Mí na Nollag
Domhnach 1
Luan 2
Máirt 3
Céadaoin
4
Déardaoin 5
Aoine 6
Satharn 7
Domhnach 8
Luan 9
Máirt 10
Céadaoin
11
Déardaoin 12
Aoine
13
Satharn 14
Domhnach 15
Luan 16
Máirt 17
Céadaoin
18
Déardaoin 19
Aoine 20
Satharn 21
Domhnach 22
Luan 23
Máirt 24
Céadaoin
25
Déardaoin 26
Aoine 27
Satharn 28
Domhnach 29
Luan
30
Máirt 31
11 Mí na Nollag
Scéal na Nollag
Níos mó na 2,000 bliain ó shin i Nazarat in Iarúsailéim, bhí Muire agus Iósaf ina gcónaí. Ba shiúinéir é Iósaf agus bhí grá aige do Mhuire. Bhíodar geallta dá chéile.
Lá amháin, tháinig an t-aingeal Gabriel chuig Muire. D’inis Gabriel do Mhuire go mbeadh sí ag siúl go luath le leanbh Dé agus go mbeadh páiste aici darbh ainm dó, Íosa. Bhí ionadh an domhain ar Mhuire nuair a chuala sí an nuacht. D’inis sí do Iósaf faoin teachtaireacht a fuair sí ón aingeal Gabriel. Bhí áthas ar an mbeirt acu agus thosaigh siad ag ullmhú do bhreith Íosa.
Ag an am, bhí Iarúsailéim faoi smacht ag Impire na Róimhe, Caesar Augustus. Theastaigh ó Caesar Augustus go gclárófaí gach duine i ndaonáireamh. Chun clárú, bhí ar dhaoine filleadh ar a mbaile dúchais. Ba as Beithil do Iósaf agus dá bhrí sin bhí ar Mhuire agus Iósaf an turas fada ó Nazarat go Beithil a thógáil. Bhí sé gar do bhreith Íosa ach thaistil siad an bóthar fada, Muire ar dhroim asail.
Faoin am gur shroich siad Beithil, bhíodar tuirseach, traochta. Ar ndóigh, bhí an t-aistear céanna go Beithil déanta ag go leor daoine don daonáireamh agus bhí deacracht acu lóistín a fháil. Chuaigh Iósaf ó theach go teach chun leaba don oíche a fháil ach ní raibh leaba ar bith ar fáil. Chuardaigh siad seomra in óstán ach ní raibh áit ar fáil.
Faoi dheireadh, thug fear áit chodlata dóibh i stábla in éineacht leis na hainmhithe agus i rith na hoíche, rugadh an leanbh Íosa. Chuir Muire bindealáin timpeall air agus chuir sí sa mhainséar é. Chodail Íosa leis na hainmhithe timpeall air chun é a choimeád te.
An oíche chéanna, bhí aoirí ag tabhairt aire dá dtréada caorach sna páirceanna a bhí lonnaithe in aice le Beithil. Tháinig an t-aingeal chucu ag fógairt na dea-nuachta gur saolaíodh Íosa, ár Slánaitheoir, i stábla.
Bhí eagla ar na haoirí nuair a chonaic siad an t-aingeal ach thuigeadar go raibh eachtra neamhghnách tar éis titim amach. D’fhágadar na caora agus d’imigh siad leo go Beithil. Tháinig siad ar an stábla agus chonaic siad Muire, Iósaf agus an leanbh Íosa ina luí sa mhainséar. Chuaigh siad ar a nglúine chun ómós a thabhairt dó.
San Oirthear, thug trí ríthe faoi deara go raibh réalta mhór gheal sa spéir. Bhí ionadh orthu faoin réalta agus bhí a fhios acu go raibh sí neamhghnách. Thuig siad freisin gur comhartha é go raibh rí nua tar éis teach tar an saol. Bhí siad fiosrach faoi agus theastaigh uathu dul agus ómós a thabhairt dó. Lean siad an réalta mhór go Beithil.
Nuair a shroich na Trí Ríthe an stábla chonaic siad an leanbh Íosa ina luí sa mhainséar. Thug siad bronntanais, ór, túis agus miorr don leanbh Íosa agus thug siad ómós dó.
25 Mí na Nollag
Lá Nollag
Inniu Luan 30
Réamhaisnéis na haimsire
Fuinseog
Fraxinus excelsior
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann duillsilteach í an fhuinseog. Glaoitear crann duillsilteach ar chrann a chailleann duilleoga san fhómhar. Iompaíonn na duilleoga ó ghlas go buí, oráiste, dearg nó donn agus titeann siad. Bíonn na crainn lom sa gheimhreadh. Feictear an fhuinseog go minic i gcoillte. I ngach duilleog tá 9 go 13 dhuillín ar ghas. Tá siad ubhchruthach, biorach agus duillín amháin ar an mbarr. Tagann na bláthanna ar an bhfuinseog roimh na duilleoga idir Aibreán agus Bealtaine. Bíonn na bláthanna spíceach agus dath corcra dorcha orthu. Aibíonn na torthaí san fhómhar. Crochann siad ar nós cloigíní eochracha agus scaiptear ar an ngaoth iad i nDeireadh Fómhair. Meallann boladh na mbláthanna feithidí eitilte oíche atá tábhachtach d’ialtóga. Is maith le héin na síolta. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Meantán Gorm
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an meantán gorm coitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan daite é an meantán gorm. Tá dath gléghorm ar bharr a chloigeann le ciumhsóg bhán timpeall ar sin. Tá stríoc dhubh ar an tsúil. Tá a chodanna íochtaracha buí. Tá a ghob agus a chosa gearr. Breathnaíonn an meantán gorm fireann agus baineann an-chosúil le chéile.Réim Bhia
Itheann an meantán gorm feithidí beaga agus síolta. Tagann sé go minic chuig boird éan.Nead/Gnáthóg
Déanann an meantán gorm a nead i bhfál sceach agus i ngairdíní. Úsáidfidh sé bosca neadaireachta.Eidhneán
Hedera helix
Grianghraf:
Cur Síos
Is féith nó dreapaire é an t-eidhneán. Is planda í an fhéith le craobhóga fada, crochta agus gais solúbtha. Fásann féith ón talamh le tacaíocht ó chrann nó balla. Fásann eidhneán ar chrainn agus ar bhallaí seanfhoirgnimh nó feadh an talaimh chomh maith. Is féith shíorghlas é an t-eidhneán. Nuair a dhreapann sé ar chrann (nó ar bhalla) greamaíonn sé den chrann le fréamhacha beaga feadh na ngas. Ní thógann na fréamhacha seo aon bhia ná uisce ón gcrann. Tá idir 3 agus 5 mhaothán ar na duilleoga dúghlasa le féitheacha éadroma tríothu. San fhómhar, tagann bláthanna geala buí i gcruth líreacáin ar an eidhneán. Tugann siad neachtar d’fheithidí pailnithe go déanach sa bhliain. Aibíonn na caora dubha i rith an gheimhridh agus itheann éin iad. Tugann an t-eidhneán clúdach agus foscadh d’éin agus do mhamaigh bheaga.Glasán Darach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an glasán darach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Tá cloigeann agus gob mór ag an nglasán darach agus tá eireaball gearr aige. Tá droim glasbhuí aige. Tá paistí glébhuí ar sciatháin agus ar eireaball an éin fhirinn.Réim Bhia
Is maith leis an nglasán darach síolta, grán agus feithidí ar leith a ithe.Nead/Gnáthóg
Tá an glasán darach an-choitianta i ngairdíní agus i bpáirceanna in oirthear agus in oirdheisceart na tíre. Is cuairteoir rialta é ag boird éan i ngairdíní. Déanann sé a nead as radharc, go hard i sceacha. Tá an nead déanta as féar agus as cipíní beaga.Gealbhan Binne
Grianghraf:
Cur Síos
Tá an gealbhan binne an-choitianta. Tá sé ar cheann de na héin is aithnidiúla in Éirinn. Tá ceann mór aige le leicne bána agus gob tiubh. Tá clúmh a dhroma donn le stríoca dubha. Tá a bhrollach donn éadrom. Feictear go minic in ealtaí móra iad. Itheann an gealbhan binne gránach agus roinnt feithidí. Tagann sé go dtí an bord éan ar thóir síolta agus cnónna. Déanann sé nead chiorclach le tuí, cipíní , páipéar, duilleoga, féar nó le hábhar ar bith atá le fáil lasmuigh. Tógann sé a nead i bpoill i bhfoirgnimh nó i ngáitéir tithe.Spideog
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an spideog an-choitianta in Éirinn.Cur Síos
Is éan ramhar í an spideog le brollach dearg oráisteach. Tá dath liathdhonn ar a codanna uachtaracha agus liathbhán ar a bolg agus ar a brollach íochtarach. Tá an spideog fhireann agus baineann an-chosúil lena chéile ach amháin go bhfuil dath níos gile ar an éan fireann.Réim Bhia
Itheann an spideog feithidí, péisteanna agus ciaróga, go príomha. Lorgaíonn sí bia piseanna talún agus síolta ag an mbord éan.Nead/Gnáthóg
Feictear an spideog go rialta i ngairdíní, i gcoillearnacha agus i bhfálta sceach. Bíonn a nead ceilte go maith i mbruacha, in eidhneán, i bpoill i gcrainn agus i mballaí ach déanfaidh sí a nead in áiteanna neamhghnácha ar nós bothán gairdín. Bíonn an spideog fhireann an-chosantach faoina fhearann. Bíonn sé réidh chun troda go bás chun a gheadán talún a chosaint, más gá.Cuileann
Ilex aquifolium
Grianghraf:
Cur Síos
Is crann síorghlas é an crann cuilinn. Bíonn duilleoga glasa ar an gcrann síorghlas le linn na bliana ar fad agus bíonn sé éasca iad a aithint i rith an gheimhridh dá bharr. Tá an cuileann an-chrua agus fásfaidh sé in áit ar bith, nach mór. Bíonn an cuileann fireann nó baineann. Fásann caora ar an gcuileann baineann. Um Nollaig, úsáidtear craobhóga an chuilinn mar mhaisiúcháin. Tá na duilleoga righin agus biorach le spíonta géara orthu. Tá dromchla tiubh céiriúil orthu a choimeádann an t-uisce sna duilleoga i rith an gheimhridh nuair a bhíonn an chré reoite. Fásann bláthanna ar an gcuileann i rith an tsamhraidh. Cabhraíonn beacha agus feithidí eile pailin a iompair ó chrann go crann. Aibíonn na caora glédhearga sa gheimhreadh. Bíonn ceithre shíol i ngach caor. Is foinse mhaith bhia iad caora an chuilinn do na héin i rith an gheimhridh. Tá crainn tábhachtach dúinn mar baineann siad dé-ocsaíd charbóin den aer agus scaoileann siad ocsaigin ar ais san atmaisféar.Bóín Dé Sheachtbhallach
Grianghraf:
Cur Síos
Is feithid í an bhóín Dé sheachtbhallach agus is ciaróg í. Tá a sciatháin tosaigh dearg agus crua le seacht spota dhubha orthu. Cuireann dath geal na sciathán tosaigh in iúl dá creachadóirí go bhfuil blas gránna uirthi. Cosnaíonn na sciatháin chrua a sciatháin eitilte agus a corp bog. Tá sí 6-8mm ar fad. Tá cosa gearra aici a tharraingíonn sí suas fúithi nuair is gá. Tálann sí leacht bréan buí nuair a ionsaítear í. Déanann sí codladh geimhridh le bóíní Dé eile faoi dhuilleoga chun iad féin a choinneáil te. Is breá le garraíodóirí an bhóín Dé sheachtbhallach mar itheann sí aifidí a dhéanann damáiste do phlandaí sa ghairdín. Is féidir leis an mbóín Dé suas le 5,000 aifid a ithe in aghaidh na bliana.Caisearbhán
Grianghraf:
Cur Síos
Fásann an caisearbhán in áiteanna féarmhara ar fud na hÉireann. Tá na duilleoga i ngrúpa timpeall bun an ghais. Ar bharr an ghais bíonn suas le céad bláthóg beaga pacáilte go dlúth in aon bhláthcheann amháin. Nuair a bhristear an gas sileann sú bainniúil go mall as. Tagann na síolta i ngrúpa clúimhíneach a scaipeann leis an ngaoth cosúil le paraisiúit chlúimhíneacha. Fásann an caisearbhán i rith na bliana ar fad ach bíonn siad faoi bhláth ó Mhárta go Bealtaine. Tugann an caisearbhán neachtar do bhumbóga, beacha aonaracha, beacha mheala agus féileacáin. Beathaíonn éin a itheann síolta ar na síolta.Madra Rua / Sionnach
Grianghraf:
Dáileadh
Tá an sionnach coitianta in Éirinn.Cur Síos
Baineann an sionnach úsáid as réimse fuaimeanna chun cumarsáid a dhéanamh. Tá snámh maith aige agus is féidir leis crainn a dhreapadh. Tá radharc na súl an-mhaith aige, go háirithe san oíche.Réim Bhia
Is feoiliteoir é an sionnach (ainmhí a itheann feoil). Itheann sé réimse leathan de chineálacha éagsúla bhia a bhraitheann go mór ar an séasúr agus an áit ina gcónaíonn sé. Is ainmhí oíche é (gníomhach san oíche). Creachann sé coiníní, giorriacha óga, francaigh, lucha, gráinneoga, colúir agus éin a neadaíonn ar an talamh. Nuair a bhíonn ganntanas creiche ann itheann sé péisteanna talún, ciaróga, criogair agus larbhaí feithidí. Anois is arís itheann sé úlla agus sméara dubha. I gceantair uirbeacha bíonn sé ag ransú trí bhoscaí bruscar agus dramhaíl tí.Nead/Gnáthóg
Is féidir leis an sionnach maireachtáil in aon sórt áite. Cónaíonn sé i gcoillearnacha agus amuigh faoin tuath ach is féidir teacht air in ísealchríocha, i gceantair shléibhtiúla, feadh an chósta, ar thalamh feirme agus le déanaí i gceantair uirbeacha. Cónaíonn an sionnach i bpluais faoi thalamh ar a nglaoitear leaba dhearg. Tochlaíonn sé a leaba dhearg féin ach is minic a mhéadaíonn sé sean choinicéar nó brocach. Ní úsáidtear aon easair sa leaba dhearg agus bíonn roinnt bealaí isteach. Baineann an sionnach úsáid as áiteanna foscúla faoi fhoirgnimh nó i scoilteanna carraigeacha chomh maith.Iora Glas
Grianghraf:
Dáileadh
Is féidir teacht ar an iora glas i gcuid mhór de lár na tíre, sa deisceart, san oirthear agus i roinnt áiteanna sa tuaisceart cibé áit a mbíonn gnáthóga oiriúnacha faoi chrainn. Níl an t-iora glas coitianta san iarthar de bharr ganntanas gnáthóga oiriúnacha d’fhoraoisí leathanduilleacha measctha.Cur Síos
Ní ainmhí dúchasach an t-iora glas. Tugadh isteach é go dtí an tír seo ó Shasana den chéad uair ag tús an 20ú haois. Is creimire é an t-iora glas. Cónaíonn sé i nead iora. Déanann sé a nead i bpoill i gcrainn, i gcraobh ghabhlach nó in eidhneán tiubh. Tá a nead chruinn déanta le cipíní. Tá lár na neide líneáilte le féar agus duilleoga. Ní gnách leis an iora glas codladh geimhridh a dhéanamh ach nuair a bhíonn aimsir fhuar ann fanfaidh sé sa nead ar feadh cúpla lá in amanna.Réim Bhia
Is luibhiteoir é an t-iora glas (ainmhí a itheann fásra amháin) den chuid is mó. Itheann sé síolta, caora, torthaí, cnónna, fréamhacha agus gránach a fhaigheann sé sna coillte. Is fearr leis go mór, síolta crann leathanduilleacha ar nós dearcáin.Nead/Gnáthóg
Feictear an t-iora glas i gcoillearnacha leathanduilleacha toisc go bhfuil síolta na gcrann seo, príomhfhoinse a bhia, ar fáil. Feictear é i bpáirceanna agus i ngairdíní móra chomh maith. Ní oireann foraoisí buaircíneacha don iora glas toisc nach bhfuil dóthain bia ar fáil iontu dó.Naomh Pádraig
Carraig Phádraig, Co Thiobraid Árann
Tugtar Carraig Phádraig ar Charraig Chaisil.De réir an tseanchais tháinig Pádraig go Caiseal sa bhliain 432 AD.
Tá dhá fhinscéal a cheanglaíonn Pádraig le Carraig Phádraig.
1. Is cnoc mór é an Bearnán Éile i gContae Thiobraid Árann.
Tá bearna le feiceáil go soiléir sa chnoc gar don mhullach.
Tá an cnoc timpeall is 30km ó Charraig Phádraig.
De réir an tseanchais bhain an diabhal plaic as an gcnoc agus chaith sé amach na carraigeacha le Pádraig.
Thit na carraigeacha ar Chaiseal agus cruthaíodh Carraig Phádraig dá bharr.
2. Ba ag an láthair seo, Carraig Phádraig, a thug Pádraig Rí na Mumhan chun na Críostaíochta.
Is iomaí cuairteoir a thagann chuig Carraig Phádraig go dtí an lá atá inniu ann. Is suíomh é is mó cuairte in Éirinn.
Ardeaglais Naoimh Pádraig, Ard Mhacha, Contae Ard Mhacha
Sa bhliain 445 AD, tháinig Pádraig go dtí ceantar darbh ainm Ard Mhacha.Ba mhian leis séipéal mór cloiche a thógáil ar an mullach is airde ar sean suíomh págánta.
Dhiúltaigh an taoiseach áitiúil d’iarratas Phádraig ar dtús ach ghéill sé dó sa deireadh agus lig sé do Phádraig a shéipéal a thógáil ar Chnoc Ard Mhacha.
Tá an séipéal ann i gcónaí ar an láthair chéanna inar sheas an chéad séipéal mór cloiche.
Is timpeall ar an gcéad séipéal sin úd a d’fhás cathair Ard Mhacha.
Cruach Phádraig, Co. Mhaigh Eo
Éiríonn Cruach Phádraig 764 méadar ar airde agus áirítear í ar an sliabh is beannaithe in Éirinn.Sa bhliain 441 AD, chuaigh Pádraig ar oilithreacht go dtí an sliabh seo roimh an gCáisc. Níor ith sé aon bhia ar feadh 40 lá agus 40 oíche. De réir an tseanchais, bhí deamhain agus déithe págánta ag cur cathú air ach chuir sé an ruaig orthu.
Seo bunús an scéil gur ruaig Pádraig na nathracha ó thalamh na hÉireann.
Thángthas ar fhothrach séipéil beag ar an mullach nuair a bhí tochailt seandálaíochta ar siúl sna 1990idí. Creidtear gur tógadh an séipéal le linn tréimhse Phádraig.
Ón tráth sin i leith bhí séipéal i gcónaí ar mhullach Chruach Phádraig. Glaoitear Teampall Phádraig ar an séipéal seo.
Is ionad oilithreachta é do go leor daoine. Ar an Domhnach deireanach de mhí Iúil, Domhnach na Cruaiche a thugtar air, déanann na mílte daoine an dreapadh crua go mullach Chruach Phádraig ag leanúint coiscéimeanna Phádraig.
Mullach Bhaile Shláine, Co. na Mí
Sa bhliain 433 AD, de réir an tseanchais, chuaigh Naomh Pádraig go dtí Mullach Bhaile Shláine.Tharla sé go raibh Pádraig san áit seo agus féile phágánach na Bealtaine faoi lánseol.
B’fhéile mhór í féile na Bealtaine a cheiliúrtaí ar an 1ú Bealtaine.
Ba í Bealtaine tús an tsamhraidh. Múchadh na tinte ar fad ar fud na tíre Oíche Bhealtaine ag tabhairt le fios go raibh deireadh an gheimhridh tagtha.
Ba chroílár cumhachta Ard Rí na hÉireann é Teamhair agus ar an láthair seo ceiliúradh cruinnithe tábhachta mar fhéilte reiligiúnacha.
Lasadh Ard Rí na hÉireann tine ar Teamhair ag éirí na gréine ar Fhéile na Bealtaine ag fógairt do chách go raibh an bhliain nua ag tosú.
Timpeall is 16km ó Teamhair, las Pádraig tine ag an am céanna. Bhí an tine ag soilsiú go geal ar feadh na hoíche agus chonaic an tArd Rí i dTeamhair í.
Mar gheall ar an ngníomh seo, ghabh saighdiúirí an Rí Pádraig agus tugadh go Teamhair é chun dul os comhair an Ard Rí.
Is ag an gcruinniú seo leis an Ard Rí a d’inis Pádraig dó faoin gCríostaíocht. D’úsáid sé trí dhuillín na seamróige chun an Tríonóid Ró-Naofa a mhíniú dó; go bhfuil trí dhuine i nDia.
Cé gur fhan sé ina phágánach, lig an tArd Rí do Phádraig leanúint lena obair mhisinéireachta.
Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar Mhullach Bhaile Shláine agus Teamhair. Is álainn na suíomhanna iad agus an-chuid staire ag baint leo.
Sabhall Pádraig, Co. an Dúin
Tar éis staidéar a dhéanamh ar feadh roinnt mhaith blianta, d’fhill Pádraig ar Éirinn sa bhliain 432 AD agus é ina easpag.Tháinig sé chun an Chríostaíocht a roinnt le muintir na hÉireann. Ba phágánaigh iad na hÉireannaigh ag an am sin.
Nuair a tháinig Pádraig go hÉirinn thug sé aghaidh ar an mbaile darbh ainm Sabhall.
Lig an taoiseach áitiúil, Dichu, do Phádraig cur faoi i scioból agus faoi dheireadh bhunaigh sé a chéad mhainistir san áit seo.
Is mar gheall ar seo go n-aithnítear Sabhall go forleathan mar thobar na Críostaíochta in Éirinn.
Is féidir fothrach na mainistreach a fheiceáil ar an láthair seo go dtí an lá atá inniu ann.
Sa bhliain 1932 tógadh eaglais chloiche, eaglais Shabhaill, chun an suíomh a mharcáil agus tá dealbh ollmhór de Naomh Pádraig ar bharr cnoic Phádraig gar don eaglais i Sabhall.
Fuair sé bás in AD 461, i Sabhall Phádraig, Contae an Dúin.
Ar an 17ú Márta gach bliain osclaítear eaglais Shabhaill do chách den chreideamh Críostaí chun ómós a thabhairt do Phádraig.
Ardeaglais an Dúin, Dún Pádraig, Co. an Dúin
Fuair Naomh Pádraig bás i Sabhall ar an 17ú Márta 461 AD.Deirtear, áfach, gur adhlacadh é ar thalamh Ardeaglaise an Dúin, a sheasann ar Chnoc an Dúin, Dún Pádraig.
Deirtear go bhfuil corp Bhríde agus corp Choilm Cille curtha ar an láthair chéanna chomh maith.
Sliabh Mis, Co. Aontroma
Go luath sna 400dí ghabh foghlaithe mara Pádraig agus tugadh go hÉirinn é.Bhí sé 16 bhliana d’aois ag an am.
Díoladh ina sclábhaí é le feirmeoir caorach darbh ainm Milchu é.
Choimeád Milchu a chaoirigh ar Shliabh Mis agus chaith Pádraig an chéad sé bliana eile dá shaol ina aoire ag faire ar chaoirigh ar an sliabh seo.
Bhí Pádraig ina aonar gan comhluadar ar bith aige ach na caoirigh.
I rith an ama seo ar an sliabh a neartaíodh a chreideamh i nDia agus deirtear gur ghuigh sé suas le 100 uaire gach lá agus oíche.
D’iarr sé ar Dhia go sábhálfaí é.
Ar deireadh, dúradh leis i mbrionglóid go raibh long ann a thabharfadh abhaile chun na Breataine Bige é.
Is ionad tábhachtach oilithreachta é Sliabh Mis agus ar an 17ú Márta tugann oilithrigh a n-aghaidh ar mhullach Shliabh Mis in ómós do Naomh Pádraig.