Mí na Bealtaine
Céadaoin
1
Déardaoin
2
Aoine 3
Satharn 4
Domhnach 5
Luan 6
Máirt 7
Céadaoin 8
Déardaoin 9
Aoine 10
Satharn 11
Domhnach 12
Luan 13
Máirt 14
Céadaoin 15
Déardaoin 16
Aoine 17
Satharn 18
Domhnach 19
Luan 20
Máirt 21
Céadaoin 22
Déardaoin 23
Aoine 24
Satharn 25
Domhnach 26
Luan 27
Máirt 28
Céadaoin 29
Déardaoin 30
Aoine 31
2 Mí na Bealtaine
Saintréithe an tSamhraidh
Tá ceithre shéasúr sa bhliain: an t-earrach, an samhradh, an fómhar agus an geimhreadh.
Tarlaíonn athrú na séasúr mar gheall ar chlaonadh an domhain ar a ais i dtreo na gréine nó iompaithe ón ngrian. Is í an ghrian an t-aon réalta amháin inár ngrianchóras.
Tugann an ghrian teas agus solas don domhan.
Nuair a chlaonann an domhain ón ngrian bíonn níos lú teasa agus solais ag an leathsféar sin den domhan. Ag an am céanna bíonn a mhalairt ag tarlú sa leathsféar eile atá claonta i dtreo na gréine.
Bíonn tionchar ag claonadh an domhain ar fad an lae agus ar an teocht.
Is seo a thugann saintréithe dona séasúir.
Roinntear an domhan i dhá leathsféar: an leathsféar thuaidh, an leathsféar theas.
Tá Éire sa leathsféar thuaidh.
Nuair a bhíonn an leathsféar thuaidh ag claonadh i dtreo na gréine bíonn an t-earrach agus an samhradh againn in Éirinn.
Nuair a chlaonann an domhan ón ngrian bíonn an fómhar agus an geimhreadh againn.
Fad is a bhíonn an leathsféar thuaidh claonta i dtreo na gréine bíonn an leathsféar theas iompaithe ón ngrian.
Is mar gheall ar seo go mbíonn malairt séasúr acu san Astráil, sa leathsféar theas, is a bhíonn againn in Éirinn. Nuair a bhíonn an geimhreadh acu san Astráil bíonn an samhradh againn in Éirinn. Agus nuair a bhíonn an samhradh acu san Astráil bíonn an geimhreadh ann in Éirinn. Sin an fáth gur féidir leis na hAstrálaigh dinnéar na Nollag a bheith acu ar an trá!
Is ceann de na ceithre shéasúr é an samhradh.
Sa séasúr seo bímid ag tnúth leis na teochtaí is airde agus na laethanta is faide sa bhliain.
Tagann an samhradh go dtí codanna éagsúla an domhain ag amanna difriúla.
In Éirinn, leanann míonna an tsamhraidh féilire ársa de chuid na gCeilteach agus tá ainmneacha cuid de na míonna tagtha chugainn ón bhféilire ársa sin, Bealtaine ach go háirithe. Comóradh tús an tsamhraidh le féile mhór ar Lá Bealtaine. Ceiliúradh filleadh an tsolais tar éis dorchadas an gheimhridh le tinte chnámh.
Tugadh ómós don dia Bel (dia na loinnreach) ar lá Bealtaine.
Is as seo a thagann ainm na míosa, Bealtaine (Beltane).
Is iad Bealtaine, Meitheamh agus Iúl míonna an tsamhraidh.
Tá go leor comhartha sa nádúr a thugann le fios dúinn go bhfuil an samhradh ann.
Tosaíonn na laethanta ag dul i bhfad nuair a thagann an samhradh.
Bíonn an lá is faide againn ar an 21ú Meitheamh.
Tugtar grianstad an tsamhraidh ar an lá seo.
Ag an bpointe seo den bhliain bíonn an ghrian ag an suíomh is airde agus bíonn thart ar 17 n-uair an chloig de sholas lae againn.
Tar éis grianstad an tsamhraidh laghdaíonn uaireanta sholais an lae diaidh ar ndiaidh go dtí go mbíonn an lá is giorra againn, ar an 21ú Nollaig, grianstad an gheimhridh. Ag an am seo den bhliain ní bhíonn ach 7.5 n-uair an chloig de sholas againn.
Bíonn samhraí in Éirinn te go leor.
Is iad Bealtaine agus Meitheamh na míonna is grianmhaire cé gur Iúil agus Lúnasa na míonna is teo.
De réir mar a théann na plúiríní sneachta, lusanna an chromchinn agus na coinnle corra in éag tagann bláthanna an tsamhraidh ar aghaidh.
Feictear dathanna áille, beoga na mbláthanna samhraidh sna móinéir, fálta sceach agus coillearnacha.
Is coitianta an lus mór, lena dias bláthanna corcra, agus an chailleach dhearg iontach, scarlóideach a fheiceáil sna suíomhanna seo.
Feictear an féithleann lena bhláthanna bánbhuí i gcoillearnacha agus fálta sceach. Is álainn an boladh uaidh a líonann an t-aer mórthimpeall ag mealladh beacha agus féileacáin chuige.
Sa samhradh, bíonn duilleoga ag fás ar na crainn dhuillsilteacha arís (crainn a chailleann a nduilleoga sa gheimhreadh).
Tá substaint ar a nglaoitear clóraifill i nduilleoga glasa na gcrann.
Is í an chlóraifill a thugann an dath glas do na duilleoga.
Tógann an chlóraifill fuinneamh isteach ó sholas na gréine a chabhraíonn le cruthú bia don chrann.
Is é an samhradh an t-am is fearr den bhliain chun bia a dhéanamh don chrann mar bíonn níos mó solais gréine ar fáil.
Bíonn na crainn faoi bhláth sa samhradh freisin agus tugann siad taispeántas álainn daite dúinn a mheallann go leor beacha agus féileacáin.
Is é an samhradh an t-am den bhliain is gnóthaí do na beacha.
Agus na bláthanna agus na crainn go léir faoi bhláth, bíonn neachtar
an-fhlúirseach go deo.
Bíonn na beacha go gnóthach ag bailiú neachtair chun na larbhaí a bheathú agus iad ag pailniú plandaí ar feadh an ama.
Caitear an choirceog a choimeád aeráilte i rith míonna teo an tsamhraidh.
Fuaraíonn grúpaí beach an choirceog le greadadh a sciathán.
Is é an samhradh séasúr na bhféileacán agus feictear iad ag scinneadh ó bhláth go bláth le linn na laethanta gréine teo.
Tá go leor éagsúlacht sna féileacáin a bhíonn le feiceáil.
Bíonn cinn ildathacha ann an ruán beag, mar shampla chomh maith le féileacáin bhána mar shampla an bhánóg bheag.
Tosaíonn éin bheaga, nó gearrcaigh, a tháinig amach san earrach, ag foghlaim conas eitilt.
Imíonn na sciatháin chlúmhacha agus fásann na sciatháin eitilte ina n-áit. Go hiondúil, tógann sé idir 10 lá agus trí sheachtain go bhfoghlaimíonn an t-éan óg conas eitilt. Is dainséarach an tréimhse seo don éan beag, agus é ag foghlaim conas eitilt. Toisc go gcaitheann sé go leor ama ar an talamh sula mbíonn sé ábalta eitilt tá baol ann go mbéarfaidh creachadóir air. Is minic a fhágann lonta dubha óga an nead.
Téann siad i bhfolach faoi thoir go dtí go mbíonn siad sách láidir eitilt.
Bíonn ialtóga fíorghnóthach go luath sa samhradh mar beirtear a n-óga dóibh ag an am seo.
Toisc go mbíonn an aimsir te go leor, bíonn flúirse bia ann agus líon na míoltóg ag méadú. Is féidir leis na hialtóga seilg ar feadh tréimhsí níos faide. Feictear iad ag scinneadh agus ag tumadh tríd an aer ag titim na hoíche in áiteanna uirbeacha agus tuaithe.
Is iad an ialtóg fheascrach agus an ialtóg shopránach is forleithne in Éirinn.
Inniu Céadaoin 30
Réamhaisnéis na haimsire
Bánóg Bheag
Grianghraf:
Dáileadh
Tá teacht ar an mbánóg bheag go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an bhánóg bheag nó an bhánóg chabáiste. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Tá dath geal bán ar an dá sciathán tosaigh. Tá barr na sciatháin dubh agus tá spota dubh nó dhó orthu. De ghnáth bíonn spota dubh amháin ag an mbánóg bheag fhireann agus dhá spota ag an bhféileacán baineann. Bíonn dath bánbhuí ar na sciatháin chúil. Tá réise sciathán suas le 48mm aici. Itheann boilb na bánóige bige glasraí ar nós cabáiste, cál, brocailí agus bachlóga Bhruiséile. Bíonn dath glas éadrom orthu agus iad ceilte go maith ina dtimpeallacht dá bharr sin. Feictear iad ar íochtar duilleoga na gcabáistí, áit nach féidir lena gcreachadóirí teacht orthu. Cnaíonn siad trí na duilleoga ag fágáil poill iontu agus mar gheall ar sin meastar gur lotnaidí iad. Ní dhéanann féileacáin fásta damáiste do na plandaí. Feictear na féileacáin go luath san Earrach go dtí deireadh an Fhómhair.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an mbánóg bheag i raon de ghnáthóga difriúla ach feictear iad i ngairdíní agus in áiteanna a fhástar cabáistí.Bithéagsúlacht
Bíonn an bhánóg bheag an-ghníomhach agus is pailneoir maith í ag dul ó bhláth go bláth ag ól neachtar. Caisearbháin, seamra dearga, miontas agus sútha talún is rogha léi go hiondúil. Is foinse mhaith bhia í d’éin agus d’fheithidí móra go príomha ach do mhamaigh bheaga chomh maith.Ruán Beag
Grianghraf:
Dáileadh
Tá teacht ar an ruán beag go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid é an ruán beag. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Bíonn an ruán beag dearg oráiste le marcanna dubha air. Tá spotaí gorma timpeall imill na sciathán. Tá réise sciathán suas le 55mm aige. Déanann sé codladh geimhridh san fhómhar, i dtithe, seideanna, agus rosáin dhlúth. Tá bolb an ruáin bhig dubh le línte gealbhuí ar thaobh an choirp. Beathaíonn sé ar an neantóg.Gnáthóg
Tá teacht ar an ruán beag i ngairdíní, fálta sceach agus coillearnacha.Bithéagsúlacht
Is pailneoir maith é an ruán beag agus feictear go minic é ag dul ó bhláth go bláth ag ól neachtar. Caisearbháin, feochadáin agus fraoch is rogha leis. Beathaíonn na boilb ar neantóga ag cur srian le fás an phlanda seo. Is foinse mhaith bhia iad na boilb d’éin agus d’fheithidí go príomha ach beathaíonn mamaigh bheaga orthu chomh maith.Cailleach Dhearg
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear an chailleach dhearg go forleathan i suíomhanna áirithe ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Feictear an chailleach dhearg ar thalamh bán, i ndíoga cois bóthair agus feadh imeall pháirceanna. Ar ndóigh, tá teacht uirthi i suíomhanna ina bhfuil bláthanna fiáine curtha d’aon ghnó.Cur Síos
Is bláth fiáin péacach é an chailleach dhearg atá éasca a aithint. Fásann sí suas le 1m ar airde. Tá duilleoga an bhlátha seo dúghlas le himill spiacánacha. Tá an gas fada agus gruagach. Tá na bláthanna síodúil. Tá cruth cosúil le fochupáin orthu. Tá dath lonrach scarlóideach ar an gcailleach dhearg agus is éasca í a fheiceáil mar gheall ar seo. Tá na peitil craptha agus chomh tanaí le sliseoga. I lár an bhlátha tá gais dhubha a choimeádann na saic phailine.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn an chailleach dhearg faoi bhláth ó Mheitheamh go Lúnasa.Leas don Fhiabheatha
Baineann an fiadhúlra leas mór as an gcailleach dhearg. Tá flúirse pailine inti atá éasca a fháil. Mealltar beacha dá bharr sin. Ní bhíonn suim ag na féileacáin sna bláthanna seo mar níl mórán neachtair le fáil iontu.Lus Mór
Grianghraf:
Dáileadh
Feictear an lus mór go forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Fásann an lus mór i gcoillearnacha, cois bóthair, ar shléibhte, ar thalamh garbh agus ar aillte farraige.Cur Síos
Is bláth fiáin ard, galánta é an lus mór ach tá sé nimhiúil. Fásann sé chomh hard le 150 cm. Fásann na duilleoga móra ubhchruthacha i ngrúpa timpeall bun an ghais. Fásann na bláthanna amach as an ngas. Is féidir le plandaí arda suas le 80 bláth a iompair ar aon ghas amháin. Osclaíonn na bláthanna, ceann i ndiaidh a chéile, ón mbun go dtí an barr. Tá na bláthanna cloigínchruthacha idir 4 go 5 cm i méid. Bíonn dath bándearg-corcra go hiondúil orthu ach uaireanta bíonn dath bán orthu. Feictear marcanna nó spotaí i mbéal an bhlátha agus chreidtí gur lorg láimhe na síog a bhí iontu. Is féidir le lus mór amháin os cionn milliún síol a thabhairt.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an lus mór ó Mheitheamh go Lúnasa.Leas don Fhiabheatha
Is foinse iontach neachtair iad na lusanna móra do leamhain, bumbóga, agus beacha mheala. Is iad na spotaí is mó a mheallann agus a stiúrann na bumbóga chuig an neachtar.Féithleann
Ainm Laidine: Lonicera periclymenum
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is féith nó dreapaire é an féithleann. Is planda í an fhéith le craobhóga fada, crochta agus gais atá solúbtha agus a dhreapann. Fásann féith ón talamh ag baint taca as crann nó balla.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an bhféithleann ag fás feadh fálta sceach agus i gcoillearnacha duillsilteacha.Fíricí
Is féith nó dreapaire duillsilteach é an féithleann. Ní féidir leis an bhféithleann fás as a stuaim féin. Casann sé é féin timpeall ar chrainn nó ar thoir chun taca a bhaint astu. Is féidir leis fás go 7m ar airde.Duilleoga
Tá duilleoga an fhéithlinn ubhchruthach le himill mhíne. Tá siad dúghlas le gais ghearra.Bláthanna agus Síolta
Tagann bláthanna bánbhuí cosúil le trumpaí ar an bhféithleann ó mhí an Mheithimh go mí Dheireadh Fómhair. Iompaíonn na bláthanna ó bhánbhuí go buí le himir den dearg orthu tar éis dóibh pailniú. Tá boladh sainiúil cumhra orthu. Aibíonn na caora, a fhásann i dtriopaill, san fhómhar. Tá siad nimhiúil.Leas don Fhiabheatha
Baineann féileacáin agus bumbóga leas as an bhféithleann. San oíche meallann boladh cumhra an fhéithlinn leamhain pailnithe. San fhómhar, itheann smólaigh agus corcráin choille na caora.Lon Dubh
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an lon dubh an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is smólach é an lon dubh. Tá cleití ciardhubha air. Lon dubh a thugtar ar an éan fireann. Céirseach a thugtar ar an éan baineann. Tá a ghob gealbhuí agus tá fáinní gealbhuí faoina shúile. Dath donn, breactha atá ar an gcéirseach. Canann an lon dubh go glórach binn.Réim Bhia
Is breá leis an lon dubh péisteanna. Itheann sé caora, úlla, síolta agus piseanna talún chomh maith.Nead/Gnáthóg
Déanann an lon dubh a nead i gcrann nó i sceach. Tá cruth cupáin ar an nead. Déantar an nead as féar, tuí agus cipíní. Bíonn líneáil taobh istigh den nead déanta as láib agus píosaí beaga féir.Beach Mheala
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an bheach mheala le feiceáil go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid í an bheach mheala. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Níl ach beach mheala amháin atá nádúrtha in Éirinn. Is feithid bheag í an bheach mheala i gcomparáid leis an mbumbóg. Tá ribí fíneálta gruaige ar a corp stríocach. Tá stríoca donna dorcha, beagnach dubh agus oráiste ar a corp. Tá cúig shúil aici. Is feithidí sóisialta iad na beacha meala. Comhoibríonn siad le chéile agus maireann siad i ngrúpaí, i neadacha nó i gcoirceoga atá suite i gcrainn, i ndíonta foirgneamh agus i mballaí. Istigh sa choirceog bíonn trí chineál beiche agus obair ar leith le déanamh acu. i) An chráinbheach ii) na hoibrithe ( na beacha baineanna) iii) na ladrainn Tá an chráinbheach dhá oiread níos faide ná na hoibrithe. Beireann sí na huibheacha a chruthaíonn an chéad ghlúin beach eile. Beireann sí suas le 2,500 ubh in aghaidh an lae. Tá na hoibrithe níos lú agus is iad seo na beacha a fheicimid go hiondúil. Tá an-chuid oibre le déanamh acu. Tógann siad na caidhnte sa choirceog as an gcéir a dhéanann siad. Déanann siad an bia i bhfoirm mheala ó neachtar bhláthanna a bhailíonn agus a stórálann siad sna caidhnte. Is bia do na larbhaí (cruimheanna óga) an mhil seo. Greadann siad a sciatháin chun an choirceog a choimeád glan agus aeraithe. Roinneann na hoibrithe eolas faoi fhoinse bhia sa chomharsanacht le chéile trí damhsa a dhéanamh. Cealgann na cráinbheacha agus na hoibrithe. Tá na ladrainn níos mó ná na hoibrithe agus bíonn siadsan i láthair i dtús an tsamhraidh ach caitear amach as an gcoirceog iad ag deireadh an tsamhraidh. Níl aon chealg ag na beacha seo. I rith an gheimhridh beathaíonn na beacha atá fágtha ar an mil stóráilte agus pailin go dtí an tEarrach. Bailíonn siad le chéile timpeall na cráinbheiche chun iad féin a choimeád te.Gnáthóg
Is féidir leis na beacha meala maireachtáil i dtimpeallacht nádúrtha nó bainistithe trí bheachaireacht. Eitlíonn siad i ngairdíní, i gcoillearnacha, in úlloird agus in áiteanna eile ina bhfuil flúirse bhláthanna.Bithéagsúlacht
Is pailneoirí maithe iad beacha meala, ag pailniú plandaí fiáine agus barra. Bíonn suas le 50,000 beach i ngnáthchoilíneacht agus is acmhainn thábhachtach iad mar phailneoirí bharra.Ialtóg Fheascrach
Dáileadh
Tá an ialtóg fheascrach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is í an ialtóg fheascrach an dara hialtóg is lú in Éirinn agus an ialtóg is mó seans a fheicfear. Is ainmhí oíche í (gníomhach san oíche). Is eitleoir gasta í agus tógann sí conair eitilte casta, neamhrialta agus í sa tóir ar bhia. Is féidir léi suas le 3,000 feithid a ithe in aon oíche.Réim Bhia
Eitlíonn sí i ndiaidh luí na gréine chun éin chreiche a sheachaint, pocairí gaoithe ach go háirithe. Beireann sí ar fheithidí beaga eitilte mar chuileoga, mhíoltóga agus leamhain. Itheann sí ar eiteog, ag breith ar a creach ina béal. Úsáideann sí a sciatháin nó a eireaball chun breith ar bhia sula gcuireann sí ina béal é. Tagann sí ar bhia i bhfálta sceach, i gcoillearnacha agus i ngairdíní bruachbhailteacha. Bíonn sí ag fiach os cionn uisce chomh maith.Nead/Gnáthóg
Glaoitear fara ar bhaile ialtóige. Is minic a aimsítear ialtóga feascracha ar fhara i dtithe agus i bhfoirgnimh gar do choillearnacha agus d’fhálta sceach i gceantair uirbeacha agus amuigh faoin tuath.Ialtóg Shopránach
Dáileadh
Is í an ialtóg shopránach an ialtóg is coitianta agus is líonmhara in Éirinn.Cur Síos
Is ceann de na hialtóga is lú atá againn in Éirinn í an ialtóg shopránanch. Tá sé beagnach dodhéanta an ialtóg shopránach agus an ialtóg fheascrach a aithint ó chéile. Tá an béal ag an ialtóg shopránach níos lú ná an béal atá ag an ialtóg fheasrach agus beireann sí ar chreach níos lú freisin. Ní dhéanann an ialtóg shopránach codladh geimhridh trom, sámh mar a dhéanann na hialtóga eile in Éirinn. Bíonn sí gníomhach go leor i rith tréimhse an gheimhridh má bhíonn an aimsir oiriúnach.Réim Bhia
Bíonn an ialtóg shopránach ag ithe i ngnáthóga le huisce oscailte nó feadh bruacha lochanna nó aibhneacha. Beireann sí ar fheithidí beaga eitilte ar nós míoltóga, muiscítí agus feithidí beaga uisceacha. Beireann sí ar eiteog ag gabháil a creiche ina béal. Úsáideann sí a sciatháin nó a heireaball chun bia a cheapadh sula gcuireann sí ina béal é.Nead/Gnáthóg
Cónaíonn an ialtóg shopránach i bhfoirgnimh agus in áiléir. Bíonn sí ag fiach i bpáirceanna agus gar do bhailte móra mar is féidir léi breith ar na feithidí meallta ag na soilse sráide geala bána. Caithfidh gnáthóga feadh bruacha lochanna a bheith ar fáil do na hialtóga seo mar go mbíonn feithidí beaga uisceacha á bhfiach acu.Dreoilín
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an dreoilín an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá an dreoilín ar cheann de na héin is lú atá againn. Tá corp beag, cruinn aige le heireaball beag, ardaithe. Tá clúmh a dhroma deargdhonn agus a bhrollach liath. Breathnaíonn an dreoilín fireann agus baineann mar a chéile.Réim Bhia
Beathaíonn an dreoilín ar fheithidí beaga agus a larbhaí.Nead/Gnáthóg
Feictear an dreoilín i ngnáthóga éagsúla, i ngairdíní rosánacha agus i sceacha foscúla. Tá cruth cruinn ar an nead agus í déanta as caonach le bealach isteach beag ar an taobh. Bíonn an nead ceilte go maith agus í suite in eidhneán nó i bhfásra casta, dlúth.Clamhán
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an clamhán neamhchoitianta in Éirinn ach tá líon na n-éan seo ag dul i méid.Cur Síos
Is éan creiche, meánmhéide é. Tá réise sciathán idir 110 agus 130cm aige. Dath donn dorcha is mó atá air agus tá na codanna íochtaracha breac bán. Dath gealbhuí atá ar a chosa. Tá gob gearr, crúcach aige gur féidir feoil a ithe go héasca leis. Nuair a bhíonn sé ag eitilt leathann sé cleití a eireabaill amach mar a bheadh fean. Breathnaíonn an clamhán fireann agus baineann an-chosúil lena chéile ach go bhfuil an t-éan baineann níos mó ná an t-éan fireann.Réim Bhia
Itheann an clamhán mamaigh bheaga, éin, feithidí, péisteanna talún agus amfaibiaigh. Nuair a bhíonn sé ag lorg bia, eitlíonn sé go hard san aer i gciorcal mór arís agus arís eile ar feadh uaireanta a chloig.Nead/Gnáthóg
Déanann an clamhán a nead i gcrann gar do thalamh oscailte fiú talamh feirme. Déanann sé nead ar laftán aille chomh maith. Is féidir na héin seo a fheiceáil i nDún na nGall, i Muineachán, i gCill Mhantáin agus an Lú.Meantán Gorm
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an meantán gorm coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan daite é an meantán gorm. Tá dath gléghorm ar bharr a chloigeann le ciumhsóg bhán timpeall ar sin. Tá stríoc dhubh ar an tsúil. Tá a chodanna íochtaracha buí. Tá a ghob agus a chosa gearr. Breathnaíonn an meantán gorm fireann agus baineann an-chosúil le chéile.Réim Bhia
Itheann an meantán gorm feithidí beaga agus síolta. Tagann sé go minic chuig boird éan.Nead/Gnáthóg
Déanann an meantán gorm a nead i bhfál sceach agus i ngairdíní. Úsáidfidh sé bosca neadaireachta.Fáinleog
Grianghraf:
Cur Síos
Tá an fháinleog coitianta in Éirinn mar chuairteoir samhraidh. Filleann sí ón Afraic Theas ar Éirinn ag deireadh Aibreáin ach tagann formhór díobh i mBealtaine. Aithnítear í go héasca óna sciatháin dhubha, lonracha agus a eireaball fada, gabhlach. Tá dath dubh ar a droim agus tá a brollach bán. Itheann an fháinleog feithidí beaga agus í ar eiteog. Eitlíonn sí go haclaí agus is annamh go dtagann sí go talamh ach amháin chun láib nó féar a bhailiú don nead. Déanann sí nead i gcruth bhabhla le láib. Filleann sí ar láithreáin neadaireachta a bhí in úsáid aici roimhe i sciobóil agus i mbotháin.Caorthann
Sorbus aucuparia
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach é an caorthann. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Fásann an caorthann go fiáin faoin tuath agus i ngairdíní chomh maith. Ta na duilleoga déanta as 6-8 duillín ubhchruthacha, bhioracha le duillín deiridh amháin ag an mbarr. Iompaíonn na duilleoga buí agus dearg san fhómhar sula dtiteann siad. Fásann grúpaí de bhláthanna bánbhuí ar an gcrann go déanach san Earrach. Bíonn cúig pheiteal ar gach bláth. Meallann boladh cumhra na mbláthanna beacha agus feithidí pailnithe eile. I Meán Fómhair, aibíonn caora dúdhearga ar an gcaorthann. Bíonn ceithre shíol i ngach chaor. Itheann alán éin na caora. Tá crainn tabhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar rud atá go maith dúinn.Minc Mheirceánach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an mhinc Mheiriceánach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tugadh isteach an mhinc Mheiriceánach go hÉirinn sna 1950idí ar fheirmeacha fionnaidh. D’éalaigh go leor díobh agus scaip siad ar fud na tíre. Níorbh fhada go raibh an mhinc Mheiriceánach mar chuid den fhiadhúlra. Tá cosa breac scamallach aici agus tá snámh maith aici. Tá an mhinc Mheiriceánach gaolta leis an dobharchú, leis an gcat crainn, leis an easóg agus leis an mbroc.Réim Bhia
Is feoiliteoir uisceach í (ainmhí a itheann idir ainmhithe agus éisc a fhaightear san uisce) an mhinc Mheiriceánach go príomha. Itheann sí éin uisce, éisc, eascanna, froganna, francaigh, lucha agus feithidí. Bíonn sí ag fiach le haghaidh bia ar an talamh, i gcrainn agus in uisce.Nead/Gnáthóg
Feictear an mhinc Mheiriceánach gar d’aibhneacha, do shrutháin, do chanálacha le fásra dlúth feadh na bruacha. Is annamh a thochlaíonn sí ach cónaíonn sí i bpluaiseanna gar d’uisce. Is féidir teacht ar na pluaiseanna seo i bpoill coinín nó i bpoill i gcrainn nó in ithir bhog, mhóinteach.Cat Crainn
Grianghraf:
Dáileadh
Tá fairsinge gnáthóige an chait crainn ag méadú ón gcósta thiar go dtí lár na tíre agus an t-oirthear. Tá an líon is mó agus is dlúithe díobh ar an gcósta thiar ó dheisceart Dhún na nGall go Co. Luimnigh agus Co. Chiarraí.Cur Síos
Is ainmhí aclaí é an cat crainn agus is dreapadóir maith é. Gluaiseann sé go gasta trí bharra crainn agus is féidir leis dreapadh suas agus anuas astu mar a dhéanfadh iora. Léimeann sé idir na géaga ag úsáid a eireaball chun é féin a choinneáil ar a chothrom. Déanann sé cumarsáid ag úsáid glaonna éagsúla atá an-chosúil le cat ag crónán nó ag meamhlach. Tá an cat crainn an-ghar i ngaol leis an mbroc, an mhinc agus an dobharchú.Réim Bhia
Is feoiliteoir é an cat crainn (ainmhí a itheann feoil) den chuid is mó. Creachann sé lucha, francaigh, coiníní, glasmhíolta, froganna, éin, péisteanna talún agus ciaróga. I gceantair cois chósta, beathaíonn sé ar éisc agus ar phortáin. Itheann sé torthaí agus caora chomh maith.Nead/Gnáthóg
Go hiondúil cónaíonn an cat crainn i bhforaoisí buaircíneacha nó i gcoillearnacha measctha ach is féidir teacht air ar thalamh féaraigh, ar mhóinteáin agus cois chósta. Ar an mBoireann i gCo. an Chláir feictear an cat crainn ar an bpábháil aolchloiche agus sa scrobarnach choill. Aimsítear a nead i gcrainn chuasacha, i scoilteanna i gcarraigeacha nó i bhfoirgnimh fholmha.Sceach Gheal
Crataegus monogyna
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an sceach gheal. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Tá sí crua agus fásfaidh sí in áit ar bith, nach mór. Tá na craobhacha casta agus deilgneach. Chreidtí go raibh an sceach gheal ina ‘crann sí ’ agus ligtí di fás agus bláthú gan cur isteach uirthi ar eagla go mbeadh mí-adh ar an té a ghearrfadh í. Tá an duilleog beag le 5-7 maothán uirthi. San fhómhar, iompaíonn dath na nduilleog go buí sula dtiteann siad. I mí na Bealtaine, fásann bláthanna cumhraithe bána i ngrúpaí cothroma. Tugann siad neachtar do bheacha agus d’fheithidí pailnithe eile. Fásann caora dearga (sceachóirí) san fhómhar. Tá síol amháin i ngach sceachóir. Is foinse mhaith bhia iad na sceachóirí d’éin i rith an gheimhridh. Maireann 300 cineál éagsúil d’fheithidí ar an sceach gheal. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Easóg
Cur Síos
Tá an easóg coitianta in Éirinn. Is féidir teacht ar an easóg in aon ghnáthóg le foscadh maith. Seachnaíonn sí suímh oscailte, neamhchosanta. Is feoiliteoir í an easóg (ainmhí a itheann feoil) den chuid is mó. Bíonn sí ag fiach ar an talamh, i gcrainn agus i bpoill coinín. Itheann sí coiníní, francaigh, éin, uibheacha éan, vóil agus uaireanta itheann sí feithidí. I gceantair cois chósta chonacthas í ag ithe éisc. Is dreapadóir an-mhaith í an easóg. Is snámhóir maith í freisin agus ritheann sí go gasta chun í féin a chosaint ó chreachadóirí. Déanfaidh sí a nead i bpoill coinín, i gcrainn chuasacha, i scoilteanna i gcarraigeacha agus i bhfoirgnimh fholmha.Aiteann
Ainm Laidine: Ulex europaeus & Ulex gallii
Grianghraf:
Cineál Crainn
Is tor é an t-aiteann. Tá tor cosúil le crann beag. Ar thor, bíonn na gais nó craobhacha níos giorra ná mar a bhíonn ar chrann. Ní fhásann stoc leathan, tiubh ar thor.Gnáthóg
Fásann aiteann i gcré thirim agus feictear í i gceantair gharbha, shléibhtiúla, i bhfálta sceach, ar thalamh garbh agus i bpáirceanna.Fíricí
Is planda nádúrtha in Éirinn é an t-aiteann. Is tor síorghlas, deilgneach, bláthach é. Fásann sé suas le 2 -3 m ar airde. Maireann sé go ceann 30 bliain go hiondúil. Is féidir na bláthanna a ithe i sailéid. Is féidir dath buí a dhéanamh leis na bláthanna. Téann an t-aiteann trí thine go héasca in aimsir thirim, the an tsamhraidh agus scriostar toir agus fiadhúlra go tapa dá bharr.Duilleoga
Tá duillí spíonacha, síorghlasa ar an aiteann atá an-chosúil le spíonlach buaircíneach. Tá an tor deilgneach dá bharr sin.Bláthanna agus Síolta
Bláthann an t-aiteann i rith na bliana ar fad ach feictear na mílte bláthanna buí ó mhí Feabhra go mí na Bealtaine. Bíonn boladh álainn cnó cócó óna bláthanna. Bíonn 2-3 shíol istigh i bhfaighneoga, gruagacha corcra. Pléascann na faighneoga in aimsir the ag caitheamh na síolta i bhfad ón tor.Leas don Fhiabheatha
Is tor dlúth é an t-aiteann ag cur clúdach, foscadh agus bia ar fáil do go leor feithidí, damháin alla agus éin. Tá an t-aiteann iontach d’éin atá ag neadú, an caislín cloch agus an ghleoiseach, mar shampla. Cosnaíonn an t-aiteann éin ó aimsir gharbh sa gheimhreadh. Téann mamaigh bheaga ar nós coiníní ar foscadh ann. Is foinse mhaith neachtair í an t-aiteann do bheacha agus féileacáin.Crobh Éin
Grianghraf:
Dáileadh
Is bláth fiáin móinéir é an crobh éin a fheictear go coitianta ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an gcrobh éin i bhféarach gearr, faichí agus i bhféar ar imill bhóithre. Fásann an crobh éin go flúirseach i ndumhcha.Cur Síos
s bláth flúirseach agus fairsing é an crobh éin. Fásann sé gar don talamh agus baineann sé le fine na pise. Tá cúig dhuillín ag an duilleog agus bíonn na duilleoga clúdaithe le ribí míne, clúmhacha. Tá gas crua, dlúth aige agus iompraíonn sé grúpaí le dhá nó seacht mbláth iontu. Tá na bláthanna ubhchruthacha buí le himir cineál dearg orthu agus iad 10-16mm ar fad. Tar éis bláthú dóibh feictear faighneoga caola atá an-chosúil le crobh éin agus is iontu siúd a bhíonn na síolta.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an crobh éin ó Bhealtaine go Meán Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Is foinse bhia mhaith í an crobh éin do bhoilb fhéileacáin áirithe, an Gormán Coiteann, an Bhánóg Choille agus go mór mór an Donnán, a bheathaíonn ar an bplanda seo amháin. Is foinse neachtair mhaith í do phailneoirí, feithidí ar nós beacha agus féileacáin, ach go háirithe. Is foinse bhia mhaith an crobh éin d’eallaí, do chapaill agus do chaora mar gheall ar an méid próitéine ann.Seamair Dhearg
Grianghraf:
Dáileadh
Is planda nádúrtha í an tseamair dhearg a fheictear go forleathan in ÉirinnGnáthóg
Feictear an tseamair dhearg go coitianta i gceantair fhéarmhara mar fhaichí, móinéir agus díoga cois bóthair.Cur Síos
Tá trí dhuillín i nduilleog na seimre deirge le marc bán corránach ar gach duillín i gcruth “V”. Is féidir leis na bláthanna a bheith bándearg, dearg agus corcra. Bíonn na bláthanna 12 go 15 mm ar leithead. Is grúpaí de bhláthanna beaga dlútha ubhchruthacha iad na bláthchinn. Bíonn na bláthchinn seo crochta in airde ar ghais ghruagacha.Tréimhse an bhláthaithe
Bíonn an tseamair dhearg faoi bhláth ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Is foinse thábhachtach neachtair í do chineálacha éagsúla bumbóg. Itheann lucha féir an duilliúr. Fástar an tseamair dhearg mar bharr chun ainmhithe feirme a bheathú.Fearbán Féir
Grianghraf:
Dáileadh
Tá teacht ar an bhfearbán féir go forleathan ar fud na hÉireann.Gnáthóg
Feictear an Fearbán Féir i móinéir agus féarach ach tá teacht air i bpáirceanna, gairdíní agus i ndíoga cois bóthair.Cur Síos
Is ceann amháin de 36 chineál éagsúla cham an ime é, an fearbán féir. Fásann sé suas le 1m amháin ar airde. Tá cruth triantánach ar na duilleoga. Fásann siad feadh an ghais a bhíonn an-ghruagach. Bíonn dath buí an ime ar na bláthanna. Bíonn an bláth 2cm ar leithead le cúig pheiteal lonracha.Tréimhse an bhláthaithe
Bláthaíonn an Fearbán Féir ó Aibreán go Deireadh Fómhair.Leas don Fhiabheatha
Beathaíonn feithidí ar an neachtar a fhaigheann siad i gcrotail bheaga atá cosúil le cupáin ag bun na bpeiteal.Snáthaid Mhór Impireach
Grianghraf:
Cur Síos
Is feithid shainiúil í an tsnáthaid mhór impireach agus is í an tsnáthaid mhór is mó in Éirinn. Tá dath glas ar chorp na snáthaide baininne. Tá dath gorm na spéire ar chorp na snáthaide firinne. Tá súile móra cruinne aici. Tá sí 78 mm ar fad agus tá réise sciathán 106 mm ar leithead aici. Eitlíonn sí go lúfar ag tumadh ar luasanna suas le 38km san uair. Is feithid ghníomhach í ag fiach míoltóga agus feithidí eitilte eile, ar nós féileacáin. Itheann sí í ar eiteog. Ní eitlíonn sí nuair a bhíonn drochaimsir ann. Feictear an tsnáthaid mhór impireach timpeall ar lochanna, canálacha, díoga, srutháin agus portaigh. Is comhartha maith é ar chaighdeán an uisce má bhíonn an tsnáthaid mhór impireach ina cónaí sa timpeallacht.Dreoilín Teaspaigh
Grianghraf:
Dáileadh
Is féidir teacht ar an dreoilín teaspaigh go forleathan ar fud na hÉireann.Fíricí
Is feithid é an dreoilín teaspaigh. Bíonn trí chuid i gcoirp feithidí agus bíonn sé chos acu i gcónaí. De ghnáth bíonn dhá aintéine agus dhá nó ceithre sciathán acu. Tá an dreoilín teaspaigh 18-24 mm ar fad agus bíonn dath glasdhonn air. Bíonn a chorp breactha le marcanna agus barra dorcha. Bíonn sé deacair é a fheiceáil agus é ceilte go maith san fhéar. Tá íochtar a choirp an-ghruagach. Tá a chosa deiridh cumhachtach agus is féidir leis léim go hard san aer. Tá sé thar cionn ag eitilt. Is luibhiteoir é, ag beathú ar fhéara. Feictear dreoilíní teaspaigh fásta ó Mheitheamh ar aghaidh. I rith laethanta teo an tsamhraidh, is féidir é a fheiceáil amuigh faoin aer, ar bhallaí agus ar chosáin, ag iarraidh leas a bhaint as solas agus teas na gréine. Déanann na dreoilíní teaspaigh fireanna fuaim bhíogarnaí arís agus arís eile agus iad ag cuimilt a gcos lena sciatháin chun aird na bhfeithidí baineanna a tharraingt orthu féin. Beireann an dreoilín teaspaigh baineann a huibheacha sa chré agus tagann siad amach an samhradh dár gcionn.Gnáthóg
Is féidir teacht ar an dreoilín teaspaigh i móinéir fhéarmhara, grianmhara, i bpáirceanna agus ar imill fhéarmhara cois bóithre.Bithéagsúlacht
Is cuid thábhachtach den éiceachóras féaraigh í an dreoilín teaspaigh ag athchúrsáil na cothaithigh ar ais sa chré. Is foinse shaibhir bhia í d’éin, ialtóga agus froganna.Bánóg Bheag
Grianghraf:
Cur Síos
Is feithid í an bhánóg bheag nó an bhánóg chabáiste. Tá dath geal bán na sciatháin tosaigh. Tá barr na sciatháin dubh le spotaí orthu. Bíonn dath bánbhuí ar na sciatháin chúil. Tá réise sciathán suas le 48mm aici. Itheann boilb na bánóige bige glasraí ar nós cabáiste, cál, brocailí agus bachlóga Bhruiséile. Bíonn dath glas éadrom orthu agus iad ceilte go maith. Fanann siad ar íochtar duilleoga na gcabáistí, áit nach féidir lena gcreachadóirí teacht orthu. Cnaíonn siad trí na duilleoga ag fágáil poill iontu. Ní dhéanann féileacáin fásta damáiste do na plandaí. Feictear na féileacáin go luath san Earrach go dtí deireadh an Fhómhair. Bíonn an bhánóg bheag an-ghníomhach agus is pailneoir maith í ag dul ó bhláth go bláth ag ól neachtar.Naomh Pádraig
Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann
Tugtar Carraig Phádraig ar Charraig Chaisil.De réir an tseanchais tháinig Pádraig go Caiseal sa bhliain 432 AD.
Tá dhá fhinscéal a cheanglaíonn Pádraig le Carraig Phádraig.
1. Is cnoc mór é an Bearnán Éile i gContae Thiobraid Árann.
Tá bearna le feiceáil go soiléir sa chnoc gar don mhullach.
Tá an cnoc timpeall is 30km ó Charraig Phádraig.
De réir an tseanchais bhain an diabhal plaic as an gcnoc agus chaith sé amach na carraigeacha le Pádraig.
Thit na carraigeacha ar Chaiseal agus cruthaíodh Carraig Phádraig dá bharr.
2. Ba ag an láthair seo, Carraig Phádraig, a thug Pádraig Rí na Mumhan chun na Críostaíochta.
Is iomaí cuairteoir a thagann chuig Carraig Phádraig go dtí an lá atá inniu ann. Is suíomh é is mó cuairte in Éirinn.
Ardeaglais Naoimh Pádraig, Ard Mhacha, Contae Ard Mhacha
Sa bhliain 445 AD, tháinig Pádraig go dtí ceantar darbh ainm Ard Mhacha.Ba mhian leis séipéal mór cloiche a thógáil ar an mullach is airde ar sean suíomh págánta.
Dhiúltaigh an taoiseach áitiúil d’iarratas Phádraig ar dtús ach ghéill sé dó sa deireadh agus lig sé do Phádraig a shéipéal a thógáil ar Chnoc Ard Mhacha.
Tá an séipéal ann i gcónaí ar an láthair chéanna inar sheas an chéad séipéal mór cloiche.
Is timpeall ar an gcéad séipéal sin úd a d’fhás cathair Ard Mhacha.
Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo
Éiríonn Cruach Phádraig 764 méadar ar airde agus áirítear í ar an sliabh is beannaithe in Éirinn.Sa bhliain 441 AD, chuaigh Pádraig ar oilithreacht go dtí an sliabh seo roimh an gCáisc. Níor ith sé aon bhia ar feadh 40 lá agus 40 oíche. De réir an tseanchais, bhí deamhain agus déithe págánta ag cur cathú air ach chuir sé an ruaig orthu.
Seo bunús an scéil gur ruaig Pádraig na nathracha ó thalamh na hÉireann.
Thángthas ar fhothrach séipéil beag ar an mullach nuair a bhí tochailt seandálaíochta ar siúl sna 1990idí. Creidtear gur tógadh an séipéal le linn tréimhse Phádraig.
Ón tráth sin i leith bhí séipéal i gcónaí ar mhullach Chruach Phádraig. Glaoitear Teampall Phádraig ar an séipéal seo.
Is ionad oilithreachta é do go leor daoine. Ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil, Domhnach na Cruaiche a thugtar air, déanann na mílte daoine an dreapadh crua go mullach Chruach Phádraig ag leanúint coiscéimeanna Phádraig.
Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí
Sa bhliain 433 AD, de réir an tseanchais, chuaigh Naomh Pádraig go dtí Mullach Bhaile Shláine.Tharla sé go raibh Pádraig san áit seo agus féile phágánach na Bealtaine faoi lánseol.
B’fhéile mhór í féile na Bealtaine a cheiliúrtaí ar an 1ú Bealtaine.
Ba í Bealtaine tús an tsamhraidh. Múchadh na tinte ar fad ar fud na tíre Oíche Bhealtaine ag tabhairt le fios go raibh deireadh an gheimhridh tagtha.
Ba chroílár cumhachta Ard Rí na hÉireann é Teamhair agus ar an láthair seo ceiliúradh cruinnithe tábhachta mar fhéilte reiligiúnacha.
Lasadh Ard Rí na hÉireann tine ar Teamhair ag éirí na gréine ar Fhéile na Bealtaine ag fógairt do chách go raibh an bhliain nua ag tosú.
Timpeall is 16km ó Teamhair, las Pádraig tine ag an am céanna. Bhí an tine ag soilsiú go geal ar feadh na hoíche agus chonaic an tArd Rí i dTeamhair í.
Mar gheall ar an ngníomh seo, ghabh saighdiúirí an Rí Pádraig agus tugadh go Teamhair é chun dul os comhair an Ard Rí.
Is ag an gcruinniú seo leis an Ard Rí a d’inis Pádraig dó faoin gCríostaíocht. D’úsáid sé trí dhuillín na seamróige chun an Tríonóid Ró-Naofa a mhíniú dó; go bhfuil trí dhuine i nDia.
Cé gur fhan sé ina phágánach, lig an tArd Rí do Phádraig leanúint lena obair mhisinéireachta.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Mhullach Bhaile Shláine agus Teamhair. Is álainn na suíomhanna iad agus an-chuid staire ag baint leo.
Sabhall Pádraig, Co. an Dúin
Tar éis staidéar a dhéanamh ar feadh roinnt mhaith blianta, d’fhill Pádraig ar Éirinn sa bhliain 432 AD agus é ina easpag.Tháinig sé chun an Chríostaíocht a roinnt le muintir na hÉireann. Ba phágánaigh iad na hÉireannaigh ag an am sin.
Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn thug sé aghaidh ar an mbaile darbh ainm Sabhall.
Lig an taoiseach áitiúil, Dichu, do Phádraig cur faoi i scioból agus faoi dheireadh bhunaigh sé a chéad mhainistir san áit seo.
Is mar gheall ar seo go n-aithnítear Sabhall go forleathan mar thobar na Críostaíochta in Éirinn.
Is féidir fothrach na mainistreach a fheiceáil ar an láthair seo go dtí an lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1932 tógadh eaglais chloiche, eaglais Shabhaill, chun an suíomh a mharcáil agus tá dealbh ollmhór de Naomh Pádraig ar bharr cnoic Phádraig gar don eaglais i Sabhall.
Fuair sé bás in AD 461, i Sabhall Phádraig, Contae an Dúin.
Ar an 17ú Márta gach bliain osclaítear eaglais Shabhaill do chách den chreideamh Críostaí chun ómós a thabhairt do Phádraig.
Ardeaglais an Dúin, Dún Pádraig, Co. an Dúin
Fuair Naomh Pádraig bás i Sabhall ar an 17ú Márta 461 AD.Deirtear, áfach, gur adhlacadh é ar thalamh Ardeaglaise an Dúin, a sheasann ar Chnoc an Dúin, Dún Pádraig.
Deirtear go bhfuil corp Bhríde agus corp Choilm Cille curtha ar an láthair chéanna chomh maith.
Sliabh Mis, Co. Aontroma
Go luath sna 400dí ghabh foghlaithe mara Pádraig agus tugadh go hÉirinn é.Bhí sé 16 bhliana d’aois ag an am.
Díoladh ina sclábhaí é le feirmeoir caorach darbh ainm Milchu é.
Choimeád Milchu a chaoirigh ar Shliabh Mis agus chaith Pádraig an chéad sé bliana eile dá shaol ina aoire ag faire ar chaoirigh ar an sliabh seo.
Bhí Pádraig ina aonar gan comhluadar ar bith aige ach na caoirigh.
I rith an ama seo ar an sliabh a neartaíodh a chreideamh i nDia agus deirtear gur ghuigh sé suas le 100 uaire gach lá agus oíche.
D’iarr sé ar Dhia go sábhálfaí é.
Ar deireadh, dúradh leis i mbrionglóid go raibh long ann a thabharfadh abhaile chun na Breataine Bige é.
Is ionad tábhachtach oilithreachta é Sliabh Mis agus ar an 17ú Márta tugann oilithrigh a n-aghaidh ar mhullach Shliabh Mis in ómós do Naomh Pádraig.