhaí é le feirmeoir caorach darbh ainm Milchu é.
Choimeád Milchu a chaoirigh ar Shliabh Mis agus chaith Pádraig an chéad sé bliana eile dá shaol ina aoire ag faire ar chaoirigh ar an sliabh seo.
Bhí Pádraig ina aonar gan comhluadar ar bith aige ach na caoirigh.
I rith an ama seo ar an sliabh a neartaíodh a chreideamh i nDia agus deirtear gur ghuigh sé suas le 100 uaire gach lá agus oíche.
D’iarr sé ar Dhia go sábhálfaí é.
Ar deireadh, dúradh leis i mbrionglóid go raibh long ann a thabharfadh abhaile chun na Breataine Bige é.
Is ionad tábhachtach oilithreachta é Sliabh Mis agus ar an 17ú Márta tugann oilithrigh a n-aghaidh ar mhullach Shliabh Mis in ómós do Naomh Pádraig.